Easpa téagair in Downton Abbey Nua-Eabhrac

Níl mórán téagair sa tsraith seo ach ní rabhamar ag súil lena mhalairt agus bainfidh lucht leanta Julian Fellowes sásamh as an saothar is déanaí uaidh

Easpa téagair in Downton Abbey Nua-Eabhrac

Bhí cad é éileamh ar an sé shéasúr den tsraith Downton Abbey agus an scannán a tháinig ina diaidh; go deimhin beidh scannán leantach chugainn i mí na Márta. D’éirigh le saothar Julian Fellowes léargas taitneamhach, éadromchroíoch a thabhairt ar éirí in airde agus cur i gcéill uasaicme Shasana ag tosach na fichiú aoise. Cé gur dream ardnósach iad ar lú leo an sioc ná obair chrua d’éirigh le Fellowes gean a chothú ionainn dóibh. Bhíothas ann a bhain súp as tithe agus éadaí galánta gan trácht ar an dríodar cainte agus gothaí áiféiseacha. Bhí dúil ag an bPoncánach féin sa chúram agus seo chugainn é le Downton Nua Eabhrac, The Gilded Age (Sky Atlantic agus Now TV).  Tá an tsraith seo lonnaithe i dtréimhse anamúil an teidil agus éachtaint á fáil againn ar mhaithe is móruaisle na cathrach.

Sa chéad seat címid scata caorach ag iníor agus cairt is capall ag gabháil tharstu. Cuirtear in iúl gurb é seo Central Park na bliana 1882. Saol eile ar fad mise á rá leat. Muintir Ruiséal ag bogadh isteach i bpálás de theach ar chúinne East 61st Street agus  5th Avenue. Sa chéad ghála cuirtear abhaile arís arís eile go bhfuil dhá dhream le hairgead mór i Nua Eabhrac. An dream úd a bhí i bhfeighil ó leandáil an Mayflower agus an dream nua, na bithiúnaigh ghnó.

Duine díobh sin is ea an boc mór iarnród George Russell (Morgan Spector) agus is duine uaillmhianach, tiufáilte a bhean Bertha (Carrie Coon) agus í ar a croí díchill ag iarraidh a slí a ghuailleáil isteach go mínáireach i measc lucht an tseanairgid. Tá beirt díobh siúd trasna an bhóthair, na deirfiúracha Agnes (Christine Baranski) agus Ada (Cynthia Nixon) agus níl aon namhaid acu ach teaspach a gcomharsan. Tagann neacht leo Marian (Louisa Jacobson) chun cónaithe leo agus tá dream óg aníos trasna an bhóthair chomh maith. Beith an tsraith bunaithe ar eachtraí and dá ghlúin mar sin is léir.

Taispeántais bhreátha le sonrú. Tugann Baranski agus Nixon taispeántais iontacha uathu; duine acu smachtúil, ardnósach (ach geanúil mar sin féin) agus an bhean eile, a raibh sé de phribhléid aici “saol geanmnaí agus suaimhneach a chaitheamh mar bhean shingil.”

Tugtar léargais áirithe ar shaol na tréimhse; gustal na mbithiúnach gnó, fás na cathrach agus ciníochas, ach ní hiad seo na téamaí a shantaíonn Fellowes agus a lucht leanta ach a bheith ag cúléisteacht le dríodar cainte ardnósach gan dealramh. Ar an drochuair an duine is mó a léiríonn dearcadh ciníoch ná an cailín aimsire Éireannach. Iarracht thútach léargas a thabhairt ar theannais shochaí na linne.

Ar ábhar eile mar go raibh Downton sáite sa tigh mór agus sa bhaile beag codlatach in aice láimhe b’fhurasta saol na tréimhse a shamhlú dúinn. Tá an saothar seo ag iarraidh cathair mhór shainiúil bhríomhar a chur os ár gcomhair. Cuireann sin straein thar na bearta ar acmhainní agus tá cuma na hainnise ar chuid de na maisiúcháin.

Níl mórán téagair sa tsraith seo ach ní rabhamar ag súil lena mhalairt agus bainfidh lucht leanta Julian Fellowes sásamh as an saothar is déanaí uaidh.

Fág freagra ar 'Easpa téagair in Downton Abbey Nua-Eabhrac'