‘Dúradh ‘caithfimid na cuirtíní a dhúnadh anois’ agus bhí a fhios againn nach gcífimis arís é’

Bhí Seán Budhlaeir, arbh as Baile an Chalaidh dó, ar dhuine de sheachtar bhásaigh agus an Covid-19 orthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne le roinnt seachtainí anuas. Rinne a iníon, Caitríona, cur síos inniu ar na laethanta roimh agus i ndiaidh a bháis 

‘Dúradh ‘caithfimid na cuirtíní a dhúnadh anois’ agus bhí a fhios againn nach gcífimis arís é’

Tá cur síos déanta ag bean a raibh a hathair ar dhuine de sheachtar a bhásaigh agus an Covid-19 orthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne le cúpla seachtain anuas.

Bhásaigh Seán Budhlaeir, arbh as Baile an Chalaidh dó, san ospidéal coicís ó shin agus rinne a iníon, Caitríona, cur síos ar na laethanta roimh a bhás agus ina dhiaidh ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Dúirt Caitríona gur chaith Seán, a bhí dall, ocht mbliana san ospidéal pobail toisc gur theip ar a choisíocht.

Dúirt sí go mbíodh a máthair, Bríd, isteach ar chuairt chuige nach mór gach lá ó shin ach, ar theacht na paindéime go raibh “cúpla mí mhaith” ann nuair nach raibh duine ar bith in ann dul isteach chomh fada leis san ospidéal.

Scaoiltí cuairteoir amháin isteach gach seachtain i rith an tsamhraidh ach cuireadh deireadh leis sin arís nuair a tháinig an dara maidhm den víreas sa bhfómhar.

Bhí 90 bliain slánaithe ag Seán tús mhí Dheireadh Fómhair, ach dúirt Caitríona nach raibh cead ach ag a máthair dul isteach chuige agus bhí leathuair an chloig eile aici leis oíche Nollag.

Mhínigh Caitríona go bhfuair sí glaoch ón ospidéal ar an 6 Eanáir agus dúradh go raibh teocht ard ag a hathair agus go mbeadh orthu tástáil Covid-19 a dhéanamh air. Fuarthas na torthaí an lá dár gcionn.

“9.30 oíche Déardaoin, tháinig glaoch chugam féin ó Dheirdre, an mátrún sa Daingean. Dúirt sí, agus bhraitheas go raibh sí an-trína chéile, go raibh an víreas faighte aige. Baineadh an-phreab asam,” a dúirt Caitríona.

Dúirt sí go raibh an-imní uirthi nach dtiocfadh a hathair slán ón víreas. 

“Nuair a chualathas an scéal, bhíos ag rá ‘Tá ceann scríbe bainte amach,’ i m’aigne fhéin. ‘Tá deireadh leis anois’. Bhí mo mháthair níos dóchasaí, bhraitheas.”

Cé nach raibh Seán róbhreoite ar feadh cúpla lá, dúradh gur bhuail taom ansin é.

“Maidin Dé Luain . . . cuireadh glaoch ar mo mháthair agus dúradh ‘Tá sé imithe síos ar fad agus caithfidh sibh teacht isteach.’ Dúradh linn fios a chur ar mo dheirfiúr teacht abhaile ó Bhaile Átha Cliath.”

Dúirt Caitríona gur tugadh cead di féin agus dá máthair dul isteach go dtí Seán san ospidéal an lá sin.

“Cuireadh an feisteas uile, an PPE, orainn ó bhonn go baithis. Bhraitheas nuair a bhíomar ag siúl síos chuig an seomra  go rabhamar istigh i scannán éicint . . . an sean-lady i mo theannta agus í feistithe ó bhonn go baithis.”

Bhí imní ar Chaitríona go mbeadh deacrachtaí anála ar a hathair ach ní hin mar a bhí agus bhí cuma “shuaimhneach” air, dar léi. Deir sí go raibh siad in ann leathuair an chloig nó mar sin a bheith acu leis ach dúirt sí go raibh a fhios aici nach mbeadh deis cheart acu slán a rá leis ina dhiaidh sin.

