Albert Einstein a dúirt lá den saol gurb é an sainmhíniú ar a bheith as do mheabhair an rud céanna a dhéanamh arís agus arís eile agus a bheith ag súil le toradh difriúil gach uair. Tá caint an eolaí chlúitigh chomh tráthúil agus a bhí riamh an tseachtain seo nuair a bhreathnaíonn tú ar an díospóireacht faoin ngéarchéim tithíochta atá sa tír.
Teastaíonn 93,000 teach in aghaidh na bliana dar leis stocbhróicéirí Davy i dtuarascáil a d’fhoilsigh siad le laethanta beaga anuas. 80,000 teach a theastaíonn a thógáil ar an meán sa tréimhse seo romhainn a deir an Coimisiúin Tithíochta le freastal ar an éileamh. Gheall páirtithe an rialtais le linn feachtas an olltoghcháin go mbeadh 40,000 míle teach nua ar fáil mar thoradh ar a gcuid oibre an bhliain seo caite. Nuair a foilsíodh na figiúirí oifigiúla ba ghaire do 30,000 a bhí na tithe nua ná an sprioc a bhí luaite. Idir an dá linn cuireadh clár rialtais le chéile a gheallann na mílte teach nua idir seo agus deireadh an chéid.
Cé acu de na figiúirí seo atá cruinn? Cén t-éileamh dáiríre a bheidh ar thithe nuair a chuirtear an t-ardú a thiocfaidh ar an daonra as seo go ceann bliana san áireamh? Gné eile den scéal an scrios a rinne stoirm Éowyn sna seachtainí seo caite agus an obair atógála agus athchóirithe a bheidh le déanamh.
Fágann sin an rialtas i bponc. Níl ag éirí leo tar éis na déaga de bhlianta aghaidh a thabhairt ar fhadhb na tithíochta – is é an rud is mó atá ag luí ar chuid mhaith den phobal nach bhfuil siad in acmhainn teach ar bith a cheannach nó a fháil ar cíos. Cén fáth a mbíonn an oiread fadhbanna ag baint le réiteach a aimsiú?
Cúrsaí pleanála, easpa talún, míshástacht údaráis áitiúla leis na suíomhanna a roghnaítear – sin cuid de na cúiseanna a bhíonn ag polaiteoirí leis na easpa dul chun cinn. Caithfear a admháil go mbíonn fadhbanna ann leis na nithe sin ach caithfear a admháil freisin nach gcuidíonn an siar agus aniar idir polaiteoirí. Bíonn díospóireachtaí rialta sna meáin chumarsáide idir polaiteoirí agus iad ag cur bréaga i leith a chéile faoin méid atá á mholadh acu.
Deir Sinn Féin nach féidir brath ar an rialtas leis na figiúirí ceart a sholáthar mar nach dtuigeann siad an fhadhb. Deir páirtithe an rialtais go bhfuil vóta muiníne faighte acusan ón bpobal san olltoghchán leanúint dá gcuid polasaithe agus gur diúltaíodh scun scan do mholtaí Shinn Féin.
Cé, mar sin, a chumfaidh córas leis an líon tithe a theastaíonn a thógáil? An Coimisiún Tithíochta a mholann 80,000 sa bhliain? An bhfuil ar ár gcumas mar thír a leithéid a dhéanamh? An bhfuil na suíomhanna agus na hoibrithe againn? An dtiocfaidh maoiniú ón Stát nó ar cheart a bheith ag súil le cuidiú ón earnáil phríobháideach mar a mhol an Taoiseach le gairid?
Ag filleadh ar chaint Einstein is mithid a fhiafraí – cén fáth tar éis géarchéim atá ann leis na déaga de bhlianta go bhfuil muid fós ag cur na gceisteanna céanna agus gan mórán dul chun cinn déanta dá mbarr?
Is olc an cheird
Tá talamh a bhfuil poitéinseal aige le haghaidh forbairt tithíochta i mbailte agus i gcathracha i lámha líon beag forbróirí móra agus cistí infheistíochta. Ní mór an cairtéal sin a bhriseadh.
Is féidir tithe réamhdhéanta a cheannach ó chomhlachtaí in Oirthear na hEorpa ar phraghas réasúnta.