Tá sé ráite ag duine de na hoifigigh pleanála teanga atá ag obair i nGaeltacht na Gaillimhe nach bhfuil “ciall” leis na teorainneacha a leagadh amach do na limistéir pleanála teanga agus go bhfuil sé dúshlánach teacht ar chainteoirí dúchais Gaeilge i gcuid de na limistéir pleanála teanga.
Agus é ag labhairt leis an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí, dúirt Ciarán Ó Tiarnaigh go raibh sé “an-deacair” teacht ar chainteoirí dúchais Gaeilge ar an gCarn Mór, ceantar lag Gaeltachta atá faoina chúram mar oifigeach pleanála teanga. Tá Ó Tiarnaigh ina oifigeach pleanála teanga do Limistéar Pleanála Teanga an Eachréidh in oirthear na Gaillimhe.
Laistigh dá cheantar oibre tá trí mhór-ionad daonra – Eanach Dhúin ar bhruach Loch Coirib, Baile Chláir na Gaillimhe ar Bhóthar Thuama agus an Carn Mór ar bhruach thoir chathair na Gaillimhe.
Dúirt Ó Tiarnaigh go ndearna taifeadadh ar na cainteoirí dúchais a bhí fanta ar an Eachréidh anuraidh agus gur éirigh leis an bhfoireann teacht ar chainteoirí in Eanach Dhúin agus i mBaile Chláir na Gaillimhe ach go raibh sé “an-deacair [acu] teacht ar aon duine as an gCarn Mór”.
“Tá saghas pócaí nó áiteanna a bhfuil an Ghaeilge fós níos láidre ná in áiteanna eile. Tháinig muid ar sheandaoine iontacha as Eanach Dhúin ach ní raibh siad ann ar an gCarn Mór. Uaireanta níl ciall leis na teorainneacha seo ó thaobh na Gaeltachta de,” a dúirt sé.
Dúirt sé go mbíonn sé féin agus an t-oifigeach pleanála teanga sa Bhruach Thoir, Tomás Ó hÓgáin, ag obair as lámha a chéile go minic agus go mbíonn pobal an Eachréidh ag freastal ar imeacht i gceantar an Bhruaigh Thoir agus vice-versa.
“Tagann muid le chéile agus tá daoine anseo agus téann siad go dtí imeachtaí sa chathair. Mar an gcéanna, tagann daoine as an mBruach Thoir nó Mionlach amach anseo.
“Uaireanta ní ciall fiú leis an limistéar pleanála teanga atá ann go hoifigiúil, ach sin an ceantar atá againn – Eanach Dhúin, an Carn Mór, agus Baile Chláir,” a dúirt sé.
De réir Dhaonáireamh 2022 tá 50 cainteoir Gaeilge, nó 2% den daonra, ar an gCarn Mór. Is ionann é sin, a bheag nó a mhór, agus an líon cainteoirí Gaeilge atá i mBaile Chláir na Gaillimhe – 52 cainteoir, nó 2% den daonra – agus in Eanach Dhúin – 53 cainteoir, nó 3% den daonra. De réir an daonáirimh chéanna, bhí 152 cainteoir Gaeilge (3%) i Mionlach.
Gearóid Ó Fathaigh
Sna 201oí a fuair na cainteoirí deireanacha bás ar an gCarn Mór sílim – ní dóigh liom go bhfuil aon leathchainteoirí ann anois – fuair Mícheál Ó hEidhin bás thiar in 2009, ar dhuine de na cainteoirí aitheanta deireanacha é, beannacht lena anam.
Spailpín ar an Achréidh
Tá cainteoirí dúchais thart fós go cinnte! Tá aithne agam ar dhuine amháin acu.
Pól Ó Braoin
Teastaíonn teorannacha na Gaeltachta a athrú chun na háiteanna a labhraítear an Ghaeilge iontú a chlúdach agus na háiteanna sin amháin seachas maoiniú gann na gaeltachta a thuaslagadh agus a chur amú in áiteanna ar nós Maigh Cuilinn agus a leithéide.