Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí

Léiríonn ‘Súil an Daill’, an sár-úrscéal is déanaí ó Dharach Ó Scolaí, gur fánach an t-athrú atá tagtha ar mheon an duine le beagnach 500 bliain

Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí

Súil an Daill
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac €18

Ag breathnú ar fhearcheannairí an lae inniu dom agus iad ar a mbionda ag fógairt a gcumais is a bhfearúlachta, d’éalaigh m’intinn siar go Tír Eoghain sa séú haois déag agus an léamh atá ar an saol sin sa leabhar iontach Súil an Daill le Darach Ó Scolaí. 

Tá súil agam go maithfidh Conchúr Mac Ardail agus Darach Ó Scolaí dom gur iomaí sciuird tugtha agam faoin leabhar seo cheana ach go slogadh scraith ghlugair na staire agus na sanasaíochta mé. 

Beageolas is gannspéis i saol na n-uasal i dTir Eoghain an tséú céad déag siocair na fánaíochta sin ach creid é nó ná creid, Putin agus Zelensky a sheol ar ais go dtí cleas Thír Eoghain mé. 

Nach aisteach go deo an rud le rá é ach is fánach an t-athrú atá tagtha ar mheon an duine le beagnach 500 bliain.

Tráth a bhfuil an-ráchairt ar chláracha teilifíse faoi shaol na n-uasal, deirimse leat go bhfuil sraith mhór i bhfolach sa saol a chleacht Conn Bacach Ó Néill agus a dhream i 1539, nó léamh Uí Scolaí orthu ar aon nós.

Tá na téamaí móra uilig san úrscéal seo – uisce faoi thalamh, mná meabhracha, díoltas, saint, iomaíocht teaghlaigh, briseadh gealltanas, cleamhnais, agus cá bhfágfainn an lútáil ar lucht na cumhachta. 

Istigh ina lár tá an cléireach agus an feidhmeannach Conchúr Mac Ardail, baintreach a bhfuil slí bheatha le saothrú aige agus muirín le cur i gcrích. 

Dá uaisle a mhian do thiarnas Uí Néill, tuigeann sé gurb é an té a íocann an píobaire a phiocann an port. Is maith ann scoileanna, fealsúnacht, oideachas clasaiceach agus droichid ach is tábhachtaí agus is práinní éiric a bhaint as an namhaid, fiú má íocann do mhuintir, do chlann agus do chairde go daor as do chuid díomais. 

Má bhíonn tú liom bí liom go bás. Is mise an tiarna agus glac le mo chuid orduithe nó cacfaidh tú caol. 

Éiríonn le Darach Ó Scolaí na daoine seo a chur ag caint beo beathach ar an mbileog os mo chomhair. D’ainneoin meon agus aidhmeanna acu atá contráilte ar fad lena gcreidim, tuigim do Chonchúr Mac Ardail agus é ag iarraidh a sheolta a mhaolú leis an máistir a shásamh, más luaineach taghdach féin an boc sin. 

Gné den úrscéal a chuaigh i bhfeidhm go mór orm féin ná stuaim agus éirim na mban, buanna a séantar aitheantas dóibh sna cuntais staire. Is féidir le Conchúr Mac Ardail a bheith ag sodar anseo is ansiúd ar ordú a mháistrí mar tá Sadhbh, go cumasach tíobhasach sa mbaile i mbun cúraimí tí, teaghlaigh is faoisimh agus comhairle mhaith aici ach éisteacht a fháil. Onóra léannta, céile Fheilimí Caoch, mac Chonn Bacach, arb é mian a croí an léann sin a bheith ar a clann ach oidhreacht a Dheaide ag gabháil idir Feilimí agus a chodladh. 

Ní call dom a rá gur féidir leis na mná stuama seo comhairle chéillí a sholáthar, tindeáil ar chréachta na n-easlán, bairíní a fhuint, taoscáin leanna is uisce beatha a roinnt, searbhóntaí a bhainistiú, cúnamh a muintire a lorg dá gcuid fear – ach seachain a dtabharfaidís aon orduithe!

