Dúshlán leanúnach i saol an scríbhneora is ea ‘an leanúnachas’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: fágann bristeacha sa phróiseas scríbhneoireachta a rian ar shaothar, ach ní hé sin an t-aon fháth go bhfuil tábhacht ar leith leis an leanúnachas sa cheird

Dúshlán leanúnach i saol an scríbhneora is ea ‘an leanúnachas’

Is maith linn a cheapadh go bhfuil smacht éigin againn ar an saol, ach ní bhíonn.

Cuirimid cuspóirí romhainn, cuirimid spriocdhátaí dochta i bhfeidhm orainn féin – ach níos minice ná mar ba mhaith linn cuireann rud amháin nó eile ár gcuid pleananna in aer. Rudaí beaga, rudaí móra. Teipeann ar ríomhairí. Tagann gaolta ar cuairt. Tagann páistí ar an saol. Téann tuismitheoirí ar shlí na fírinne.

Dúshlán leanúnach i saol an scríbhneora is ea an leanúnachas – ach tá an leanúnachas céanna ríthábhachtach, go háirithe nuair a bhíonn mórthogra ar nós úrscéil nó gearrscéil fhada idir lámha ag duine. Fágann bristeacha sa phróiseas scríbhneoireachta a rian ar shaothar.

Ní hamháin sin, ach chuile uair a gcuireann scríbhneoir saothar i leataobh chun dul i ngleic le héigeandáil éigin ina shaol pearsanta, bíonn an baol ann gur i leataobh a fhanfaidh an saothar sin go deo. Bíonn sé deacair do bhealach isteach a dhéanamh arís i ndomhan samhlaíoch atá fágtha i do dhiaidh agat – go háirithe toisc go mbíonn smaointe nua ag cnagadh ar dhoras na samhlaíochta i gcónaí.

Ar an gcúis sin, is maith liom stopadh ag scríobh i lár baill – seachas ag deireadh radhairc nó caibidle – nuair is léir dom go gcuirfear isteach ar mo chuid scríbhneoireachta ar feadh níos mó ná cúpla lá. Go deimhin, sin ceann de na cúiseanna go mbainim úsáid as peann agus páipéar – seachas méarchlár agus scáileán – chun an chéad dréacht de shaothar ar bith a scríobh. Agus mé ag dul ar aghaidh, clóim isteach an méid a scríobhaim le peann agus páipéar – ach déanaim cinnte de go mbíonn cúpla leathanach lámhscríofa fágtha i gcónaí a mheallfaidh ar ais i mo scéal féin mé nuair is gá.

Bhí mo mháthair agus m’aintín ag stopadh liom ar feadh míosa; d’imigh siad inné. Ós rud é go raibh a fhios agam roimh ré nach gcuirfinn oiread agus focal ar pháipéar le linn a gcuairte, d’fhág mé scór go leith leathanach lámhscríofa gan iad a chló isteach; ba cheart go gcabhródh obair mhaslach na clóscríbhneoireachta liom mo bhealach a aimsiú ar ais isteach i ndomhan an úrscéil atá idir lámha agam.

Tá súil agam go n-oibreoidh an cleas.

Fág freagra ar 'Dúshlán leanúnach i saol an scríbhneora is ea ‘an leanúnachas’'

  • Mise Áine

    @ Tá súil agam go n-oibreoidh an cleas.

    Go n-éirí go geal leat, a chara!

  • Annette Byrne

    Go dtabharfadh an leagan lámhscríofa spreagadh duit ar an dóigh seo… an-spéisiúil…