€1.1 milliún a fuair Údarás na Gaeltachta ar ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún

Tá eolas nua ar fáil faoi dhíol réadmhaoine Údarás na Gaeltachta i gConamara le 10 mbliana anuas

€1.1 milliún a fuair Údarás na Gaeltachta ar ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún

€1.1 milliún euro ar fad a fuair Údarás na Gaeltachta as díol ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún dá gcuid i nGaeltacht na Gaillimhe le deich mbliana anuas.

Trí cinn de thithe, cúig aonad gnó agus ceithre phíosa talún a dhíol an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga sa Ghaillimh le deich mbliana.

Díoladh talamh de chuid an Údaráis sa Lochán Beag in Indreabhán, i Ros an Mhíl, sa Spidéal agus san Fhairche. Ar an gCeathrú Rua a bhí dhá cheann de na tithe a díoladh agus bhí an ceann eile i mBaile an tSléibhe, Ros an Mhíl.

Díoladh dhá aonad gnó ar an gCeathrú Rua agus ceann i gCill Chiaráin. Díoladh dhá aonad gnó i monarchana ar Inis Mór.

Tháinig an t-eolas faoi dhíol réadmhaoine an Údaráis chun solais i bhfreagra a thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar Mairéad Farrell.

Dúirt an tAire Stáit nach bhféadfadh sé aon eolas breise a thabhairt maidir leis na foirgnimh agus an talamh a díoladh mar go mbeidh a leithéid de sonraí leochaileach ó thaobh cúrsaí tráchtála de.

Fág freagra ar '€1.1 milliún a fuair Údarás na Gaeltachta ar ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún'