Dúshláin mhóra le sárú ag Fianna Fáil lena chinntiú nach scriosfar iad sa chomhrialtas

Tá an páirtí is mó sa rialtas i gcontúirt agus an baol ann go n-ídeoidh an pobal a gcuid feirge orthu mar a tharla in 2011

Dúshláin mhóra le sárú ag Fianna Fáil lena chinntiú nach scriosfar iad sa chomhrialtas

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY/RollingNews.ie

Is gearr uainn arís na cruinnithe machnaimh réamhDhála a bhíonn ag na páirtithe polaitiúla. Cá bhfios cén múnla a bheidh ann i mbliana i bhfianaise na géarchéime sláinte ach cruinniú nó gan cruinniú, tá ábhar machnaimh go leor ag Fianna Fáil go háirithe. Cén chaoi a n-éireoidh leo a chinntiú nach scriosann an rialtas seo iad?

Tuigeann aon duine a bhíonn ag faire na polaitíochta go ndéantar scrios ar an bpáirtí beag i gcomhrialtas go minic. Níl againn ach breathnú ar an méid a tharla san am a caitheadh don Lucht Oibre agus don Chomhaontas Glas. Ídíonn an pobal a gcuid feirge ar an bpáirtí beag, de ghnáth. In 2011 fuair an Comhaontas Glas agus Fianna Fáil léasadh ón bpobal. Bhí bás Fhianna Fáil á thuar. Ach thug a gceannaire nua Micheál Martin faoin obair in éineacht lena fhoireann le hatógáil a dhéanamh ar an bpáirtí.

Féach anois cá bhfuil siad – i gcomhrialtas arís agus Micheál Martin ina Thaoiseach. Tá a mhian faighte ag an Taoiseach agus dílseoirí an pháirtí a chreideann gurb iadsan páirtí nádúrtha an rialtais. Ar an drochuair dóibh féin, níl ag éirí go maith leis an rialtas go dtí seo agus is measa ná sin an bhail atá ar Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna.

Is maith le Micheál Martin a bheith ag maíomh go bhfuil an líon is mó suíochán acu sa Dáil. Is ea, a bhuíochas do shuíochán an Cheann Comhairle nach raibh call dó seasamh sa toghchán. Dá mbeadh toghchán ann arís go luath – agus ní féidir sin a chur as an áireamh – céard a bheadh i ndán d’Fhianna Fáil?

Deir cuid de na pobalbhreitheanna go bhféadfadh tacaíocht an pháirtí a bheith chomh híseal le 13%.

Anuas air sin níl ach timpeall 9% de phobal Bhaile Átha Cliath ag tacú leo. Gan bunús maith tacaíochta sa bpríomhchathair ní féidir le haon pháirtí a bheith ag súil le mórán dul chun cinn a dhéanamh. Níl ag éirí leis an Taoiseach agus an tAire Sláinte nua an oiread muiníne a chothú i measc an phobail agus a rinne an bheirt a bhí rompu sna postanna sin ag tús na géarchéime.

Tá go leor den tuairim go bhfuil an ráig den víreas ag imeacht ó smacht ó chuaigh Micheál Martin agus Stephen Donnelly isteach i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Sláinte. Ní chuimhníonn siad go bhfuil Leo Varadkar agus Simon Harris fós ag bord an rialtais.

Inseoidh an cúpla seachtain seo romhainn go leor ó thaobh mhuinín an phobail sa rialtas, idir athoscailt scoileanna an mhí seo chugainn agus an buiséad an mhí dár gcionn. Agus ar fhaitíos go ndéanfaí dearmad air, tá dúshlán an Bhreatimeachta fós gan réiteach freisin.

Is beag am a fhágann sé seo ar fad ag Fianna Fáil le breathnú amach dá gcuid deacrachtaí féin. Is léir nach bhfuil a fhios ag go leor céard is bun dóibh. Tá siad i lár báire go polaitiúil ach tá go leor eile sa spás céanna i bpolaitíocht na hÉireann.

Ó tharla iad a bheith ag tabhairt droim láimhe le péire d’aidhmeanna bunaithe an pháirtí – athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge – tá go leor ar suim leo na mianta sin imithe chuig Sinn Féin. Go deimhin, tá an oiread airde ag ceannasaíocht an pháirtí ar thacaíocht Shinn Féin le cúpla bliain anuas agus atá acu ar a gcuid tacaíochta féin.

Tá siad i rialtas faoi láthair ach is ceist eile cén fhad a bheidh siad ann.

Caithfidh siad iarracht a dhéanamh an páirtí acu féin a neartú le linn dóibh a bheith páirteach sa rialtas éidreorach seo.

Ábhar machnaimh é sin do chruinniú an fhómhair.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra le sárú ag Fianna Fáil lena chinntiú nach scriosfar iad sa chomhrialtas'

  • Des O Murchu

    Na bi bronach, neart cludach donn le teacht faoi an leaba!?

  • Poraic o'hEipicín

    Fáigh Réidh lé Luchr an Ghinmhillte as an Dáil agus teach na n-Dúltaí. In Ainm Dé.

  • An Teanga Bheo

    Brú is coimhlint ní maith iad ?