Easaontas faoin tionchar a bheadh ag breis scoláireachtaí ar an nGaeilge ar na hoileáin Árann

Caitheann suas le 30 dalta iarbhunscoile ón mórthír scoilbhliain i gColáiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, nó  Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin

Easaontas faoin tionchar a bheadh ag breis scoláireachtaí ar an nGaeilge ar na hoileáin Árann

Tá easaontas idir Aire Stáit na Gaeltachta agus iar-aire Gaeltachta faoin tionchar a bheadh ag breis scoláireachtaí chuig na hoileáin Árann ar staid na Gaeilge iontu.

Deir Aire Stáít na Gaeltachta Seán Kyne nach bhfuil sé i gceist cur le líon na scoláireachtaí a chuirtear ar fáil do dhaltaí iarbhunscoile ón mórthír chun bliain a chaitheamh ar oileáin Árann ar fhaitíos go lagófaí an Ghaeilge mar phríomhtheanga scoileanna na n-oileán Gaeltachta.

Ach dar le hiar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach ndéanfadh sé aon difríocht cur leis an 30 scoláireacht a cheadaítear faoin scéim faoi láthair.

“Tá an-díomá orm faoin gcinneadh seo. Tá na scoileanna seo ag brath go mór ar na scoláireachtaí seo ó thaobh uimhreacha le go mbeadh pobal scoile inmharthana acu.

“Is cinnte go bhféadfadh bagairt a bheith ann don Ghaeilge i gcásanna mar seo ach táim sásta go bhfuil na scoileanna aireach a ndóthain faoi sin agus má bhíonn na hacmhainní cearta na dúshláin teanga a láimhseáil níl sé ag dul ag déanamh aon difríocht. Chomh maith leis sin is daltaí díograiseacha ó thaobh na teanga a thagann ar na scoláireachtaí seo.”

Bhí Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag iarraidh go gcuirfí le líon na scoláireachtaí cónaithe a thugann deis do scoláirí tréimhse a chaitheamh i gColáiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, nó  Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Ach dúirt an tAire Stáit gurbh amhlaidh go ndéanfadh sin dochar don Ghaeilge sna scoileanna.

“Ar ndóigh, is gá tosca teanga a chur san áireamh mar is cuí sa socrú seo trí chéile ar mhaithe le féachaint chuige go bhfanfaidh an Ghaeilge mar theanga fheidhmiúil in uachtar sna scoileanna i gceist. Ar an údar sin, níl i gceist aon leasú a dhéanamh ar an uaslíon de dheichniúr scoláirí in aghaidh na scoile atá i bhfeidhm faoi láthair,” a dúirt Séan Kyne i bhfreagra ar cheist Dála.

Cheadaigh an tAire Stáit an mhí seo caite €450,000 thar thréimhse trí bliana don scéim faoina n-íoctar deontas le teaghlaigh ar oileáin Árann chun lóistín a chur ar fáil do dhaltaí scoile ón mórthír.

Faoin scéim seo, ar cuireadh tús léi in 2007, caitheann suas le 30 dalta iarbhunscoile ón mórthír scoilbhliain i gColáiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, nó  Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Íoctar leis na teaghlaigh a mbíonn na daltaí ag fanacht leo €27 in aghaidh an dalta in aghaidh an lae.

Fág freagra ar 'Easaontas faoin tionchar a bheadh ag breis scoláireachtaí ar an nGaeilge ar na hoileáin Árann'

  • Fionnbarra

    Ceapaim go bhfuil Seán Kyne ag déanamh jab maith mar Aire ach, sa chás seo, aontaím le Iar-Aire Ó Cuiv. Ba chóir an scéim seo a leatnú amach níos mó, bheadh sin go maith don Ghaeilge ar fud na tíre, go maith do na scoileanna seo sa Ghaeltacht agus go maith don gheallagar áitiúil.

  • Pádraig Ó Murchú

    Aontáim leat

  • Máirtín Ó Maolmhuaidh

    Tá gach rud ráite ag Fionnbsrra, dar liom.