Éire ar an dara tír ar domhan chun géarchéim aeráide a fhógairt

Glacadh sa Dáil aréir le moladh a fhágann go bhfuil Éire ar an dara tír ar domhan chun a thromchúisí is atá fadhb an athraithe aeráide a aithint go hoifigiúil

Éire ar an dara tír ar domhan chun géarchéim aeráide a fhógairt

Is í Éire an dara tír ar domhan a bhfuil géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta fógartha aici.

Fianna Fáil a chuir an fógra chun cinn mar leasú ar thuarascáil de chuid an an Oireachtais maidir le conas dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ghlac an Rialtas agus páirtithe an fhreasúra araon leis an leasú. Aontaíodh chomh maith go gcuirfí moltaí phlean gnímh an Oireachtais i dtaobh na haeráide i bhfeidhm.

Ar dhuine de na daoine ba thúisce a chuir fáilte roimh an bhfógra, bhí Greta Thunberg an feachtasóir 16 bliain d’aois a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain mar gheall ar an ngluaiseacht a bhunaigh sí i measc na n-óg chun tabhairt ar cheannairí gníomh a dhéanamh ar son na timpeallachta.

Ba í an Ríocht Aontaithe an chéad tír ar domhan a d’fhógair géarchéim aeráide.

Chuir an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton, fáilte roimh an bhfógra agus dúirt sé gur fíor gurb é an t-athrú aeráide “an dúshlán is mó roimh an gcine daonna”.

Cuireadh fáilte go forleathan roimh an bhfógra ach dúradh chomh maith go raibh sé tábhachtach go ndéanfaí beart de réir briathair anois.

Fág freagra ar 'Éire ar an dara tír ar domhan chun géarchéim aeráide a fhógairt'

  • Sibéal

    Is deascéal é seo. Beart de réir ár mbriathar anois! ?