Tá sé deimhnithe ag TG4 nach mbeidh aon mhórdhíospóireacht olltoghcháin á craoladh acu i mbliana.
Tá trí bliana déag ann ó bhí díospóireacht na gceannairí ar TG4 agus tá ocht mbliana ann ó ghlac ceannairí na mórpháirtithe páirt in agallaimh réamhthoghcháin ar an stáisiún.
Meastar gurb é Micheál Martin, Fianna Fail, an t-aon cheannaire mórpháirtí faoi láthair a bhfuil dóthain Gaeilge aige chun páirt a ghlacadh i mórdhíospóireacht teilifíse. Tá feabhas curtha ag Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, ar a cuid Gaeilge agus bíonn sí le cloisteáil i mbun agallamh gearr ar na meáin Ghaeilge. Níl labhairt na Gaeilge ag an Taoiseach Simon Harris.
Craoladh Díospóireacht na gCeannairí ar TG4 roimh Olltoghchán 2011 tráth a raibh Gaeilge ag ceannairí na dtrí mhórpháirtí – Micheál Martin (Fianna Fáil), Enda Kenny (Fine Gael), agus Eamonn Gilmore (Páirtí an Lucht Oibre). Thuill an díospóireacht sin ardmholadh agus mórchuid poiblíochta don stáisiún.
Ní raibh a ndóthain Gaeilge ag beirt de cheannairí na bpáirtithe in 2016 – Joan Burton (Páirtí an Lucht Oibre) agus Gerry Adams (Sinn Féin) – le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht bheo.
Moladh go ndéanfadh Pearse Doherty ionadaíocht ar Adams agus go ndéanfadh Aodhán Ó Ríordáin ionadaíocht ar Burton ach níor glacadh leis an moladh sin. Sa deireadh, craoladh “dian-agallaimh” aonair le ceannairí agus ionadaithe sinsearacha na mórpháirtithe in ionad díospóireacht na gceannairí.
D’Olltoghchán 2024, tá ceithre phobalbhreith coimisiúnaithe ag TG4 ón gcomhlacht taighde margaidh Ipsos B&A sna dáilcheantair ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta is mó – Gaillimh Thiar, Dún na nGall, Maigh Eo, agus Ciarraí. Fógrófar torthaí na bpobalbhreitheanna sin ar Nuacht TG4 idir an 14 Samhain agus an 26 Samhain. Déanfaidh láithreoirí nuachta an stáisiúin náisiúnta, Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt, “anailís ar thorthaí gach Dáilcheantair agus beidh painéalaithe agus saineolaithe ina dteannta”.
Craolfar torthaí Ghaillimh Thiar ar an 14 Samhain, torthaí Dhún na nGall ar an 19 Samhain, torthaí Mhaigh Eo ar an 21 Samhain, agus torthaí Chiarraí ar an 26 Samhain. Reáchtálfar Olltoghchán 2024 ar an 29 Samhain. Thug urlabhraí de chuid TG4 le fios do Tuairisc chomh maith go mbeidh “clúdach ar an gcomhaireamh ar an 30 Samhain agus an 1 Nollaig”.
Fág freagra ar 'Easpa Gaeilge na gceannairí ina bac roimh dhíospóireacht don tríú toghchán as a chéile'