Tá iarracht ar bun ag Cathaoirleach nua Bhord Fhoras na Gaeilge cur leis an tionchar a bhíonn ag an eagraíocht ar airí rialtais i dtaobh neartú na Gaeilge, thuaidh agus theas.
Agus í ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Regina Ní Chollatáin gur ceann de na tosaíochtaí atá aici mar Chathaoirleach ná plé níos mó a dhéanamh le hairí chun cás na Gaeilge a chur chun cinn.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo níos túisce i mbliana nach raibh ag an eagraíocht teanga ach aon chruinniú amháin le cúig bliana anuas le haire ar bith seachas na hairí a raibh cúram na Gaeilge orthu.
De réir reachtaíocht bhunaidh Fhoras na Gaeilge, tá sé de dhualgas orthu comhairle faoin nGaeilge “a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach”.
Dúirt Ní Chollatáin go raibh cruinnithe á lorg ag Foras na Gaeilge le hairí ó thuaidh agus ó dheas chun “buarthaí” agus “éilimh” na heagraíochta a chur faoina mbráid.
“Sin ceann de na rudaí, b’fhéidir, atá ar mo liosta, an tionchar atá againn mar Fhoras ar an rialtas,” arsa Ní Chollatáin agus í faoi agallamh ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.
Mheas Ní Chollatáin, a ceapadh ina Cathaoirleach ar an bhForas mí Bealtaine, go raibh sé tábhachtach an plé sin a bheith acu le hairí rialtais chun go mbeadh tuiscint acu ar thábhacht na Gaeilge.
Dúirt sí go ndéanann Conradh na Gaeilge obair stocaireachta i measc airí ach go raibh níos mó oibre le déanamh.
Dúirt Ní Chollatáin gur chruthaigh paindéim an Covid-19 agus an t-éileamh a bhíonn ar airí, go háirithe anois aimsir an Bhuiséid, dúshláin i dtaobh cruinnithe a reáchtáil.
Thug sí le fios go raibh súil aici go ndéanfaí dul chun cinn go luath.
Luaigh Ní Chollatáin freisin an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) agus dúirt go gcuirtear “bac” leis an obair nuair nach dtéann na cruinnithe sin ar aghaidh.
Cuireadh cruinnithe de chuid CATT faoi chúrsaí teanga ar ceal níos luaithe i mbliana nuair a tharraing aire de chuid an DUP amach agus tá an scéal á fhiosrú anois ag Coimisinéir na gCaighdeán in Stormont.
Dúirt Ní Chollatáin freisin san agallamh go raibh “bearna” idir an obair a dhéanann Foras na Gaeilge i dtaobh cúrsaí teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus an obair atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht.
Mheas Ní Chollatáin go raibh gá le tuilleadh plé idir na heagraíochtaí chun “bealach cumarsáide éifeachtach, éifeachtúil a bhunú.”
Mhol an Cathaoirleach go dtabharfaí le chéile in aon ionad amháin “príomheagraíochtaí agus institiúidí Gaeilge na tíre seo trí chéile, idir thuaidh agus theas, mar réamhchéim le fáil amach cad atá uainn ar fad”.
Fág freagra ar 'Dul i bhfeidhm ar airí rialtais ceann de thosaíochtaí Chathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge'