Éire faoi scáth an Bhreatimeachta agus éidreoir na gcomharsan

Níl fiú síol réitigh ar an cheist an Bhreatimeachta i Londain agus gan ach trí mhí fágtha go réiteofar í olc, maith nó dona

Éire faoi scáth an Bhreatimeachta agus éidreoir na gcomharsan

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Táimid tinn tuirseach de faoin am seo. Tá a fhios againn go n-imeoidh ár gcomharsana ón Aontas Eorpach ar an 29 Márta 2019, de réir mar a vótáil siad in 2016. Ach níl tuairim ag duine ar bith fós cén sórt imeachta atá beartaithe. Is é sin mura gcuirtear lá an imeachta ar athlá.

Is faoi scáth an Bhreatimeachta faraor a bheidh geilleagar agus saol polaitiúil na hÉireann i mbliana. Ní féidir a bheith cinnte fós cén dochar a dhéanfar dá dheasca san oileán seo, ach dochar a dhéanfar, bíodh sé beag nó mór.

Rinne saineolaithe na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) taighde le gairid ar an mBreatimeacht is contúirtí – Breatimeacht gan mhargadh – ó thaobh leas na hÉireann de. De réir a gcuid meastachán, i gcás dá leithéid bhainfí a leath den ráta fáis 4.2% atá á thuar acu in 2019 sa chás go ndéanfaí margadh.

Bhí rabhadh sa tuairisc go mb’fhéidir go mbeadh an léargas eacnamaíochta níos measa ná mar a thugtar le fios sna figiúirí thuas. Ní féidir a bheith cinnte, más Breatimeacht gan mhargadh atá romhainn, nach mbainfidh lagú muiníne i measc na dtomhaltóirí nó ar na margaí airgeadais croitheadh sa bhreis as geilleagar na hÉireann.

Is mó an damáiste a dhéanfaidh Breatimeacht gan mhargadh i réimsí áirithe, san earnáil talmhaíochta agus bia go háirithe. Is measa freisin an dochar a dhéanfaí do phleanáil airgeadais an rialtais. Mura n-athraíonn meon na gcomharsan, ní féidir dianbheartais gan choinne a chur as an áireamh, ina measc laghdú ar an gcaiteachas a fógraíodh sa Bhuiséad.

Chuir an fáth a thug Micheál Martin agus tacaíocht don rialtas á ghealladh aige le gairid amhras ar mhórán. Fiú má bhreathnaítear ar a ndúirt sé mar leithscéal áisiúil, is léir cheana féin go mbeidh riachtanas amháin soiléir i dTeach Laighean sa ghearrthéarma ar a laghad. Ní foláir tús áite a thabhairt don Bhreatimeacht mar gheall ar an dochar atá ag bagairt ar an tír chomh maith le héidreoir na gcomharsan. Tá reachtaíocht phráinne dréachtaithe cheana féin a chaithfí a rith faoi dheifir dá mba ghá, agus tuilleadh billí le teacht ina diaidh.

Beidh dúshlán a bhaineann leis an scéal céanna ar chlár oibre cheannairí an AE. Conas is féidir teacht ar shocrú buan nó eatramhach le ballstát atá ar tí imeacht nuair nach bhfuil móramh i bparlaimint na tíre sin ar aon tuairim fós faoin socrú a theastaíonn uathu?

Níl fiú síol réitigh ar an gceist sin soiléir fós i Londain agus gan ach trí mhí fágtha go réiteofar í ar dhóigh éigin, olc, maith nó dona.

Taobh amuigh de chúrsaí an Bhreatimeachta, tá bliain vótála romhainn. Vótálfar i mí na Bealtaine sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, agus beidh reifreann amháin ar a laghad againn.

Beidh Fine Gael agus Leo Varadkar faoi bhrú sna toghcháin áitiúla, toisc go raibh Fianna Fáil chun tosaigh orthu i dtoghcháin 2014 agus os cionn 30 suíochán sa bhreis buaite acu ar chomhairlí baile agus contae. Is deacra an gnó a bheidh ag Fianna Fáil sa toghchán Eorpach, toisc nach bhfuil oiread agus ionadaí gníomhach amháin ag an bpáirtí i Strasbourg faoi láthair (Tá Brian Crowley coinnithe i gCorcaigh ag an drochshláinte).

Tabharfaidh ‘bónas’ Breatimeachta cúis dóchais d’iarrthóirí sa toghchán Eorpach, toisc go bhfuil beirt fheisirí Eorpacha sa bhreis le toghadh mar gheall ar an mBreatimeacht. Toghfar ceathrar feisirí Eorpacha (+1) i mBaile Átha Cliath, cúigear (+1) i dtoghcheantar an Deiscirt, agus ceathrar arís i dtoghcheantar an Iarthair agus an Tuaiscirt agus Lár na Tíre.

Ciallaíonn an ‘bónas’ thuasluaite nach mbeidh ionadaithe ón Tuaisceart sa Pharlaimint Eorpach. An ainmneoidh príomhpháirtí ar bith Ultach ón taobh eile den teorainn chun seasamh ó dheas? Ceist a phléifear ó am go ham gan dabht idir seo agus toghchán na Bealtaine.

Ní féidir tionchar an Bhreatimeachta a ligean i ndearmad ach oiread agus an reifreann atá beartaithe chun ceart vótála i dtoghcháin Eorpacha a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha ó thuaidh agus i gcéin á phlé. Cibé cineál Breatimeachta a chuirfear i bhfeidhm, spreagfaidh sé caint ar reifreann i dTuaisceart Éireann ar cheist na teorann.

Dúirt an Taoiseach arís le gairid go bhfuil sé in aghaidh reifreann a reáchtáil ó thuaidh ach beidh Sinn Féin á mholadh go láidir roimh agus i ndiaidh lá an Bhreatimeachta. Beidh polaiteoirí ar an dá thaobh den argóint seo ag faire go géar ar thoradh an reifrinn faoi chearta vótála, go háirithe mura dtugtar tacaíocht láidir don leathnú ar an gceart vótála.

Taobh amuigh de na hábhair thuas, déan talamh slán de go mbeidh ganntanas tithe agus fadhbanna sláinte go hard arís ar chlár oibre an rialtais agus na Dála in 2019. Cuirfear brú faoi leith chomh maith ar an rialtas agus leathnú an chórais leathanbhanda idir dhá cheann na meá.

Beidh athrú aeráide á phlé nuair a fhógróidh Richard Bruton beartais nua chun úsáid charbóin a laghdú agus chun fíneálacha móra a sheachaint. Ainneoin, nó toisc, uachtarán a bheith i gceannas in Washington a shéanann tuairimí agus fianaise a shaineolaithe féin, tuigtear i dTeach Laighean nach féidir neamhshuim a dhéanamh den dainséar is mó atá ag bagairt, fiú agus an Breatimeacht á chur san áireamh.

Trí cheist atá le réiteach ag Richard Bruton, agus ag gach duine a tír ar bhealach pearsanta:

Cén cineál athruithe a mholfar, agus a chuirfear i gcrích?

Má chuirtear i bhfeidhm iad, an athróidh siad an droch-cháil atá ar Éirinn mar thír ina bhfuil truailliú carbóin níos airde ná sa chuid is mó den Aontas Eorpach?

Cé chomh dáiríre a bheas toil an phobail tacú le fíorathruithe ar ár gcleachtais oibre agus mhaireachtála?

Fág freagra ar 'Éire faoi scáth an Bhreatimeachta agus éidreoir na gcomharsan'