Éigse Oirialla le filleadh tar éis breis agus 20 bliain

Déanfar ceiliúradh ar an gceangal a théann i bhfad siar idir Gaeltacht Thír Chonaill agus ceantar Oirialla. Lilis Ó Laoire, Brian Ó Domhnaill agus Máire Ní Choilm i measc na gcainteoirí is na n-amhránaithe a chloisfear ag an Éigse

Beidh an chéad éigse amhrán agus ceoil de chuid Oirialla ar siúl den chéad uair le breis agus 20 bliain anuas in Óstán Granvue, in Ó Méith, Co. Lú, idir an dara lá agus an ceathrú lá de Dheireadh Fómhair.

Féachfar an athuair ar an gceangal a théann i bhfad siar idir na Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill agus ceantar Oirialla. Beidh amhránaithe agus ceoltóirí ón dá cheantar ag teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas amhráin agus cheol uirlise Chúige Uladh faoi mar a léirítear é sna lámhscríbhinní a bailíodh in Oirialla tráth dá raibh.

Orthu siúd a bheidh páirteach ann, tá an Dr Lillis Ó Laoire, as Gort a’ Choirce, Brian Ó Domhnaill, as Anagaire, Máire Ní Choilm as Gaoth Dobhair, Clann Mhic Ruairí, as Rann na Feirste, agus Geraldine Bradley as Co. Ard Mhacha. 

Is é an t-iriseoir Tomaí Ó Conghaile a dhéanfaidh oscailt oifigiúil na héigse ag a seacht a chlog Dé hAoine, an 2 Deireadh Fómhair. Beidh ceolchoirm le muintir Mhic Ruairí ann ina dhiaidh sin.

Ar an Satharn ansin, déanfaidh an Dr Lillis Ó Laoire scagadh ar an gceangal ceoil agus amhrán a bhíodh idir ceantair éagsúla i ‘Sean-Ghaeltacht na nUltach’ agus caithfidh Éamonn Ó hUallacháin súil siar ar Éigse Oirialla idir na blianta 1969-1994.

Beidh deis acu siúd a fhreastalóidh ar an éigse roinnt amhrán as Tír Chonaill agus Oirialla a fhoghlaim sa cheardlann oscailte a bheidh ar siúl idir 4.30 – 5.30 ar an lá céanna, Dé Sathairn.

Níl sa mhéid sin ach blaiseadh beag den chaint agus den cheol a chloisfear le linn na deireadh seachtaine.

Is féidir liosta na n-imeachtaí go léir a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Éigse Oirialla le filleadh tar éis breis agus 20 bliain'