€1.2 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta ó chomhlachtaí, ach gan ach €76,000 faighte

Idir 2016-2018 lorg Údarás na Gaeltachta deontais ar ais ó 11 comhlacht ar theip orthu nó a d’fhág an Ghaeltacht

€1.2 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta ó chomhlachtaí, ach gan ach €76,000 faighte

Níl faighte ar ais go fóill ag Údarás na Gaeltachta ach €76,000 den €1.2 milliún atá lorgtha ar ais acu ó chomhlachtaí ar theip orthu nó a d’fhág an Ghaeltacht idir 2016-2018.

Ó 2016 i leith lorg Údarás na Gaeltachta deontais ar ais ó 11 comhlacht ar fad. Cuireadh tús leis an bpróiseas maidir le haisíocaíocht a lorg i gcás cheithre chomhlacht in 2018. Dhá chomhlacht a bhí i gceist in 2017 agus cuireadh tús leis an bpróiseas maidir le haishairm deontais i gcás chúig chomhlacht in 2016.

Luach €1,196,866 san iomlán a bhí i gceist leis na deontais atá lorgtha ar ais ón 11 comhlacht ó 2016, de réir an eolais nua a cuireadh ar fáil sa Dáil.

Thug Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil aisíocaíocht faighte go fóill ach ó chomhlacht amháin, comhlacht a thug €76,000 ar ais.

In 2017 a cuireadh tús leis an bpróiseas i gcás an chomhlachta sin.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta go leantar an próiseas agus cur chuige atá leagtha síos chun déileáil le cásanna ina bhfuil cliantchomhlachtaí imithe as gnó, imithe as an nGaeltacht nó ag sárú coinníollacha na gcomhaontuithe deontais.

Thug an t-urlabhraí le fios go mbíonn formhór na gcomhlachtaí a ndéantar a ndeontas a aisghairm ag imeacht nó imithe as gnó agus go mbíonn glacadóir nó leachtaitheoir ceaptha ina leith.

“Ceann de phríomhdhualgais leachtaitheora ná fiacha na cuideachta a íoc de réir an oird atá leagtha amach faoin dlí agus pléitear le héilimh an Údaráis ar an mbealach céanna le héilimh féichiúnaithe eile an chomhlachta.

“Bheadh cuid de na comhlachtaí eile ag staideanna éagsúla den bpróiseas léachtóireachta agus is féidir leis an bpróiseas cuid mhaith ama ag thógáil i gcásanna áirithe agus mar a thuigfí ní bheadh mórán acmhainní fágtha sna comhlachtaí ag an tráth sin ach oiread.”

Níl mórán dóchais ag an Údarás go bhfaighfear mórán airgid ar ais ó na comhlachtaí seo.

“In ainneoin iarrachtaí an Údaráis, braitheann an méid den airgead a d’fhéadfaí a íoc ar ais ar na leachtaitheoirí éagsúla atá ceaptha agus meastar gur céatadán fíorbheag a aisíocfar nuair atá an próiseas curtha i gcrích. 

“É sin ráite, tá Údarás na Gaeltachta sásta gur infheistíocht chuí i bpoist agus in oiliúint ar phobal na Gaeltachta a bhí mar thoradh ar na deontais ar fad a íocadh.” 

Fág freagra ar '€1.2 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta ó chomhlachtaí, ach gan ach €76,000 faighte'