€2.75 milliún le híoc ag an Stát ar Aerfort na Mine i gConamara

Táthar ag súil go mbeidh Aerfort na Mine i gConamara ceannaithe ag an stát ón Seanadóir Ó Pádraig Ó Céidigh, roimh dheireadh na bliana

€2.75 milliún le híoc ag an Stát ar Aerfort na Mine i gConamara

€2.75 milliún a íocfaidh Roinn na Gaeltachta ar Aerfort na Mine i nGaeltacht Chonamara, de réir tuairiscí tráthnóna.

Cé gur dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta go dtí seo a rá cé mhéad a thabharfaí ar an aerfort, ar leis an Seanadóir as an Spidéal Pádraig Ó Céidigh é, tuairiscítear gurb é sin an praghas atá socraithe idir an dá dhream. 

Pléadh ceannach Aerfort na Mine i gConamara don stát ag cruinniú rialtais inné agus tugadh beannacht an rialtais don phlean an t-aerfort a cheannach ar an bpraghas a bhí socraithe idir Roinn na Gaeltachta agus Pádraig Ó Céidigh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go mbeidh Aerfort na Mine i gConamara ceannaithe ag an stát ón Seanadóir Ó Céidigh roimh dheireadh na bliana agus táthar ag súil le ráiteas faoin scéal sna seachtainí amach romhainn.

Chuir Seán Kyne a chomhghleacaithe rialtais ar an eolas faoin scéal ag cruinniú rialtais an lae inné agus aontaíodh go leanfaí le cur i gcrích an phlean.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach an aerfoirt i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu.

Dhiúltaigh an Roinn a rá le Tuairisc.ie cén praghas a cuireadh ar an aerfort.

Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas.

Fógraíodh síneadh ama ceithre mhí le déanaí leis an gconradh atá ag Galway Aviation Services Ltd leis an tseirbhís aeir go dtí trí oileán Árann a chur ar fáil, conradh ar fiú thart ar €800,000 in aghaidh na bliana é.

Tuairiscíodh ar an Irish Times tráthóna go ndúradh le hairí rialtais ag cruinniú an lae inné go raibh “tábhacht straitéiseach” leis an aerfort maidir le seirbhís riachtanach aeir do na hoileáin a choinneáil slán. 

I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine. Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse  – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige.

Fág freagra ar '€2.75 milliún le híoc ag an Stát ar Aerfort na Mine i gConamara'