€1.8 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn Ghaeltachta agus briseadh síos tugtha ar dháileadh na ndeontas

Ceadaíodh ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite maoiniú do 30 eagras pobail ar fad faoin gClár Forbartha Pobail

€1.8 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn Ghaeltachta agus briseadh síos tugtha ar dháileadh na ndeontas

Tá €1.8 milliún ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn agus eagraíochtaí eile atá ag plé leis an bhforbairt pobail sa Ghaeltacht. Ceadaíodh ag cruinniú de bhord an Údaráis Dé hAoine seo caite maoiniú do 30 eagras pobail ar fad faoin gClár Forbartha Pobail.

Dúradh gur ardú €100,000 a bhí i gceist leis an maoiniú reáchtála atá curtha ar fáil don Chlár i mbliana ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus gur ceadaíodh ardú buiséid d’fhormhór na gcomharchumann do 2018.

I ráiteas a d’eisigh Údarás na Gaeltachta dúradh go raibh “na comharchumainn agus na seirbhísí riachtanacha atá dhá soláthar acu fite fuaite i saol na Gaeltachta sna pobail ina bhfuil siad ag feidhmiú”.

Dúradh gur “mór an dul chun cinn” a bhí á dhéanamh ag na heagraíochtaí agus go raibh “obair mhór” ar siúl acu maidir leis na dúshláin atá “le sárú” ina gceantair.

“Tá fostaíocht shuntasach cruthaithe acu ó bunaíodh iad agus tá ról lárnach acu sna scéimeanna fostaíochta pobail.

“Ní beag an ról ach oiread atá ag na heagrais sa bpróiseas pleanála teanga le cúpla bliain anuas agus feictear go mbeidh ról lárnach gníomhach ag formhór acu sa phleanáil teanga as seo ar aghaidh chomh maith,” a dúradh sa ráiteas ó Údarás na Gaeltachta.

Níos túisce an mhí seo, dúirt iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur €3,000 ar an meán an t-ardú maoinithe a bhí geallta do chomharchumainn Ghaeltachta i mbliana agus chuir sé ceist ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar dhóigh leis gur leor an méid sin.

“Tá 32 eagraíocht phobalbhunaithe agus comharchumann ann. Is ionann sin agus €3,000 breise dóibh. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil deontas dóthanach acu lena ngnó a dhéanamh go héifeachtach nuair a chuirtear é i gcomparáid, mar shampla, leis an deontas a íoctar leis na community development programmes, CDPs?” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeadh “cuidiú de dhíth amach anseo” ó na comharchumainn agus na heagraíochtaí eile ach go raibh ardú tagtha ar na maoiniú a chuirtear ar fáil dóibh.

“Cinnte, tá 32 eagraíocht i gceist. In 2016, bhí €347,615 ar fáil i mo chontae féin, Dún na nGall, agus in 2017, bhí €462,124 ar fáil. I Maigh Eo bhí €187,600 ar fáil in 2016, agus bhí €210,000 ar fáil in 2017. I gceantar an Teachta féin i nGaillimh, bhí €557,388 ar fáil in 2016, agus bhí €648,837 ar fáil in 2017. Sin na figiúirí faoi choinne 2016 agus 2017,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair seo caite, dúradh gur fhág an “tionchar tromchúiseach” a bhí ag na ciorruithe a rinneadh ar chomharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana anuas nach raibh “roinnt mhaith eagras ach ag réchasadh” agus gan “mórán tionscnamh nua á bhforbairt” acu.

Dúradh sa tuarascáil sin, Cnámh Droma An Phobail S’againne: Stádas Reatha agus Riachtanais Amach Anseo, go raibh laghdú 25% tagtha ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana agus éilíodh go gcuirfí €600,000 breise ar fáil dóibh i mBuiséad 2018.


Liosta na ndeontas reáchtála


 

 

Fág freagra ar '€1.8 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomharchumainn Ghaeltachta agus briseadh síos tugtha ar dháileadh na ndeontas'