Dúshlán in aghaidh dhlí ginmhillte Thuaisceart Éireann diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach i Londain

Ar bhonn teicniúil dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach don dúshlán ach ghlac tromlach den seachtar breithiúna leis gur sháraigh an dlí An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Dúshlán in aghaidh dhlí ginmhillte Thuaisceart Éireann diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach i Londain

Rinneadh cinneadh sa chúirt is údarásaí sa Bhreatain ar maidin diúltú do dhúshlán cúirte a tugadh in aghaidh dhlí ginmhillte Thuaisceart Éireann.

Dhíbh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe an dúshlán cúirte a tugadh in aghaidh dhlí ginmhillte Thuaisceart Éireann ar bhonn teicniúil cé gur ghlac tromlach den seachtar breithiúna leis gur sháraigh an dlí An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR).

Chinn na breithiúna nach raibh Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine inniúil ar dhúshlán an dlí a thabhairt ar bhonn teibí ach mheas siad go bhféadfadh go n-éireodh le dúshlán a thabharfadh duine a raibh tionchar ag an dlí uirthi.

“Bheinn den tuairim, agus gan aon amhras faoi, nach bhfuil dlí Thuaisceart Éireann mar atá sé faoi láthair ag comhréiteach le hairteagal 8 de Choinbhinsiún um Chearta an Duine a fhad is a chuireann sé cosc ar ghinmhilleadh i gcásanna ina mbíonn mínormáltacht mharfach féatais, éigniú nó ciorrú coil i gceist,” a dúirt Lord Mance, uachtarán ionaid na cúirte agus an bhreith á tabhairt aige.

“Tá plé iomlán déanta ar chomhréiteach dhlí Thuaisceart Éireann le cearta an Choinbhinsiúin agus cuireadh fianaise os comhair na cúirte faoi roinnt cásanna ar leith.

“Sa chás sin, níorbh aon chuidiú é agus ní bheadh sé réadúil gan na tátail a dtiocfainn orthu a chur in iúl dá mba amhlaidh go gceapfainn go raibh an inniúlacht ag an gCoimisiún leanúint leis an dúshlán seo,” a dúirt Lord Mance.

Faoi láthair, ní cheadaítear ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann ach amháin i gcásanna ina mbíonn beatha na máthar i mbaol nó sa chás go ndéanfadh an toircheas damáiste buan agus tromchúiseach dá sláinte intinne nó choirp.

Thug Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine dúshlán an dlí ar an mbonn nár réitigh sé le trí airteagal den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine: airteagal 3 (cosc ar chéasadh nó íde mídhaonna nó táireach) agus airteagal 8 (ceart an duine chun meas a bheith ar a shaol príobháideach agus teaghlaigh) agus airteagal 14 (cosc ar leithcheal).

Fuarthas sa chúirt nach raibh an t-údarás ag Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine chun imeachtaí a thionscnamh toisc nár sainaithníodh gníomh neamhdhleathach nó duine a d’fhéadfadh fulaingt dá bharr agus an cás seo á thabhairt. D’easaontaigh triúr de na breithiúna leis an tátal sin ach chinn an ceathrar breithiúna eile nach raibh an dlí i dTuaisceart Éireann ag teacht le hairteagal 8 den Choinbhinsiún.

“Sa chás go dtabharfadh duine éigin eile cás maidir leis an dlí mar atá, is é is dóichí go bhfógrófaí go foirmiúil nach réitíonn an dlí sin leis an gCoinbhinsiún,” a dúradh sa bhreith.

Ó glacadh leis an leasú ar an mBunreacht sa deisceart an mhí seo caite tá brú breise ar Westminster reachtaíocht nua faoin nginmhilleadh a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann.

Dar le rialtas Westminster is ceist do pholaiteoirí Stormont é an ginmhilleadh agus gurb iadsan amháin ba chóir aon leasú a phlé.

Is é seo an tríú huair an dlí á phlé sna cúirteanna. D’fhógair an Ard-Chúirt i mBéal Feirste i mí na Nollag 2015 nach raibh an dlí ag comhréiteach le hairteagal 8 den Choinbhinsiún.

I mí an Mheithimh anuraidh chuir triúr de na breithiúna is sinsearaí i dTuaisceart Éireann an bhreith sin ar ceal agus dúirt gurbh iad na polaiteoirí i Stormont seachas na cúirteanna ba chóir an cinneadh sin a dhéanamh.

Mí Feabhra 2016 an uair dheireanach ar pléadh an scéal i dTionól Thuaisceart Éireann agus diúltaíodh ginmhilleadh a cheadú i gcásanna ina mbíonn mínormáltacht mharfach féatais, éigniú nó ciorrú coil i gceist.

Fág freagra ar 'Dúshlán in aghaidh dhlí ginmhillte Thuaisceart Éireann diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach i Londain'