Éiginnteacht a chothaíonn aighneas san iománaíocht

Aithnímid gur spórt iontach í an iománaíocht ach tá sí ag forbairt agus ag athrú an t-am ar fad ach oiread le haon spórt eile

Éiginnteacht a chothaíonn aighneas san iománaíocht

Fergal Horgan i mbun réiteoireachta i gcluiche leathcheannais na hÉireann idir Baile Héil agus Sleacht Néill. Pictiúr: NPHO/Ryan Byrne

Chuala mé beirt faoi agallamh ar na meáin le déanaí faoin gcárta dubh agus bosca na bpeacaí atá á úsáid sa pheil i mbliana a thabhairt isteach san iomáint. Bhí sé spéisiúil gur beirt chosantóirí a bhí i gceist agus go raibh an bheirt acu i gcoinne an mholta. Cén fáth nach mbeadh, a deir tú? Tá Joey Holden Chill Chainnigh agus Chris Crummey Bhaile Átha Cliath breá sásta leis an iomáint mar atá sí agus ní fheiceann siad aon ghá le hathruithe ar na rialacha.

Agus ansin ar an Domhnach, agus an cluiche caillte ag Cill Chainnigh i gcoinne Loch Garman, bhí Brian Cody ar aon tuairim leo agus é glan i gcoinne aon athrú ar na rialacha. I ndiaidh an chluiche chéanna bhí bainisteoir Loch Garman Davy Fitzgerald den tuairim go raibh stuaim níos mó ag teastáil ós na réiteoirí agus dúirt sé go raibh sé go mór i bhfabhar níos lú pocanna saora, ligint don imirt agus gan a bheith ag séidéadh rómhinic.

Aithnímid gur spórt iontach í an iománaíocht ach tá sí ag forbairt agus ag athrú an t-am ar fad ach oiread le haon spórt eile.Tá athruithe ollmhóra tagtha ar an iomáint le deich mbliana. Tá an cluiche i bhfad níos tapúla ná mar a bhíodh sé. Tá an-bhéim ar an tseilbh agus ar sheilbh na liathróide a choiméad. Tá i bhfad níos mó úsáide á baint as an bpas láimhe, cuid maith di go mídhleathach. Tá na himreoirí i bhfad níos láidre. Bíonn go leor réamhoibre déanta ar na pocanna amach. Bíonn ar imreoirí óga na linne seo, ó bhíonn siad dhá bhliain déag go cúig bliana déag, a bheith ilfheidhmeach agus a bheith sásta agus ábalta imirt in aon ionad ar an bpáirc. Déanann foirne mionscagadh roimh agus i ndiaidh cluichí.

Ach beag beann ar pé tuairim a léiríonn bainisteoirí agus imreoirí, tá an tsoiniciúlacht ag teacht isteach san iománaíocht beagán ar bheagán. Bíonn an bhéim go léir ar an mbua sa spórt idirchontae agus tá imreoirí sásta pé beart a bhíonn ag teastáil a dhéanamh chun an bua a fháil, fiú más imirt shoinicúil a bhíonn i gceist.

Minic go leor a chloisimid an frása ‘íobairt a dhéanamh ar son na foirne’, nuair a tharraingítear imreoir chun talún agus é ar tí cúl a scóráil.

I mo thuairim féin, chomh fada agus a bhaineann sé le rialacha, níor cheart go mbeadh aon éiginnteacht ag baint leo, is é an ‘grey area’ sin a chothaíonn aighneas. Caithfidh na rialacha a bheith soiléir agus léamh amháin a bheith orthu ó thaobh réiteoirí, bainisteoiri agus imreoirí. Sin ceann des na buanna atá ag an rugbaí. Tuigeann na rannpháirtithe go réir na rialacha agus na pionóis agus tríd is tríd cloítear leo.

Beidh díospóireacht ar cheist an cárta dhuibh agus cúpla moladh eile ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an Satharn seo chugainn agus beidh cinntí le déanamh. Tá súil agam go bpléifear na hábhair go hoscailte agus go mion agus go ndéanfar cinntí ar mhaithe leis an spórt agus na himreoirí, pé acu tosaithe nó cúlaithe iad.

Beidh aicsean na sraithe ag leanúint ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus Babhta 4 ar siúl. Beidh dhá cluiche thar a bheith suimiúil ar siúl anocht agus foirne Laighean ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Sa bhaile a bheidh Áth Cliath in éadan Loch Garman agus rachaidh Ceatharlach go Port Laoise chun tabhairt faoin bhfoireann bhaile agus a gcéad phointí ag teastáil ón dá fhoireann.

Beidh Luimneach cois Laoi amárach, Gaillimh sna Déise, an Iarmhí i nDurlas Éile agus beidh ar an gClár dul as baile agus iad ag iarraidh fanacht ar bharr an tábla i gcoinne Chill Chainnigh.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht a chothaíonn aighneas san iománaíocht'