Éalú ar bith ón mBreatimeacht, sáinn Stormont agus oidhreacht na dTrioblóidí

Is iomaí scéal a fágadh gan réiteach ó thuaidh in 2019, go leor acu a bheidh ina gcnámh spairne arís i mbliana

Éalú ar bith ón mBreatimeacht, sáinn Stormont agus oidhreacht na dTrioblóidí

Le trí bliana go leith ní raibh aon stad ar an bplé faoin mBreatimeacht, ná ní raibh aon fhaoiseamh uaidh, agus a thuilleadh atá i ndán dúinn in 2020. Tá cor nua curtha sa scéal ag ollbhua Boris Johnson agus na Caomhaigh san olltoghchán.

Is cosúil go mbeidh bús faoin dtogra imeachta feasta.

Tá trí spriocdháta leagtha síos do 2020 agus ní baol don chéad sprioc, go dtiocfadh an Breatimeacht i bhfeidhm go hoifigiúil faoin 31 Eanáir. Seo an dáta imeachta agus caithfidh Parlaimint Westminster glacadh leis an margadh aistarraingthe a rinneadh leis an Aontas Eorpach agus reachtaíocht riachtanach a rith in am don sprioc seo.

An í seo mar sin an bhliain nuair a chomhlíonfar spriocanna, murab ionann agus 2019 nuair a loiceadh ar gach ceann?

An 30 Meitheamh an dara sprioc. Tá go dtí an lá seo ag an Ríocht Aontaithe síneadh ama a iarraidh ar an Aontas Eorpach le haghaidh na hidirbheartaíochta faoin gcaidreamh eatarthu amach anseo.

An 31 Nollaig 2020 an tríú spriocdháta. Faoin lá seo a chaithfidh bailchríoch a bheith curtha ar gach socrú agus aisling (nó ábhar tromluí, do rogha féin) maidir leis an mBreatimeacht a bheith fíoraithe.

Is iomaí saineolaí a cheapann gur spriocanna nach féidir a bhaint amach iad sin agus fiú dá bhféadfaí iad a bhaint amach go mbeadh margáil fós ar siúl go ceann blianta. Thairis sin ní féidir imeacht aontaobhach, gan margadh leis an mBruiséil, a chur as an áireamh, cor a bheadh tubaisteach do Thuaisceart Éireann.

Beidh an tír seo, thuaidh agus theas, ag dul i ngleic le hiarmhairtí an Bhreatimeachta go buan. Ní údar uchtaigh é ó thuaidh rialtas Leo Varadkar a bheith ar leaba a bháis ag tráth cinniúnach mar seo. Bhí lucht frithBhreatimeachta sásta le seasamh an rialtais ó dheas, go háirithe nuair a bhí an DUP in Westminster ag déanamh beag is fiú de thoil an mhóraimh abhus a vótáil chun fanacht san AE. Cúis imní é anois áfach cén tionchar a bheidh ag feachtas olltoghcháin ó dheas ar a gcás.

Tá gá le cinnteacht, ach tá sé deacair ciall a bhaint as an ngleo.

Mar a bhí an t-am seo anuraidh tá easpa treorach ó Stormont. Ar an 16 Eanáir beidh trí bliana caite gan aon rialtas ann. Deir na polaiteoirí go léir go dteastaíonn uathu a dhul i mbun oibre ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Tá siad ag caint  arís ach an t-am seo tá toghchán á bhagairt mura mbíonn cruthúnas ar fáil faoin 13 Eanáir go bhfuil sé ar chumas na bpáirtithe comhghéilleadh agus comhréiteach a dhéanamh. ’Sé an 13 Eanáir dáta éaga na reachtaíochta éigeandála a chuir toghchán an Tionóil ar an méar fhada. Ní raibh an Státrúnaí Julian Smith toilteanach síneadh ama eile a cheadú.

