Dúshláin éagsúla roimh na cúigí

Tá na ceithre chúige ag dul chun páirce sna comórtais Eorpacha inniu

Dúshláin éagsúla roimh na cúigí

Cé go bhfuil na ceithre chúige ag dul chun páirce sna comórtais Eorpacha inniu, ní hionann an brú ná an dúshlán atá rompu ar fad. Cúige Laighean agus iad gan Johnny Sexton is túisce a bheas ag freagairt dhúshlán Gloucester i Sasana ag am lóin inniu. D’aimsigh Cúige Laighean 57 pointe agus iad i gcoinne Gloucester i mBabhta 2 den chomórtas seo san RDS roimh an Nollaig, cluiche inar theip ar na cuairteoirí aon phointe a fháil. Tá mise den tuairim go bhfuil suim caillte ag Gloucester i gcomórtas Chorn na gCuradh mar go bhfuil siad suite sa gceathrú háit ar thábla an Gallagher Premiership faoi láthair.  Seans dá bhrí sin nach ndéanfaidh siad mórán iarrachta maidir le cluiche an lae inniu rud a fhágann deis ar bhua eile, ceann le ceithre úd fiú, ag Cúige Laighean.

Ní túisce a bheas an cluiche sin thart ná go gcuirfidh Cúige Mumhan fáilte go Luimneach roimh fhoireann  eile as Sasana, Northampton. 17 – 6 a bhuail Cúige Mumhan an fhoireann seo i Northampton roimh an Nollaig agus is fiú a mheabhrú nach raibh imirt ná cur chuige na Mumhan leath chomh snasta ná chomh héifeachtach an t-am sin is atá anois. Scéal eile atá á thuairisciú ag na Muimhnigh ó shin.  Fágann sin gur deacair tada eile a shamhlú ach bua ag an bhfoireann baile i Staid Thuamhan agus an áit sin lán go geata d’fhoireann Graham Rowntree.

Is roimh na hUltaigh agus iad as baile i La Rochelle na Fraince i gcoinne churaidh an chomórtais atá an dúshlán is mó i mBabhta 3. Chaill Cúige Uladh i gcoinne fhoireann Ronan O’Gara i mBéal Feirste, 36-19, i mBabhta 2 roimh an Nollaig agus is in olcas a d’imigh cúrsaí d’fhoireann an tuaiscirt  ó shin. Ochtó nóiméad crua atá i ndán do na hUltaigh agus bua eile atá i ndán do na curaidh.

I gCorn an Dúshláin,  an comórtas sóisearach, beidh Cúige Chonnacht sa mbaile i nGaillimh i gcoinne Brive na Fraince. Bhí bua maith 31-24 ag na Connachtaigh agus iad i gcoinne Brive i ndeisceart na Fraince i mBabhta 2 den chomórtas.  Is deacair dá bhrí sin malairt de thoradh a thuar anocht.  Beidh tacaíocht shlua an bhaile breá glórach agus iad ag gríosú fhoireann na Gaillimhe ar an mBóthar Beag. Fós féin, tá na Connachtaigh i gcruachás san URC.  Tá siad gar d’íochtar an tábla sa gcomórtas sin. Caithfidh Andy Friend cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu comórtas is tábhachtaí dó.

Mar sin féin, fiú agus iad ag cur meascán d’imreoirí chéad agus dara rogha chun páirce, ba cheart go mbeadh Cúige Chonnacht in ann a dtríú bua a fháil sa gcomórtas seo, go háirithe ó tharla gur chaill Brive a gcéad dhá chluiche.

Fág freagra ar 'Dúshláin éagsúla roimh na cúigí'