Kyne ag súil go mbeidh Aerfort na Mine ceannaithe ag an stát ‘roimh dheireadh na bliana’

Tá Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach an aerfoirt i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu 

Kyne ag súil go mbeidh Aerfort na Mine ceannaithe ag an stát ‘roimh dheireadh na bliana’

Aerfort na Mine

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ag súil go mbeidh Aerfort na Mine i gConamara ceannaithe ag an stát ón Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh roimh dheireadh na bliana.

Thug an tAire Stáit an méid sin le fios sa Dáil agus ceist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly á freagairt aige.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “na céimeanna cuí á dtógáil anois chun na ceadanna éagsúla a fháil ar mhaithe leis an aerfort a cheannach”.

“Ach gach rud a bheith in ord, táthar ag súil leis an bpróiseas seo a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach an aerfoirt i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu. 

Dhiúltaigh an Roinn a rá le Tuairisc.ie cén praghas a cuireadh ar an aerfort ar le húinéir Aer Árann, an Seanadóir neamhspleách as an Spidéal Pádraig Ó Céidigh, é. 

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an mhí seo caite chomh maith gur ón Roinn Gnóthaí Tuaithe a thiocfadh an maoiniú chun an t-aerfort Gaeltachta a cheannach don Stát.

Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas. 

Fógraíodh síneadh ama ceithre mhí le déanaí leis an gconradh atá ag Galway Aviation Services Ltd leis an tseirbhís aeir go dtí trí oileán Árann a chur ar fáil. 

I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine. 

Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse  – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige. 

Fág freagra ar 'Kyne ag súil go mbeidh Aerfort na Mine ceannaithe ag an stát ‘roimh dheireadh na bliana’'