€500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh, féilte agus compántais drámaíochta

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur ‘cúis dóchais’ é go bhfuil ‘méadú 25%’ tagtha ó 2o16 ar líon na gcampaí samhraidh a bhíonn á maoiniú ag Foras na Gaeilge

€500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh, féilte agus compántais drámaíochta

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur ‘cúis dóchais’ é go bhfuil ‘méadú 25%’ tagtha ó 2o16 ar líon na gcampaí samhraidh a bhíonn á maoiniú ag Foras na Gaeilge

Tá luach €500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh, féilte agus compántais drámaíochta i mbliana.

Ceadaíodh luach €174,712 de dheontais do 86 campa éagsúil – €2,500 nó £1,750 an ceann – faoi Scéim na gCampaí Samhraidh 2018 a fógraíodh níos luaithe i mbliana.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur “cúis dóchais” é go bhfuil “méadú 25%” tagtha ó 2o16 ar líon na gcampaí atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus go bhfuiltear ag súil go “leanfaidh an treocht seo san am amach romhainn”.

“Léiríonn Scéim na gCampaí Samhraidh an t-éileamh leanúnach atá ar dheiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil,” a dúirt Ó Coinn.

Dúirt sé nach bhfuil “aon amhras” air ach go mbeidh “tionchar dearfach” ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla, agus “go seasfaidh a n-eispéireas leis an 3,883 páiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana”.

Tá na campaí dírithe ar dhaoine óga idir 3-18 bliain déag agus cuirtear meascán d’imeachtaí spóirt, imeachtaí drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta ar fáil do lucht a bhfreastail.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil €116,379 san iomlán ceadaithe ag an bhForas do 46 féile a bheidh á reáchtáil in 2018 trí Scéim na bhFéilte.

Cuireann Scéim na bhFéilte maoiniú ar fáil d’fhéilte a bhfuil sé mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chur chun cinn trí Ghaeilge nó go dátheangach.

€208,896 san iomlán a ceadaíodh do 18 gcomplacht drámaíochta, idir chompántais amaitéaracha agus chompántais phroifisiúnta.

Dúirt Ó Coinn gur chun leas na teanga a bheidh obair an 46 féile agus an 18 complacht drámaíochta ar ceadaíodh maoiniú dóibh.

“Bíonn tábhacht leis na féilte seo ní hamháin do chainteoirí Gaeilge sa phobal, ach le hardán a chur ar fáil d’oirfidigh lena n-ealaín a chur i láthair.

“Lena chois sin, tá sé tábhachtach a aithint gur gá pobail luchta féachana don drámaíocht Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt, rud a bheidh mar aidhm ag na complachtaí drámaíochta ar ceadaíodh deontais dóibh,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Fág freagra ar '€500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh, féilte agus compántais drámaíochta'