Dúshlán cúirte faoi cheadúnas fíoruisce do thionscal na mbradán feirme i gConamara

Tá roinnt achrainn an faoi cheisteanna forbartha agus pleanála i dtionscal na feilméarachta bradán i gConamara faoi láthair

Dúshlán cúirte faoi cheadúnas fíoruisce do thionscal na mbradán feirme i gConamara

Tá dúshlán cúirte á thabhairt in aghaidh chinneadh an Bhord Pleanála i leith soláthar uisce do thionscal na mbradán feilme i gConamara.  Tugadh scéala don chomhlacht Bradán Beo Teo an tseachtain seo go bhfuil iniúchadh le déanamh san Ard-Chúirt ar an bpróiseas a bhain le ceadú soláthar fíoruisce as Loch an Mhuilinn i nGarmna i gConamara i mí Iúil seo caite. 

Ar mhaithe le tumadh a thabhairt do bhradáin fheilme a theastaíonn an fíoruisce. Glactar leis sa tionscal féin go bhfuil sé seo ar an mbealach is éifeachtaí le galar geolbhaigh agus míola farraige a sheachaint sna cliabháin éisc sna cuanta.

Tugadh an-suntas do chinneadh an Bhord Pleanála i mí Iúil seo caite ós rud é go raibh diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe don iarratas pleanála céanna bliain roimhe sin agus ceapadh go mba bhua suntasach a bhí ann do thionscal na feilméarachta bradán.  Tá comhlachtaí bradán sáraithe le riar blianta agus iad ag iarraidh bealaí a fháil le theacht ar sholáthairtí fíoruisce. Ach fágann an t-athbhreithniú dlíthiúil atá i gceist a dhéanamh anois go mbeidh cíoradh cúirte le déanamh ar chinneadh an Bhord Pleanála i gcás Loch an Mhuilinn agus gur dóigh go mbeidh sé tamall sula mbeidh an próiseas dlí tugtha chun críche. Tá baint ag Peter Sweetman, a bhfuil eolas maith air i gcúrsaí timpeallachta, leis an bpróiseas cúirte atá i gceist anois.

Ar an mBord Pleanála is láidre a bheidh compás na cúirte dírithe i gcás mar seo ach tá cáipéisí faighte freisin ag Bradán Beo Teo agus ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.  Beidh ar an dá dhream acu páirt a ghlacadh sa gcás cúirte.

Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe anuraidh don iarratas a chuir Bradán Beo faoina mbráid agus thug an comhlacht a gcás go dtí Bord Pleanála.  Os cionn bliana a thóg sé ar an mBord Pleanála a theacht ar shocrú.

Shocraigh an Bord Pleanála go gcaithfí amach cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ceadaíodh an t-iarratas ar an soláthar fíoruisce a thabhairt as Loch an Mhuilinn.  Bhí roinnt eile oibre beartaithe gar do Loch an Mhuilinn freisin agus bhí sé sin uilig curtha sa gcomhaireamh i gcinneadh an Bhord Pleanála – cosán agus píopaí, mar shampla.

Cuireadh roinnt coinníollacha leis an gceadúnas a thug an Bord Pleanála.

Ní fhéadfaí soláthar uisce a fháil as Loch an Mhuilinn ach idir an chéad lá de Bhealtaine agus an lá deireanach de Mheán Fómhair agus bhí srianta áirithe ar an méid litear uisce sa lá a cheadófaí a thabhairt as an loch.

Ní bheadh sé de chead ag Bradán Beo Teo uisce a thabhairt as an loch sa gcás agus go dtitfeadh leibhéal na locha níos ísle ná 2.34 méadar faoi bhun mheánleibhéal an uisce sa loch. Sa gcás agus go dtarlódh sin, chaithfí fanacht nó go n-ardódh leibhéal an uisce aríst sula mbainfí deoir ar bith as an loch.

Léiriú é an cás cúirte seo faoin soláthar as Loch an Mhuilinn ar a achrannaí agus atá ceisteanna forbartha agus pleanála i dtionscal na feilméarachta bradán. 

Tá ceist na forbartha atá beartaithe ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara faoi bhráid an Bhord Pleanála faoi láthair tar éis don eagraíocht ‘Cuan na Gaillimhe in aghaidh Cliabháin Bradán’ (GBASC) achomharc a dhéanamh maidir le cead pleanála ansin.

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le haghaidh oifig agus réamhfhorbairtí eile ar Pháirc na Mara níos túisce i mbliana. Táthar ag súil le cinneadh faoin achomharc sin i lár na míosa seo chugainn. 

Idir an dá linn, tuigtear go bhfuil roinnt conspóide taobh istigh de Roinn na Mara féin i dtaobh an mheaisín díshalannaithe atá tugtha chomh fada leis an gCaoláire Rua, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.

Thug Bord Iascaigh Mhara an trealamh seo isteach ar cíos agus é ar intinn acu uisce a mbeadh an sáile súite as a chur ar fáil do chomhlachtaí bradán. Cé gur faoi scáth Roinn na Mara atá Bord Iascaigh Mhara, ní cosúil go bhfuil dream eile sa Roinn chomh sásta céanna leis an obair dhíshalannaithe.   

Is mór i gceist le scaitheamh soláthairtí fíoruisce i dtionscal na mbradán.    go ndeirtear gur bealach glan agus éifeachtach é {níochán sna mbradán i bhfíoruisce} le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bhíonn ag baint le cliabháin éisc, tá grúpaí timpeallacha ag cur in aghaidh beartais dá leithéid.  Tarraingíodh raic cúpla bliain ó shin nuair a thriail an comhlacht Marine Harvest Ireland soláthair uisce a thabhairt leo as Loch an Óir ar an Aird Mhóir in iarthar Chonamara. Tosaíodh feachtas láidir go háitiúil i bhfabhar Marine Harvest Ireland sa gcás sin agus d’éirigh leis an gcomhlacht a ndóthain fíoruisce a fháil.

Ag an bhfear gnó, Michael Muir agus ag Údarás na Gaeltachta is mó atá scaireanna i mBradán Beo Teo.  Ar Chuan Chill Chiaráin, ó cheantar na nOileán siar chomh fada le cósta na hAirde Móire in iarthar Chonamara, is mó atá Bradán Beo Teoranta gníomhach.  Bhí lámh mhór ag Údarás na Gaeltachta i mbunú an chomhlachta nuair a thit an tóin as tionscal na mbradán roinnt  blianta ó shin. Cé go raibh cúpla drochbhliain ag an gcomhlacht, tá ag éirí go maith leis le roinnt blianta anois. Tá toradh maith ar na bradáin a cuireadh i bhfarraige agus praghsanna maithe á bhfáil orthu ar an margadh.

Fág freagra ar 'Dúshlán cúirte faoi cheadúnas fíoruisce do thionscal na mbradán feirme i gConamara'