Éire le haghaidh a thabhairt ar Shasana i gcluiche iomaíoch den chéad uair le 33 bliain

An Fhionlainn agus an Ghréig na foirne eile a tarraingíodh i nGrúpa 2 de Shraith B ag an tarraingt i bPáras tráthnóna

Éire le haghaidh a thabhairt ar Shasana i gcluiche iomaíoch den chéad uair le 33 bliain

Imreoidh Poblacht na hÉireann in aghaidh Shasana i mbabhta na ngrúpaí i Sraith na Náisiún 2024-2025, an chéad uair ag na comharsana imirt i gcoinne a chéile i gcluiche iomaíoch ó 1991.

Is iad an Fhionlainn agus an Ghréig na foirne eile a tarraingíodh i nGrúpa 2 de Shraith B ag an tarraingt i bPáras tráthnóna. Bhuaigh an Ghréig faoi dhó ar fhoireann na hÉireann sa chomórtas cáilithe do chraobhchomórtas na hEorpa.

Tá foireann na hÉireann gan aon bhainisteoir ó mhí na Samhna nuair a cuireadh deireadh le tréimhse Stephen Kenny.

Tá cuma dheacair ar Ghrúpa 2 agus Sasana ar cheann de na foirne is fearr ar domhan in ainneoin iad a bheith dícháilithe ó Shraith A sa chomórtas  deireanach.

Beidh cluiche baile agus as baile an ghrúpa ar siúl i mí Mheán Fómhair, mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna i mbliana.

Cluiche dúshláin a bhí sa chluiche deireanach idir Sasana agus Poblacht na hÉireann, cluiche in 2020 a bhuaigh Sasana 3-0.

I Márta 1991 a d’imir na foirne a chéile go deireanach i gcluiche iomaíoch.  Comhscór 1-1 a bhí sa chluiche sin i Staid Wembley agus Niall Quinn a fuair cúl na hÉireann.

GRÚPA B2

SASANA
AN FHIONLAINN
POBLACHT NA hÉIREANN
AN GHRÉIG

Fág freagra ar 'Éire le haghaidh a thabhairt ar Shasana i gcluiche iomaíoch den chéad uair le 33 bliain'