“Nuair a bhí muid ag fágáil, dúirt mé le Mam, ‘Abair do shlán leis anois mar ní chífimid arís é’. Mar sin a bhí.”

Idir sin agus an lá ar cailleadh Seán, bhí Caitríona, a máthair agus a muintir in ann seasamh taobh amuigh d’fhuinneog an tseomra.

“Bhí sí [máthair Chaitríona] ina saighdiúir ag imeacht síos agus chaith sí cúpla uair an chloig thíos na haon lá lasmuigh den fhuinneog,” a dúirt Caitríona.

“Bhíomar scanraithe mar gheall ar mo mháthair ach go háirithe, go ngeobhadh sí pneumonia as an gcúram ar fad. Bhímis ag dul síos ag freastal uirthi le tae. Chuirimis braon fuisce sa tae chun í a choimeád te.”

Dúirt Caitríona go mbíodh sé brónach ag seasamh lasmuigh den fhuinneog ach go raibh sí féin agus a muintir in ann gáire a dhéanamh le chéile chomh maith.

“Is cuimhin liom uair amháin, bhí Dé hAoine nó Dé Sathairn tagtha, agus bhéic mo mháthair isteach sa fhuinneog agus dúirt sí ‘Féach anois a bhuachaill, mura mbailíonn tú leat tapaidh, ní bheidh aon bhraon fuisce fágtha ar an mbaile!’ Phléascamar uile amach ag gáire. Bhí sé ait.”

Dé Sathairn a bhásaigh Seán agus ní raibh an chlann in ann dul níos gaire dó ná an fhuinneog.

“Ghoill sé go mór orainn nach rabhamar in ann dul isteach agus ár lámh a leagan air, póg a thabhairt dó, aon slán ceart a rá leis. 

“B’fhéidir go raibh uair nó dhó againn lasmuigh den bhfuinneog nuair a bhí sé caillte. Bhíomar [clann agus muintir] tamall ag caint agus ag gáire, scaipthe amach óna chéile. ’Sé seo tórramh an lae inniu,” a dúirt Caitríona.

Labhair an iníon faoin mbrón nuair a tháinig an t-adhlacóir áitiúil, Donal O’Connor, chun corp a hathar a ullmhú don sochraid.

“Pointe an-dian ab ea é nuair a dúradh linn ‘Caithfimid na cuirtíní a dhúnadh anois. Bhí sé dian nach rabhamar ábalta a bheith ann agus lámh a bhualadh air agus slán a rá leis. Bhíomar á rá sin tríd an fhuinneog. Bhí’s againn nach gcífimis arís é, go mbeadh an chónra dúnta.”

Dúirt Caitríona go raibh a máthair ag iarraidh culaith éadaí a fháil réidh do Sheán ach go raibh uirthi a mhíniú di nach bhféadfaí an chulaith a chur air agus go gcaithfí é a chur san éadach a bhí air.

“Baineann sé sin cuid den ndínit den rud is dóigh liom. Nuair a fheiceann tú duine i gcónra, bíonn siad leagtha amach chomh nádúrtha.”

Labhair Caitríona faoi shochraid a hathar agus chomh hait a bhí sé an séipéal a fheiceáil chomh folamh.

“Bhí rud ansin nach féidir an chónra a iompar ar do ghualainn isteach sa sáipéal agus amach as an tsáipéal. Pointe an-chumhachtach é sin in aon sochraid, daoine faoin gcónra á sheoladh amach as an sáipéal. An turas deireanach agus ní raibh sin i gceist.”

Mar sin féin, dúirt Caitríona gur “mór an sólás” don chlann na daoine ar fad a bhí lasmuigh den séipéal agus ar an tslí go dtí an reilig agus ghabh sí buíochas as an gcúnamh ar fad a bhí faighte ag an gclann sna laethanta ó shin.

  • Is féidir an t-agallamh iomlán a rinne Caitríona Budhlaeir le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas a chloisteáil anseo.

Fág freagra ar '‘Dúradh ‘caithfimid na cuirtíní a dhúnadh anois’ agus bhí a fhios againn nach gcífimis arís é’'