‘Easpa measa’ léirithe ag Bruton ar an nGaeilge i moltaí reachtaíochta

Dar le hÉamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur údar iontais amach is amach é nach ndearna Bruton “moladh ar bith faoin nGaeilge” agus moltaí i dtaobh reachtaíochta nua á fógairt aige

‘Easpa measa’ léirithe ag Bruton ar an nGaeilge i moltaí reachtaíochta

Tá ráite ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil “drochmheas” léirithe ag an Aire Cumarsáide Richard Bruton ar an nGaeilge sa reachtaíocht nua chraolacháin.

Dar le hÉamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur údar iontais amach is amach é nach ndearna Bruton “moladh ar bith faoin nGaeilge” agus an reachtaíocht nua á fógairt aige.

Chuir Ó Cuív i leith an Aire go bhfuil “neamhaird” tugtha aige ar thuarascáil Choiste Oireachtas na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chúrsaí craoltóireachta.

Deirtear sa tuarascáil sin, a foilsíodh mí an Mheithimh, go bhfuil “géarchéim” ann maidir leis an soláthar a dhéantar don Ghaeilge i gcúrsaí craoltóireachta, de réir tuarascáil nua ó Thithe an Oireachtais.

De réir na tuarascála, is ar gcúl atá an Ghaeilge ag dul sa chraoltóireacht ó foilsíodh in 2010 an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Maítear go bhfuil dhá mhórfhadhb ann maidir leis an nGaeilge i gcúrsaí craoltóireachta – easpa ábhair i nGaeilge agus easpa lucht féachana agus lucht éisteachta d’ábhar Gaeilge.

Déantar sraith moltaí sa tuarascáil ag an gcoiste Oireachtais a bhfuil an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ina Cathaoirleach air, moltaí nár spéis leis an Aire Cumarsáide iad, dar le hÉamon Ó Cuív.


“Bhí craoltóireacht na Gaeilge i gcroílár straitéis 20 bliain na Gaeilge agus tá neamhaird déanta arís eile air seo. Sa tuarascáil ón gCoiste Oireachtais tá 18 moladh ann, cuid acu a bhaineann le leasú an Achta Craolacháin.

“Sa chéad mholadh, dúradh gur chóir go dtreiseofaí ar bhonn práinne na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009 chun go mbeadh ar chumas an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann,  polasaithe Gaeilge gníomhacha a fhorbairt i bpáirt le craoltóirí an Stáit.

“Moladh chomh maith go n-aithneodh an reachtaíocht chraolacháin na bundualgais maidir leis an nGaeilge in aon sainmhíniú nua ar cad is craoltóireacht seirbhíse poiblí ann,” a deir an t-iar-aire.

Dúirt Ó Cuív go raibh amhras air an raibh plé ar bith ag an Aire Cumarsáide le hAire na Gaeltachta, Josepha Madigan, faoin ngá le “cosaint níos láidre” a thabhairt don Ghaeilge sa reachtaíocht sular fhoilsigh sé a chuid moltaí.

“Deirtear i gcónaí linn go mbeidh cur chuige comhtháite ann maidir leis an nGaeilge, ach tá an chuma ar chúrsaí arís gur mórchuid cainte agus gannchuid gnímh atá ar bun ag an Rialtas, mar is iondúil leo,” a dúirt an teachta Dála.

D’iarr Ó Cuív ar Aire na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a chinntiú go ndéanfar soláthar ceart don Ghaeilge san Acht Craolacháin.

Ba chóir do Choiste Gaeilge agus Coiste Cumarsáide an Oireachtais an cheist seo a scagadh sa bhfómhar, dar leis an Teachta Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Easpa measa’ léirithe ag Bruton ar an nGaeilge i moltaí reachtaíochta'

  • Béal bán agus cur i gcéill

    Is rialtas FFFG a lig do caighdeán na craoltóireachta Ghaeilge a dhul ar chúl.