€50,000 íoctha ar phictiúr Gaeltachta ag Sotheby’s Londan

Díoladh ar cheant de chuid Sotheby’s inné ‘Tory Island’ le Gerard Dillon agus portráid de Liam Ó Flaithearta as Árainn

€50,000 íoctha ar phictiúr Gaeltachta ag Sotheby’s Londan

Tá pictiúr d’oileán Gaeltachta díolta ar nach mór €50,000 ag Sotheby’s, na ceantálaithe cáiliúla i Londain.

Dhíol Sotheby’s Tory Island, olaphictiúr ar chanbhás leis an ealaíontóir Gerard Dillon inné ar £44,100.

B’in beagnach dhá oiread is a bhíothas ag súil leis. £18,000-25,000 an praghas measta a bhí luaite le Tory Island.

Bhí an saothar mar chuid de scata pictiúr ó bhailiúchán an fhir ghnó Michael Smurfit a cuireadh ar ceant i Londain inné.

Díoladh chomh maith ag an gceant céanna portráid de scríbhneoir as oileán Gaeltachta eile, Liam Ó Flaithearta, Árainn. Díoladh Portrait of Liam O’Flaherty le Harry Kernoff ar £6,300.

Meastar gur radharc ar oileán Thoraí ón bhFál Carrach atá le feiscint in Tory Island agus gurb amhlaidh go ndein Dillon an saothar nuair a bhí sé ar saoire lena chara Daniel O’Neill sa cheantar in 1947. Ar mhaithe le sceitseáil a chuaigh an bheirt ar saoire chun Gaeltacht Dhún na nGall.

Rinne O’Neill saothair sa Ghaeltacht chomh maith agus ba mhinic ‘Cloughaneely’, Cloich Chionnaola, luaite leo.

Mhaígh an ceantálaí gur léir ó Tory Island gur chuir tírdhreach  Ghaeltacht Dhún na nGall agus an saghas saoil a bhí ag daoine “iontas an pháiste” ar Dillon, ealaíontóir mór le rá as Béal Feirste. Cur chuige a bhí “saonta d’aon ghnó” a bhí ag Dillon sa phictiúr, cur chuige, a dúradh, a bhí coitianta aige agus radharcanna in iarthar na hÉireann idir lámha aige.

Fág freagra ar '€50,000 íoctha ar phictiúr Gaeltachta ag Sotheby’s Londan'