Aire de chuid an DUP le fiosrú as gan freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus CAJ roimh chinneadh Choimisinéir na gCaighdeán in Stormont fiosrú a chur ar bun maidir le neamhfhreastal Gordon Lyons ar chruinniú ardleibhéil faoi chúrsaí teanga

Aire de chuid an DUP le fiosrú as gan freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge

Tá aire sóisearach de chuid an DUP le fiosrú ag Coimisinéir na gCaighdeán in Stormont as gan freastal ar chruinniú faoi chúrsaí Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, cuireadh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga ar ceal ag an nóiméad deireanach níos túisce i mbliana nuair a dúirt Gordon Lyons nach raibh sé ar fáil le freastal air.

Tá Lyons anois á fhiosrú ag Coimisinéir na gCaighdeán, an Dr Melissa McCullough, féachaint ar sháraigh sé Cód Iompair na nAirí.

Fuair an Coimisinéir gearán ó Chonradh na Gaeilge mí Aibreáin nár fhreastail Lyons ar an gcruinniú agus d’fhógair sí inniu go raibh sí chun fiosrú a chur ar bun. Seo an chéad uair di ball tionóil atá ina aire a fhiosrú. Tugadh an chumhacht bhreise di airí a fhiosrú le déanaí.

Tá fáilte curtha ag CAJ, eagraíocht neamhrialtasach ar son cearta daonna, agus ag Conradh na Gaeilge, roimh chinneadh an Choimisinéara.

Dúirt Daniel Holder ó CAJ gur “fóram tábhachtach” na cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas chun cearta cainteoirí Gaeilge agus Ultaise a chur chun cinn.

“Tuigim go mb’fhéidir go bhfuil an DUP míshásta le hiarmhairtí an Bhreatimeachta ach is soiléir nach bhfuil sé cothrom go gcuirfí bac ar dhul chun cinn do chainteoirí Gaeilge agus Ultaise mar gheall ar cheist nach mbaineann le hábhar. Tá freagracht shoiléir ann sa dlí agus i gCód Iompair na nAirí páirt a ghlacadh sa bhforas teanga,” a dúirt Daniel Holder ó CAJ.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge go raibh ról lárnach ag na cruinnithe in obair Fhoras na Gaeilge.

“Léirigh cinneadh an DUP gan freastal ar dhá chruinniú sa réimse seo le déanaí drochmheas ar phobal na Gaeilge ach chomh maith leis sin chuir sé constaicí eile roimh chur chun cinn na Gaeilge. Ní féidir glacadh leis seo.”

Cuireadh ar ceal ag an nóiméad deiridh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga a bhí socraithe don 31 Márta toisc nach raibh aire de chuid an DUP ar fáil.

Ní raibh oifig an aire a bhí i gceist, Gordon Lyons, sásta aon mhíniú a thabhairt do Tuairisc.ie ar an gcúis gur tharraing sé siar ón gcruinniú seachas go ndúirt sé féin nach raibh sé ar fáil.

Ní rabhthas sásta ach oiread aon deimhniú a thabhairt go bhfreastalódh an tAire Lyons ar an gcruinniú nuair a reáchtálfaí arís é.

Cuireadh ar ceal i dtús na míosa seo cruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí Gaeilge agus Ultaise nuair a dúirt Lyons nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Ní raibh airí eile de chuid an DUP le fáil do chruinnithe eile le hairí na Dála le tamall.

D’fhógair an tAire Pobal, Deirdre Hargey, go raibh comhairle dlí á lorg aici faoi athbhreithniú dlíthiúil a thosú in aghaidh an DUP mar gheall ar a neamhfhreastal ar chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Aire de chuid an DUP le fiosrú as gan freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoin nGaeilge'