€600 ar fáil do scoileanna le teaghlaigh a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile

Is é an aidhm atá ag an scéim nua ‘Teanga Tí’ ná teaghlaigh a bhfuil páistí acu sna naíonáin mhóra a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt sa bhaile

€600 ar fáil do scoileanna le teaghlaigh a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile

Tá deontais tacaíochta €600 á chur ar fáil ag Glór na nGael do scoileanna le teaghlaigh a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile.

Tá an scéim dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil gasúir acu sna naíonáin mhóra i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta.

Tá an eagraíocht Glór na nGael ag iarraidh ar phríomhoidí scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an scéim a bheidh i bhfeidhm ar feadh trí bliana.

Seoladh an scéim phíolótach ‘Teanga Tí’ inné le cúnamh ó Gaeloideachas, a chuireann tacaíocht ar fáil do scoileanna Gaeilge ar fud na hÉireann.

Is é an aidhm a bheidh ag Teanga Tí teaghlaigh a bhfuil páistí iontu atá sna naíonáin mhóra a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Deir Glór na nGael go bhfreastalóidh an scéim ar “riachtanais teanga teaghlaigh dhifriúla” agus go mbeidh ról lárnach ag na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta féin i reáchtáil na scéime.

Faoin scéim nua caithfidh na scoileanna €300 a chur ar fáil le €600 a fháil ó Ghlór na nGael, rud a fhágann go mbeidh ciste €900 ann le himeachtaí Gaeilge a eagrú do na teaghlaigh a bheidh páirteach sa scéim.

Chomh maith leis an maoiniú sin d’imeachtaí do na teaghlaigh, gheobhaidh na teaghlaigh ar fad a ghlacfaidh páirt i dTeanga Tí dearbhán €140 le cabhrú leo “timpeallacht Ghaeilge a chruthú sa bhaile”.

Fág freagra ar '€600 ar fáil do scoileanna le teaghlaigh a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile'

  • Aisling Ni Neill

    Gaelscoil Dr Ui Shuilleabhain
    An Sciobairin
    Co. Chorcai