Duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Liam Ó Muirthile tar éis bháis

Scríbhneoir ildánach agus ceardaí focal go smior ab ea Liam Ó Muirthile a bhain aitheantas amach as feabhas a chuid saothair mar fhile, mar dhrámadóir, mar úrscéalaí agus mar iriseoir

Duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Liam Ó Muirthile tar éis bháis

Liam Ó Muirthile (2001)

Tá duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Liam Ó Muirthile tar éis bháis.

Scríbhneoir ildánach ab ea an Muirthealach, a rugadh i gcathair Chorcaí i 1950, a bhain aitheantas amach as feabhas a chuid saothair mar fhile, mar dhrámadóir, mar úrscéalaí agus mar iriseoir. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil agus le linn na sealanna a thugadh sé i gCorca Dhuibhne agus é óg.

Mar fhile is mó a thuill sé cáil agus bhí sé go mór sa treis sa ghrúpa filíochta INNTI le linn dó a bheith ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh, mar ar dhein sé céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Ba cheannródaithe Ó Muirthile agus lucht INNTI, leithéidí Gabriel Rosenstock, Michael Davitt agus Nuala Uí Dhomhnaill, ar sheol a gcuid filíochta litríocht na Gaeilge ar chonair nua.

D’aistrigh Liam Ó Muirthile go dtí Baile Átha Cliath i 1972 agus i ndiaidh dó seal gairid a chaitheamh ag obair le Gael Linn chuaigh sé leis an iriseoireacht i seomra nuachta RTÉ. D’fhág sé RTÉ i 1991 chun go mbeadh níos mó ama aige a bheith ag scríobh. Bhíodh colún seachtainiúil aige, An Peann Coitianta, ar The Irish Times idir 1989-2003, ina léiríodh sé go paiteanta buanna na litríochta agus buanna na hiriseoireachta araon. Foilsíodh cuid mhaith de na colúin sin i gcnuasaigh éagsúla. I gceann de na colúin sin, scríobh sé gur bhraith sé uaireanta “gurb iad focail an t-aon chóras fealsúnachta atá againn féin, lena gcáilíochtaí, lena mbríonna neamhshainiúla, lena n-éagantacht” agus go bpléimid in Éirinn le focail “mar  a thráchtann an Francach ar fhíon – go géarchúiseach, go dúthrachtach, fiosrach”.

Liam Ó Muirthile (2001)

Ceardaí focal go smior ab ea an Muirthealach féin ó thús agus thuill a chéad chnuasach filíochta Tine Chnámh (1984) Gradam Uí Riordáin Oireachtas na Gaeilge agus Gradam an Irish-American Cultural Foundation. Ba mhó gradam a bronnadh air ina dhiaidh sin, ina measc duais Gradam Butler (1996), duais na Comhairle Ealaíon (2001) agus Gradam Chló Iar-Chonnacht (2000).

Foilsíodh rogha dánta leis in 2013 sa chnuasach dátheangach An Fuíoll Feá – rogha dánta / Wood Cuttings – New and Selected Poems, ina raibh aistriúcháin ar chuid da mhórdhánta ag leithéidí Paul Muldoon, Ciaran Carson agus Eoghan Ó hAnluain. Aistríodh cuid dá dhánta chomh go dtí an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Ungáiris agus an Rómáinis. Bhí luí ar leith ag Ó Muirthile riamh leis an bhFrainc agus le litríocht na Fraince agus ba aistritheoir cruthanta é féin chomh maith, a d’aistrigh dánta le leithéidí Guillaume Apollinaire, Jacques Prévert agus Anne Hérbert.

Drámadóir agus úrscéalaí den scoth ab ea é chomh maith. I 1993 léirigh Amharclann de hÍde a dhráma Tine Chnámh agus léiríodh Fear an Tae  i 1995 and Liodán na hAbhann in 2000. I measc a saothar próis tá Ar Bhruach na Laoi a bhuaigh príomhdhuais an Oireachtais i 1995, an t-úrscéal bleachtaireachta Sceon na Mara, An Colm Bán, úrscéal liteartha suite i bPáras a ghnóthaigh duais Oireachtais in 2013 agus Aois Fir, a shár-úrscéal do dhéagóirí a foilsíodh in 2015. Ba iad na leabhair dheireanacha leis a foilsíodh ná Oilithreacht Pinn, cuntas ar a aistear ar Camino Francés ar Bhealach San Séamus agus Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas.

Maireann a pháirtí, an scoláire agus foilsitheoir Caoilfhionn Nic Pháidín agus a chlann.

Fág freagra ar 'Duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Liam Ó Muirthile tar éis bháis'

  • Liam P Ó Murchú

    Cé go raibh brón orainn i mo thighse i ndiaidh Liam ár gcara, bhí ionadh orainn nuair a léadh an cheannlíne thuas os ard. Cérbh é an duine de na mórscríbhneoirí a bhí imithe uainn i dteannta Liam? Dar ndóigh, bhí Tom Murphy ach bhí an scéal san fuartha. Is áirithe ná beadh Liam, an ‘ceardaí focal’ róshásta leis an drocheagarthóireacht nó easpa na heagarthóireachta thuas.

    Recte: ‘Liam Ó Muirthile, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann tar éis bháis’