Éire i measc na dtíortha is mó ina mbíonn daoine i mbaol suaitheadh intinne ag an obair

Suirbhé déanta ar 1,000 oibrí in Éirinn agus i ngach tír san AE, mar aon le roinnt tíortha eile – Éire ar an séú tír is airde as 34 tír ó thaobh riosca síceasóisialta ag an obair

 

Embarrassed_woman

Léiríonn staidéar nua atá á fhoilsiú ag an ESRI ar maidin go mbíonn an-suaitheadh intinne, drochshláinte agus gortú fisiciúil ag gabháil do dhaoine a ndéantar maistíneacht agus ciapadh orthu ag an obair.

Tá torthaí an pháipéir, ar a dtugtar Workplace Risks and Worker Outcomes from Ireland from a Comparative Perspective, bunaithe ar an eolas is deireanaí atá faighte as an Suirbhé ar Chúinsí Oibre san Eoraip, a bhfuil mionsonraí ann ar chúinsí oibre 1,000 duine i gceithre thír is tríocha (34), Éire ina measc.

Déantar comparáid idir na tíortha ar fad, agus féachtar chomh maith ar a bhfuil de dhifear sna torthaí idir na blianta 2005 agus 2010.

Féachadh ar cheithre chineál riosca nó baol a d’fhéadfadh a bheith roimh dhuine ag an obair, mar atá:

  • Riosca fisiciúil, ar nós uirlisí ag creathadh, innealra, torann ard nó teocht an-ard.
  • Riosca ceimice nó bitheolaíoch, amhail deatach, múchadh, dusta, gal, nó teagmháil le hábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chraiceann duine nó é a fhágáil tinn.
  • Obair fhisiciúil, áit a mbeifí ag iompar daoine nó meáchain throma agus ag úsáid na lámh ar an gcaoi chéanna arís is arís eile.
  • Riosca síceasóisialta, arb é a bheadh i gceist leis ná ciapadh gnéis, foréigean fisiciúil, maistíneacht nó ciapadh de shaghas ar bith ag an obair.

Fuarthas amach nach mbíonn oibrithe fisiciúla in Éirinn i mbaol a ngortaithe chomh mór céanna is a bheadh daoine as tíortha eile sna réimsí oibre a bhaineann le hábhar. Níor bhaol dóibh céimicí ná dochar bitheolaíochta chomh mór céanna ach oiread agus tá Éire ar an dara tír déag is ísle as 34 tír maidir le baol den saghas seo.

Ós a choinne sin, bhí Éire ar an séú tír is airde as 34 tír ó thaobh riosca síceasóisialta, patrún a luíonn le tíortha ina bhfuil go leor airgid.

Faoi mar a bheifí ag súil leis, is mó an baol go ngortófaí duine go fisiciúil agus réimsí oibre áirithe i gceist, mar atá, tógáil, talmhaíocht, foraoiseacht, iascaireacht, mianadóireacht, cairéalacht, déantúsaíocht agus obair láimhe.

Idir 2005 agus 2010, bhí méadú beag ar an mbaol gortaithe do dhuine in Éirinn. A mhalairt a tharla sna tíortha eile a bhí sa suirbhé. Bhí titim bheag sna tíortha ar fad, Éire san áireamh, ar an riosca a bhain le ceimicí nó dochar á dhéanamh do chorp duine.

Bhí laghdú beag ar an mbaol gortaithe a bhaineann le hobair fhisiciúil i leath na dtíortha, ach ní raibh aon athrú ann i leath na dtíortha eile, Éire san áireamh.

Dea-scéala is ea go raibh titim ar an mbaol go ndéanfaí ciapadh nó maistíneacht ag an obair sa chuid is mó de na tíortha a bhí sa suirbhé, an tír seo san áireamh.

Mar sin féin, léiríonn na tórthaí go mbeadh imní agus suaitheadh intinne níos mó ar dhaoine a bhíonn ag plé le hobair ceimice nó bitheolaíochta, obair fhisiciúil nó obair in áit a bhféadfadh maistíneacht nó ciapadh bheith ar siúl ann.

Go deimhin, orthu siúd a dúirt go raibh riosca síceasóisialta rompu ag an obair, thug 50% acu le fios go raibh an tsláinte go dona acu, i gcomparáid le 21% a mbeadh riosca íseal ag baint lena saol oibre.

Is iad na poist is mó a mbíonn baol drochshláinte ag roinnt leo ná na cinn a bhfuil fadhbanna ann maidir le pá, seasmhacht agus cúinsí oibre.

Moltar sa tuarascáil go bhféachfaí chomh géar céanna ar an díobháil intinne a dhéantar do dhaoine ag an obair is a d’fhéachfaí ar ghortú fisiciúil a bhaineann dóibh, agus gur díobháil intinne is mó a bhíonn i gceist san earnáil phoiblí, san earnáil sláinte agus san earnáil obair shóisialta.

Ar deireadh, deirtear sa tuarascáil go bhfuil níos mó cosúlachtaí idir Éirinn agus tíortha eile ná difríochtaí eatarthu. Ag éirí as an méid sin, dúirt údar na tuarascála, Dorothy Watson, “go rachadh sé chun tairbhe dúinn dá bhféachfaimis amach anseo ar straitéisí sláinte agus sábháilteachta ar éirigh leo i dtíortha eile.”

Fág freagra ar 'Éire i measc na dtíortha is mó ina mbíonn daoine i mbaol suaitheadh intinne ag an obair'