€450,000 ceadaithe do scoláireachtaí cónaithe ar oileáin Árann

Níl sé i gceist go gcuirfí leis an 30 scoláireacht chónaithe atá ar fáil faoi láthair do scoláirí chun freastal ar mheánscoileanna na n-oileán amach ó chósta Chonamara

€450,000 ceadaithe do scoláireachtaí cónaithe ar oileáin Árann

Tá €450,000 thar thréimhse trí bliana ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta don scéim faoina n-íoctar deontas le teaghlaigh ar oileáin Árann chun lóistín a chur ar fáil do dhaltaí scoile ón mórthír.

Faoin scéim seo, ar cuireadh tús léi in 2007, caitheann suas le 30 dalta iar-bhunscoile ón mórthír scoilbhliain i gColáiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, nó  Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Íoctar leis na teaghlaigh a mbíonn na daltaí ag fanacht leo €27 in aghaidh an dalta in aghaidh an lae.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag iarraidh go gcuirfí le líon na scoláireachtaí cónaithe a thugann deis do scoláirí tréimhse a chaitheamh i meánscoileanna oileáin Árann.

Dúradh anuraidh go raibh aighneacht an Bhoird á breithniú ag Roinn na Gaeltachta ach de réir fhógra an lae inniu níl sé i gceist go gcuirfí leis an 30 scoláireacht chónaithe atá ar fáil faoi láthair do scoláirí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht chun freastal ar mheánscoileanna na n-oileán amach ó chósta Chonamara. 

Dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh anuraidh go gcaithfí a chur san áireamh agus an scéim á scagadh “an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an iomarca scoláirí ón mórthír ar iompar teanga na scoláirí de bhunadh na n-oileán”.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne inniu go raibh “tábhacht agus tairbhe ar leith” ag baint leis an scéim seo “ó thaobh inmharthanacht na scoileanna agus dá réir inmharthanacht na n-oileán”.

“Ní hamháin sin ach de thoradh an bhirt seo tugtar an deis do scoláirí nach bhfaigheadh an deis sa ghnáthbhealach bliain iomlán a chaitheamh ag fáil oideachais trí Ghaeilge ar oileáin Árann. Is chun sochair na Gaeilge agus na n-oileán Árann atá an beart seo dá réir,” arsa an tAire Stáit.

Fág freagra ar '€450,000 ceadaithe do scoláireachtaí cónaithe ar oileáin Árann'