Eagraíochtaí spóirt trína chéile agus iad ag dul i ngleic le srianta nua

Imreofar na céadta cluiche CLG, sacair, rugbaí agus eile an deireadh seachtaine seo ach tá lucht spóirt fós trína chéile agus iad ag iarraidh soiléiriú a fháil faoi na srianta nua

Eagraíochtaí spóirt trína chéile agus iad ag dul i ngleic le srianta nua

Eoin Toal ó fhoireann Derry City agus a theocht á tógáil ag Páirc Brandywell. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Imreofar cluiche ceannais contae den chéad uair i mbliana an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh Naomh Éanna agus Síol Maolúir aghaidh ar a chéile i gCraobh Shinsir Iomána Loch Garman Dé Domhnaigh.

Ní bheidh oiread agus duine amháin de lucht tacaíochta na gcumann i láthair i bPáirc Loch Garman, áfach, agus srianta nua an Rialtais i bhfeidhm ar fud na tíre.

D’fhógair an Taoiseach Dé Máirt seo caite gur taobh istigh de gheataí agus doirse dúnta a imreofar cluichí agus a reáchtálfar imeachtaí eile spóirt as seo go dtí an 13 Meán Fómhair agus glactha ag an Rialtas le comhairle NPHET maidir le conas dul i ngleic le géarchéim an Covid-19 tráth a bhfuil líon na gcásanna ag dul i méid ar fud na tíre.

Ó fógraíodh na srianta sin, tá eagraíochtaí spórt trína chéile agus iad ag iarraidh soiléiriú a fháil ar céard go díreach atá siad in ann a dhéanamh agus céard nach bhfuil ceadaithe faoi na srianta nua.

Is léir nach bhfuil Cumann Lúthchleas Gael róshásta leis an gcomhairle ó NPHET agus i ráiteas a d’eisigh siad i rith na seachtaine, d’iarr an Cumann ar an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte, bualadh leo gan mhoill chun bunús na srianta a mhíniú dóibh.

Ní chabhróidh ráitis bhorba le cúrsaí ach thuigfeá d’fhrustrachas an Chumainn, go háirithe ó thaobh na gcluichí faoi aois.

Inné, mhol Cumann Lúthchleas Gael, Peil na mBan agus an Cumann Camógaíochta go mbeadh tuismitheoir nó caomhnóir amháin in ann freastal ar chluiche faoi aois, comhairle atá ag teacht le treoir Tusla maidir le leas agus sábháilteacht leanaí.

Agus é ag labhairt ar Newstalk inné, áfach, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly nár cheart go mbeadh tuismitheoirí ag freastal ar chluichí a gcuid paistí ar chor ar bith agus tá Cumann Lúthchleas Gael anois ag lorg soiléiriú ar an scéal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn aréir nach raibh aon fhadhb aige féin leis má bhíonn tuismitheoir nó caomhnóir ag freastal ar chluiche más gá dóibh a bheith ann. Dúirt sé go raibh an Roinn Spóirt chun comhairle maidir leis an scéal a fhoilsiú go luath.

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Maidir le cluichí do dhaoine fásta, ní bheidh cead isteach ach ag 40 duine an taobh ón dá fhoireann – imreoirí, lucht bainistíochta agus lucht leighis san áireamh – chomh maith le réiteoirí, na meáin agus maortha.

Ó thaobh traenála de, ní féidir le níos mó ná 15 duine bailiú le chéile chun dul ag traenáil taobh amuigh in aon spórt ach tá moltaí difriúla ag eagraíochtaí spóirt maidir le cur i bhfeidhm na srianta sin.

Deir an FAI go bhfuil cead ag níos mó ná grúpa amháin de 15 duine a bheith ar an bpáirc chéanna ag an am céanna, chomh fada nach meascann siad lena chéile, ach deir an IRFU nach bhfuil cead ach ag aon ghrúpa amháin a bheith ar pháirc imeartha ag an am céanna.

Maidir le lucht spóirt a bhíonn ag traenáil faoi dhíon, ní féidir le níos mó ná seisear a bheith cruinnithe le chéile taobh istigh.

Tá eisceacht déanta ag an Rialtas d’fhoirne gairmiúla agus iad siúd atá ag iomaíocht sna scothspóirt ach níl sé soiléir céard is brí go díreach le scothspórt sa gcás seo agus tá Cispheil Éireann agus Leadóg Éireann i measc na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh soiléiriú ar an gceist sin a fháil ón Rialtas.

Tá an galf ar cheann de na spóirt is mó a bhfuil tóir orthu in Éirinn, agus is é is lú a bhfuil tionchar ag srianta nua an Rialtais air. Is é an t-aon athrú atá ar chúrsaí do lucht an ghailf ón tseachtain seo caite nach bhfuil cead ag lucht féachana freastal ar chomórtais idir clubanna.

An doiléire agus an éiginnteacht is mó atá ag cur as do lucht spóirt na tíre agus tá siad ag súil go mbeidh freagra soiléir acu ón Rialtas gan aon rómhoill.

Fág freagra ar 'Eagraíochtaí spóirt trína chéile agus iad ag dul i ngleic le srianta nua'