Gan ach cruinniú amháin le cúig bliana anuas ag Foras na Gaeilge le haire rialtais nach raibh freagrach as an nGaeilge

Thug Foras na Gaeilge le fios go raibh sé i gceist acu níos mó a dhéanamh chun an dualgas reachtúil atá orthu comhairle a chur ar an dá rialtas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh

Gan ach cruinniú amháin le cúig bliana anuas ag Foras na Gaeilge le haire rialtais nach raibh freagrach as an nGaeilge

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge níos mó a dhéanamh chun a ndualgais reachtúil a chomhlíonadh agus é tagtha chun solais nach raibh ag an eagraíocht teanga ach aon chruinniú amháin le cúig bliana anuas le haire ar bith seachas na hairí a raibh cúram na Gaeilge orthu.

De réir reachtaíocht bhunaidh Fhoras na Gaeilge, tá sé de dhualgas orthu comhairle faoin nGaeilge “a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach”.

Ach seachas cruinniú amháin in 2019, ní raibh aon chruinniú ag Foras na Gaeilge chun comhairle chur ar aon airí eile seachas na hairí sna ranna a dhéanann maoiniú ar an bhforas trasteorann, Roinn na Gaeltachta ó dheas agus an Roinn Pobal ó thuaidh.

Tugadh an méid sin le fios mar thoradh ar fhiosrúchán a rinne an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an eagraíocht trasteorann faoina laghad comhairle a bhí á cur acu ar an dá rialtas, dúirt urlabhraí dá gcuid gurb amhlaidh go raibh siad sásta go raibh airí áirithe go maith chun comhairle i leith na Gaeilge a chur ar airí eile.

“Is maith an rud é go bhfuil Airí againn sa dá dhlínse faoi láthair atá ag tacú go mór leis an nGaeilge. Le blianta beaga anuas tá Airí agus státseirbhísigh shinsearacha atá freagrach as polasaithe Gaeilge sa dá dhlínse againn atá gníomhach ag cur comhairle ar airí eile rialtais. Dá réir sin, díríonn Foras na Gaeilge ar an dualgas reachtúil comhairle atá orainn a thabhairt i gcrích trí bhualadh leis na hAirí atá ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht,” a dúradh i ráiteas an fhorais teanga.

“Tá sé an-tábhachtach na hAirí sin atá ag plé leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge a chur ar an eolas faoi cheisteanna a thagann faoi chúram Ranna Rialtas eile, le go mbeidh siad in ann dul i bhfeidhm ar na hAirí sin. Ó am go chéile, bíonn sé níos éifeachtaí comhairle a chur ar na Ranna urraíochta le go mbeidh siad in ann an cás a dhéanamh.”

Dúirt Foras na Gaeilge go raibh cruinnithe iarrtha acu “ó am go chéile” ar airí eile atá freagrach as réimsí éagsúla atá tábhachtach do chur chun cinn na teanga, amhail an tAire Oideachais, an tAire Cumarsáide agus an tAire Tithíochta.

“Bíonn cruinnithe mar sin ag brath ar airí a bheith ar fáil le bualadh le Foras na Gaeilge,” a dúirt urlabhraí an Fhorais.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Éamon Ó Cuív, níor luaigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ach cruinniú amháin a bhí ag Foras na Gaeilge leis an Aire Oideachais in 2019 nuair a iarradh airsean cé mhéad uair le cúig bliana anuas ar chuir an Foras comhairle ar aon Aire Rialtais, nó ar aon Roinn Stáit nó ar chomhlacht reachtúil.

“Taobh amuigh de na cruinnithe sin [leis na hAirí i ranna urraíochta an Fhorais], tuigtear dom go raibh cruinniú idir Fhoras na Gaeilge agus an tAire Oideachais in 2019,” a dúirt an tAire Chambers.

Dúirt sé go mbíonn “cruinnithe rialta ag oifigigh shinsearacha de chuid Fhoras na Gaeilge le hoifigigh shinsearacha Ranna Rialtais éagsúla agus cuirtear comhairle orthu sna cruinnithe sin.”

Mar sin féin, thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie go raibh sé i gceist ag an eagraíocht níos mó a dhéanamh chun a ndualgas a chomhlíonadh maidir le comhairle a chur ar an dá rialtas i leith na Gaeilge.

“Glacann Foras na Gaeilge leis go bhfuil forbairt le déanamh ar an ghné seo dár gcuid oibre, agus gnéithe eile nach í, go háirithe anois agus an brú a bhí ar airí Rialtais maidir leis an ngéarchéim sláinte ag laghdú,” a dúirt urlabhraí an Fhorais.

Fág freagra ar 'Gan ach cruinniú amháin le cúig bliana anuas ag Foras na Gaeilge le haire rialtais nach raibh freagrach as an nGaeilge'

  • An tEisreachtach

    Cén fáth a mbíonn tuairisc.ie ag caitheamh le Foras na Gaeilge i leith is gur eagraíocht iad atá ann leis an nGaeilge a chur chun cinn?
    Seachas An Gúm, An Coiste Téarmaíochta agus Aonad na Foclóireachta (atá – faraor – faoi scáth an Fhorais ó 1998), is campa saoire é an Foras.
    Féach: cén feabhas atá tagtha ar ‘sheirbhísí Gaeilge’ an stáit ó bunaíodh Bord na Gaeilge (Foras na Gaeilge ina dhiaidh sin) sna seachtóidí?

  • Donncha

    Ní thuigim cén obair a bhíonn ar siúl ag Foras. Seachas ag roinnt físeán ar Facebook atá maslach don Ghaeilge.