Dul chun cinn do phlean d’fheirm ghaoithe na Sceirdí, ach níl an driopás céanna le forbairt Ros an Mhíl

Tá eolas á bhailiú mar thaca leis an iarratas ar chead pleanála do cheann de na forbairtí is costasaí agus is mó riamh sa Ghaeltacht

Dul chun cinn do phlean d’fheirm ghaoithe na Sceirdí, ach níl an driopás céanna le forbairt Ros an Mhíl

Beidh céim fhíorthábhachtach den réiteach atá ar bun maidir leis an bplean feirm ghaoithe a fhorbairt ag carraigeacha na Sceirdí siar ó chósta Chonamara ag tosú go luath. 

Mar chuid den obair seo, tabharfar isteach bád atá feistithe go speisialta le tomhas a fháil ar an téagar agus an mianach atá sna carraigeacha faoi íochtar na farraige ansin. 

Tá na deiseanna atá ar an mbád seo – ar mhúnla ‘radar’ – chomh géar sin agus go bhfuiltear in ann cuntas a fháil ar nádúr na bunchloiche méadar iomlán níos doimhne ná an grinneall. 

Beidh an t-eolas sin á bhailiú mar thaca leis an iarratas ar chead pleanála agus táthar ag súil go gcuirfear na cáipéisí sin chun bealaigh an chéad bhliain eile. 

Tá an comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, leagtha ar €1 billiún a chaitheamh ar fhorbairt na feilme gaoithe seo ar láthair faoi bhun an tsnátha mara ar na Sceirdí.

Ar ndóigh, beidh leas atá níos tábhachtaí fós le baint as an tuairisc seo ar ghrinneall na mara. Beidh na seastáin mhóra arda a bhíonn ag teastáil i bhfeilmeacha gaoithe le feistiú agus le daingniú ar na carraigeacha sin.

Meastar go mairfidh an obair thaighde is deireanaí seo ar feadh cúpla mí, ag brath ar an aimsir. 

Ach cé go n-aithnítear an fhorbairt atá fógartha ar chalafort Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara mar cheangal a bheadh an-fhóinteach do thionscal na gaoithe sna Sceirde, ní cosúil go bhfuil an driopás céanna le pleananna an chalafoirt. 

Glactar leis gur scéim mhór oibre atá i gceist i Ros an Mhíl agus d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Charlie McConallogue, €25 milliún don togra, ach tá cúrsaí ama go láidir ar a n-intinn ag daoine a bhí ag leagan béime ar chalafort Ros an Mhíl le fada an lá. Ní mhairfidh an cead pleanála atá ar fáil don fhorbairt sin i Ros an Mhíl ach go deireadh na bliana seo. 

Níl aon chaint phoiblí ann fós faoi scéala a chur amach ag iarraidh tairiscintí ó chonraitheoirí le tabhairt faoin obair. 

Bíonn roinnt ama ag teastáil le haghaidh na ndualgas seo agus ní fada go mbeidh muid istigh sa dara cuid den bhliain. Cuimhnigh go gcaithfear cúrsaí saoire an tsamhraidh, mí Lúnasa, chomh maith le saoire na Nollag a chur san áireamh sa tréimhse sin. 

Feictear do chuid mhaith daoine, idir an earnáil phríobháideach agus phoiblí, go mbeadh go leor buntáistí ag muintir Chonamara as forbairt chalafort Ros an Mhíl. Tá tuairimí tugtha ag lucht taighde go bhféadfadh na céadta post a bheith lonnaithe ansin. 

Tuigtear go maith go bhfuil údaráis ar chalafoirt eile ag súil go bhfaighidh siadsan buachtáil as tionscnamh na Sceirdí ach tá buntáiste na tíreolaíochta ag Ros an Mhíl. Chomh maith leis sin, ceaptar go bhféadfaidís a bheith réitithe leis an obair ansin taobh istigh de thrí nó ceathair de bhlianta. D’fhágfadh sin go mbeadh Ros an Mhíl faoi lán seoil ach a mbeadh an obair ag tosú go láidir sna Sceirdí – sin de réir réamhaisnéis na bhforbróirí. 

Tá na dintiúirí pleanála réitithe i Ros an Mhil; tádar in ann na meaisíní a chur ar an suíomh gan aon mhoill ach cúrsaí airgeadais, páipéarachais agus conraitheoireachta a bheith in ord. 

Ach mura mbeadh sin déanta, agus an obair tosaithe ar an suíomh roimh dheireadh na bliana seo, d’fhéadfadh próiseas pleanála eile a bheith i gceist agus gan fhios cén chaoi a séidfeadh an ghaoth an uair sin. 

Tuigtear go bhfuil Green Investment Group ag cuimhneamh ar dhá phlean forbartha gaoithe i limistéar na Sceirde:

  • 14 muileann/ crann gaoithe a ghinfeadh idir 224-252 meigeavata
  • 22 muileann/ crann gaoithe a ghinfeadh idir 352 agus 400 meigeavata.

Chuirfeadh an ghiniúint sin cumhacht ar fáil do bheagnach 300,000 teach cónaithe.

Beidh réiteach le déanamh freisin faoi chiste tacaíochta pobail mar chuid den phlean iomlán. Meastar go mbeadh na milliúin euro sa gciste seo d’imeachtaí agus forbairtí pobail in iarthar Chonamara ar feadh tréimhse 15 bliain. 

Ceaptar go gcuirfí tús le dáileadh cuid den chiste seo taobh istigh de chúpla bliain ach gur le linn don chumhacht a bheith á giniúint is láidre a bheadh fáil ar an gciste airgid sin. 

Ní raibh mórán dóchais ag go leor daoine go bhféadfaí feilm ghaoithe a lonnú i limistéar na Sceirdí nuair a tosaíodh an iarracht in 2000. Bhí na Sceirdí i gcaint na ndaoine in iarthar Chonamara riamh anall – trí oileán charraigeacha a raibh farraigí corracha timpeall orthu.

Bhíodh iascairí agus mairnéalaigh cúramach thart ar na bealaí seo i mbéal an Atlantaigh riamh. Ach níor chuir sin bunaitheoirí phlean gaoithe na Sceirde go leataobh ón sprioc a bhí acu. Bhí muintir Laoi as Leitir Mealláin, agus infheisteoirí eile leo, bainteach leis an gcéad iarracht sin. 

Áirítear gurb as an ionad mórthíre is mó a bhainfeadh muintir na Gaeltachta tairbhe oibre as plean na Sceirdí. Sin é a t-údar go bhfuil béim mhór ar Ros an Mhíl agus daoine ag coinneáil súil ar fhéilire 2022 ar fhaitíos go n-imeodh an taoille uathu. 

Fág freagra ar 'Dul chun cinn do phlean d’fheirm ghaoithe na Sceirdí, ach níl an driopás céanna le forbairt Ros an Mhíl'