Port coitianta é, i measc aontachtaithe go háirithe ach ag daoine eile freisin, nach bhfuil rud ar bith ach éileamh ar acht Gaeilge ag cur bac ar athnuachan Stormont. Ní fíor. Ní bheadh ciall ar bith le Feidhmeannas a athbhunú gan a chinntiú go mbeadh athrú ó bhonn ar na cleachtais a nocht fiosrú an RHI a bhí i réim nuair a bhí an DUP agus Sinn Féin ag roinnt na cumhachta: mí-úsáid an veto, easpa taifead agus miontuairiscí, eolas á cheilt agus rósmacht ag comhairleoirí neamhthofa, gan ach beagán a lua.

Bhí súil le tuarascáil an fhiosraithe phoiblí ar RHI ón mBreitheamh Coghlin sa bhfómhar. Níor foilsíodh fós í, áfach. Ar ndóigh is cineál spórt poiblí é a bheith ag liostú na ndaoine a cháinfear as an bpraiseach chostasach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite.

Tá leigheas an chórais níos tábhachtaí ná a bheith ag milleánú airí, comhairleoirí, státseirbhíseach agus a gcairde. Déantar talamh slán de go mbeidh moltaí san tuarascáil faoi na scothchleachtais atá riachtanach. Ina measc sin, níor mhór go mbeadh bealach molta chun stop a chur leis na droch-chleachtais a bhí coitianta agus chun pionós a ghearradh, seachas titim an Fheidhmeannais, má bhaintear triail astu arís.

Chuir imeachtaí i mí na Nollag brú breise ar na páirtithe logánta chomh maith leis an dá rialtas chun deireadh a chur leis an bpairilis. Tháinig an ghéarchéim sa tseirbhís sláinte go cnámh na huillinne. Chuaigh oibrithe ar stailc, bhí altraí ag obair de réir rialach agus tháinig méadú as cuimse ar fad ar línte feithimh. Tá ganntanas mór altraí sna hospidéil mar a bhfuil rátaí pá níos ísle ná sa Bhreatain agus an fhoireann ag tabhairt foláirimh le blianta go mbeadh othair i mbaol de bharr easpa foirne.

I ndeireadh an earraigh seo chugainn beidh deireadh leis an bhfaoiseamh ó chruatan a fuair daoine atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá brú ar lear mór daoine sa chóras sin cheana féin ach beidh éigeandáil ann faoi Aibreán mura ndéantar idirghabháil roimhe sin. Mar a chéile an scéal sa chóras oideachais, scoileanna ag fógairt gur gearr go mbeidh siad bancbhriste.

Tá ceisteanna faoi oidhreacht na dtrioblóidí fós gan réiteach, íobartaigh ag dul i muinín na gcúirteanna go minic cheal aon cheann de na beartais a gealladh in Stormont blianta ó shin. Tá gluaiseacht sa Bhreatain chun saoirse ó fhiosrú agus ó chúiseamh a thabhairt d’iarshaighdiúirí agus póilíní – beart nach féidir a dhéanamh go haontaobhach faoin dlí idirnáisiúnta. Chiallódh sé sin go gcaithfí paraimíleataigh a chur san áireamh. Is iad na híobartaigh a bheadh thíos leis an iomlán.

Tá an saighdiúir ‘F’, an t-aon duine atá cúisithe as marú agus iarrachtaí dúnmharaithe ar Dhomhnach na Fola, le bheith os comhair cúirte go luath. Sa chúirt i mBéal Feirste tá an t-ionchoisne faoi Shléacht Bhaile Uí Mhurchú 1971 ag druidim chun críche. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh oidhreacht na dTrioblóidí ina cnámh spairne arís in 2020.

Fág freagra ar 'Éalú ar bith ón mBreatimeacht, sáinn Stormont agus oidhreacht na dTrioblóidí'

  • An Teanga Bheo

    Dúírt fear liom thart ar 1970 go raibh reabhlóid sa nGaeltacht agus sna 6 condae nach fíor an chaint í inniu!