Eagras i mBéal Feirste le dul i mbun feachtais chun cúig phost agus seirbhísí óige Gaeilge a thabhairt slán

Reáchtálfar cruinniú i mBéal Feirste anocht maidir le cinneadh an Údaráis Oideachais deireadh a chur le maoiniú a cuireadh ar fáil d’earnáil óige na Gaeilge ó thuaidh

Reáchtálfar cruinniú poiblí i mBéal Feirste anocht faoin “slad” atá beartaithe ar sheirbhísí óige sa chathair sin agus ar fud Thuaisceart Éireann.

Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil do 24 cumann óige ó thuaidh i mbaol agus é fógartha ag an Údarás Oideachais nach féidir cloí le maoiniú faoi leith d’earnáil óige na Gaeilge agus nach féidir é a chur ar aon dul le scéim úr maoinithe.

Tá an t-eagras óige Glór na Móna, atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste, ar cheann de na heagraíochtaí is mó a gcuirfidh an cinneadh seo isteach orthu. Meastar go gcaillfidh Glór na Móna thart ar £86,000 sa bhliain – 98% dá maoiniú – ón gcéad lá de mhí Aibreáin de bharr na gciorruithe seo. 

Má chuirtear na ciorruithe seo i bhfeidhm, deir Glór na Móna go gcaillfidh cúigear san eagras sin a bpoist agus go gcuirfear 160 duine óg “amach ar an tsráid”.

Dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh le 7Lá ar TG4 go raibh an t-eagras i mbun plé leis an Údarás Oideachais le roinnt blianta anuas maidir le scéim mhaoinithe d’obair óige i nGaeilge ach gur tugadh le fios dóibh ag deireadh na bliana seo caite nach mbeadh an maoiniú sin ar fáil.

Nuair a míníodh don Údarás Oideachais go gciallódh sin go gcaithfí deireadh a chur leis na poist atá ag cúigear le Glór na Móna, dúirt Mac Ionnrachtaigh gur “ghabh siad a leithscéal ach dúirt siad nach raibh an buiséad acu leis an tseirbhís a chur ar fáil”. Dúirt sé gur mhol an tÚdarás go gcoinneodh Glór na Móna air ag obair sa phobal ar bhonn deonach.

“Seo an dímheas atá á léiriú ag na húdaráis ó thuaidh agus sílim go dtéann an cheist seo go croí na faidhbe i dtaobh aitheantas don Ghaeilge ó thuaidh agus i dtaobh na mórcheisteanna faoi chearta phobal na Gaeilge i gcoitinne.”

Dúirt Mac Ionnrachtaigh go raibh an tÚdarás anois “ag diúltú bualadh linn, níl siad ag freagairt na scairteanna ó pholaiteoirí atá ag tacú linn”.

Mhínigh sé go raibh ciorruithe suas le £40,000 beartaithe ag an Údarás Oideachais ar bhuiséad Ghlór na Móna in 2017 ach go ndeachaigh pobal na Gaeilge sa cheantar i mbun feachtais agus d’éirigh leo na ciorruithe a chur ar ceal.

Tá an t-eagras anois chun dul i mbun feachtais arís agus tá cruinniú poibií le reáchtáil anocht i gceannáras Ghlór na Móna i nGaelionad Mhic Goill i mBéal Feirste ag 7.30in.

Dúirt Mac Ionnrachtaigh gur ceanncheathrú don líonra pleanála teanga i mBéal Feirste a bhí i nGlór na Móna agus gur “baile ón bhaile” a bhí ann do líon mór daoine óga a bhí gafa leis an nGaeilge sa cheantar.

Má chuirtear na ciorruithe i bhfeidhm, caillfidh cúigear atá fostaithe le Glór na Móna a bpoist; Ceannaire Óige Lán-aimseartha, oibrí a oibríonn 25 uair an chloig, agus triúr oibrithe a dhéanann 15 uair an chloig. 

Deir an tÚdarás Oideachais go bhfuil deireadh aá chur leis an scéim a chuir maoiniú ar fáil do Ghlór na Móna ach gur féidir leo cur isteach ar scéim nua. Deir an tÚdarás gur fágadh an maoiniú a bhíodh acu ag Glór na Móna ar feadh bliana breise chun ullmhú don scéim nua.

Fág freagra ar 'Eagras i mBéal Feirste le dul i mbun feachtais chun cúig phost agus seirbhísí óige Gaeilge a thabhairt slán'