‘Éagóir’ agus ‘leithcheal’ déanta ar dhaltaí ón tuaisceart sa chóras CAO

600 pointe an t-uasmhéid pointí atá ar fáil do dhaltaí a n-éiríonn leo ceithre A* a fháil ina scrúduithe Ardleibhéil

‘Éagóir’ agus ‘leithcheal’ déanta ar dhaltaí ón tuaisceart sa chóras CAO

Tá “éagóir” agus “leithcheal” á ndéanamh ar dhaltaí ón tuaisceart sa chóras CAO agus gan fáil acu ar chúrsaí ollscoile ardéilimh i mbliana in ainneoin pointí arda a bheith saothraithe acu.

Sin a bhí le rá ag tuismitheoir amháin a bhfuil achainí déanta aige ar an Aire Ardoideachais Simon Harris teacht i gcabhair ar dhaltaí.

Cé go bhfuair Siún Cummings, iníon an scríbhneora Gaeilge Philip Cummings, ceithre A* ina scrúduithe A-Leibhéil i mbliana, ní leor sin le háit a fháil ar an chúrsa a bhí mar chéad rogha aici, Dlí agus Fraincis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. 602 pointe a bhí luaite leis an chúrsa sin sa chéad bhabhta tairiscintí ag an CAO i mbliana.

600 pointe an t-uasmhéid pointí a bhíonn ar fáil do dhaltaí go leor a n-éiríonn leo ceithre A* a fháil ina scrúduithe A-Leibhéil. Ach d’fhág an t-ardú mór ar na gráid a bronnadh ar dhaltaí Ardteiste na bliana seo go bhfuil níos mó pointí ná riamh cheana ag teastáil do go leor cúrsaí agus breis is 600 pointe ag teastáil do roinnt cúrsaí a bhfuil éileamh mór orthu.

San achainí a chuir Philip Cummings, athair Shiún, faoi bhráid an Aire Breisoideachais Simon Harris, dúirt sé go raibh “leithcheal” á dhéanamh ar dhaltaí sa chóras CAO.

“Tá sé dodhéanta ag daltaí A-Leibhéil níos mó ná 600 pointe a fháil. Fuair m’iníon ceithre A* ina hábhair Ard-Leibhéil agus teastaíonn 602 pointe don chúrsa a bhí mar chéad rogha aici. Ní fhéadfadh sí marcanna níos fearr a bhaint amach ina scrúduithe A-Leibhéil, agus ní fhéadfadh sí 602 pointe a fháil.”

Tá leithcheal déanta ag an CAO ar dhaltaí A-Leibhéil leis an chinneadh breis agus 600 pointe a lorg do chúrsaí áirithe i mbliana, a dúirt Cummings san achainí chuig an Aire Harris.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cummings gur léir go bhfuil “lúb ar lár” sa chóras CAO agus nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag daltaí ón tuaisceart agus ó thíortha thar lear.

“Tá éagóir á déanamh sa chóras CAO ar dhaltaí ó thuaidh agus daltaí as tíortha eile a thugann faoi scrúduithe A-Leibhéil nó baccalaureate toisc nach bhfuil fáil acu ar phointí breise. Is léir bearna mhór a bheith sa chóras,” a dúirt sé.

Bronntar 25 pointe breise ar dhaltaí a thugann faoi mhatamaitic nó glanmhatamaitic don A-Leibhéal, mar a dhéantar i gcás na matamaitice ardleibhéil san Ardteist, ach is annamh a bheadh an mhatamaitic ar cheann de na ceithre ábhar A-Leibhéil a roghnódh dalta ar mhian leis staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar theangacha nó ar na dána san ollscoil.

Dúirt Cummings nach raibh “aon mhaith” sna pointí breise a bhronntar ar dhaltaí a thugann faoi mhatamaitic agus glanmhatamaitic don A-Leibhéal i gcás go leor daltaí mar gur “beag seans” go mbeadh na hábhair sin á ndéanamh acu.

Dúirt sé chomh maith nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt do dhaltaí an Ghaeloideachais ó thuaidh toisc nach bhfaigheann siad “aon aitheantas” sa chóras CAO as scrúduithe A-Leibhéil a dhéanamh i nGaeilge. 

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Éagóir’ agus ‘leithcheal’ déanta ar dhaltaí ón tuaisceart sa chóras CAO'

  • Ciarán

    Maidir leis an t-ardú suntasach sa phointí i mbliana, sin é mar thoradh ar an gcóras éisceachtúil measúnadh i mbliana. Ach caithfear a chinntiú nach mbeadh an éisceacht seo mar an ríal nua as seo amach. Samhlaíom go raibh brú áirithe ar chuid de na múinteoirí gráid beagánín plámásach, (i gcásanna áirithe) a thabhairt amach in ionad gráid cruinn chun saoil níos chiúin a bhaint amach dóibh féin, agus ní chuirfinn aon lucht orthu faoi sin. Ní bheadh aon suaimhneas acu óna gcuid daltaí agus a dtuistí míshásta (uimhir beag áirithe ar ndóigh) gan trácht ar a gcuid mbainistaíochta féin. Má tá córas scrúdaithe, cothrom increidte uainn mar sochaí, caithfear an tseanchorais measúnadh a leanadh mar tá cách (scrúdaitheorí, daltaí agus tuismitheoirí ) ainaithne óna chéile agus dá bhrí sin, ní bheadh aon cheist ann faoin gclaontas. Ach caithfear a bheith toilteannach an chóras sin a maoinú i gceart agus is deis iontach atá ann faoi láthair, leis an fhianaise seo faoin grád-séideadh i mbliana chun é sin a dhéanamh.

  • alan titley

    An meon críchdheighilteach i réim arís. Is léir nár smaoinigh aon duine ar an gceist seo leastas den teorainn. Ní chloisim geonaíl ar na meáin ach an oiread. Má leantar ag tabhairt ‘Ireland’ ar an stát sa deisceart, ní hionadh sin. Má bhaineann Tyre Own ar an Satharn beidh siad ina All-Island Champions!!!

  • file

    Ciarán – is é an córas féin atá lochtach, agus bhí riamh.

    Níor cheart cead isteach ar chúrsaí tríú leibhéal a shocrú de réir soláthair agus éilimh ach de réir dúshlán intleachta an chúrsa féin. Mar shampla, seacht A1 Highers de dhíth leis an fhiaclóireacht a dhéanamh, ach seacht Passes de dhíth le staidéar a dhéanamh ar Eastenders agus a leithéid.

    Maoiniú de dhíth fosta le níos mó áiteanna tríú leibhéal a chur ar fáil.

  • file

    Alan – maidir leis An Curse v An Plague … shíl Ultaigh riamh go ndearna réiteoirí leathcheal orthu i bPáirc an Chrócaigh, Dún na nGall, an Cabhán agus Muineachán san áireamh ansin.

    Cúis áthais nach Baile Átha Cliath (cé go dtugann an fhoireann pheile Áth Cliath orthu féin agus iad ar bheagán Gaeilge) ná Ciarraí a bheidh buacach cibé.