Pléisiúr ceart atá sa gcur síos grinn fileata a thugann Ó Scolaí ar na daoine sa leabhar seo. Féach air seo mar phortráid – ‘sramshúileach, liathghnúiseach, cochailleach, sceadfholtach’. 

Nó arbh fhearr leat é a bheith ‘dingthe, déanta, dubhdaolach’? Cén chaoi eile a n-iarrfá éadan mná ach ‘tibhreach, plucach’? An té ar gean leis friotal is comhfhocail chliste agus snoiteacht teanga as tobar nár taoscadh le 500 bliain, seo an leabhar dó is di.

Sa mbunscoil dom rinneadh caint mhór faoi Sheán Ó Néill, duine de sheisear mac Chonn Bacach, ach seachas Teitheadh na nIarlaí mar a thugtaí ar an deireadh ré sin, níor spreagadh mo shuim riamh in eachtraí na dtaoiseach gaelach sin a raibh an chuma orthu gur in adharca a chéile a chaithidís a saol agus a maoin. Ar ndóigh mhaitheamar an chraic chéanna dár laoch féin, Gráinne Ní Mháille, a tháinig chugainn ón seanchas seachas as leabhar nó scoil, oidhre ar Mheadhbh na tána. 

Ba mhór mo thrua mar sin do Chonchúr Mac Ardail bocht agus é ag iarraidh aidhmeanna uaisle na hAthbheochana mór-roinne a chothú i dtiarnaí Thír Eoghain. Fág uainn eagna is fealsúnacht chlasaiceach nuair atá troid le samhlú agus creach is díoltas le híoc. 

Is faoin gcléireach Conchúr an t-úrscéal ach ar ndóigh tá a chinniúint agus a thuarastal siúd ag brath ar pé mioscais nó gangaid a bhíonn á gcothú ag Niallaigh, Dálaigh agus Dónallaigh ina ndaoine muinteartha. Istigh ina lár tá an chléir agus iad fhéin ag santú cosamar lucht na cumhachta. Bíodh Laidin ar a ngob féin ach ní mór acu na haitheanta ná grá don chomharsa, an sparán an máistir agus an Dia.  

Pobal beo Gaelach, uasal is íseal, gach gairm is cineál ina bhféileacáin ag eiteal thart ar Ó Néill, Tiarna Thír Eoghain. Dá shuaraí agus dá thruamhéalaí é iompar an chomhluadair nuair a síleadh Conn Bacach a bheith le rata, is iontach go deo mar a thuigeann Ó Scolaí iad. Is binn a thuigfeadh Ó Néill féin dóibh.

Is mór an cúnamh an ginealas, an mapa agus an ghluais atá sa leabhar mar threoir don strainséir i ndúiche na Niallach.

Más gean leat úrscéalta móra faoi uaisle stair Shasana i mBéarla, ní bhfaighidh tú aon rian de mhacnas is rangás shaothar Philippa Gregory ó chleas Thír Eoghain – is túisce a chodlóidís seo ar iomaí luachra sa gclúid agus sleá ina láimh ná i leaba shíoda. Déarfainn go mb’fhearr leo capall lúfar ná bean dá bhreáichte.

Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí is tiarnúlacht an lae inniu, bain lán na súl as leabhar aoibhinn a bhfuil an slacht is dual do na foilsitheoirí seo ar chuile orlach de agus téigh ag alfraitsíocht tamall le muintir Thír Eoghain. Ní bheidh aon aiféala ort.

Fág freagra ar 'Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí'

  • Daithí MacGiobúin

    Éacht liteartha.

  • Ruairí Ó Caisleain

    Finscéal é seo a léiríonn go máistriúil conas a stiúireann an phríomh-charachtair a slí trí chúrsaí luaineacha polaitíochta a linne. Ar fheabhas.