Duine as gach cúigear ó dheas agus duine as gach ochtar ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge – pobalbhreith nua

Cé go ndúradh i nDaonáireamh 2022 go raibh an Ghaeilge ag 40% den phobal ó dheas, léiríonn torthaí suirbhé nua nach bhfuil ach 20% den daonra sách muiníneach as a gcuid Gaeilge chun í a labhairt

Duine as gach cúigear ó dheas agus duine as gach ochtar ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge – pobalbhreith nua

D’fhéadfadh nach mbeadh leath de na daoine sa stát a deir go bhfuil Gaeilge acu sásta í a labhairt, de réir torthaí suirbhé nua.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, tugtar le fios nach bhfuil ach 20% den phobal ó dheas den teorainn, duine as gach cúigear, muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge faoi láthair.

I nDaonáireamh 2022, dúirt 40% de dhaonra an stáit a bhí trí bliana agus os a chionn go rabhadar in ann an Ghaeilge a labhairt. Bhí 1,873,997 duine ar fad a dúirt sa Daonáireamh go raibh Gaeilge acu ach thug 25% díobh sin le fios nach labhraíonn siad riamh í.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé nua nach bhfuil ach thart ar 20% de phobal an stáit muiníneach as a gcuid Gaeilge a labhairt, áfach. Titim a bhí sa 20% sin ón 27% den phobal ó dheas a thug le fios i suirbhé do Chonradh na Gaeilge anuraidh go raibh muinín acu as a gcuid Gaeilge labhartha.

Tháinig méadú mór ó anuraidh ar líon na ndaoine a dúirt nach raibh siad muiníneach gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt, ó 57% in 2022 go dtí 75% in 2023.

Tá céatadán an phobail i dTuaisceart Éireann a deir go mbeadh siad muiníneach as an Ghaeilge a labhairt fanta mar a bhí agus é tugtha le fios ag 13% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé, duine as gach ochtar, go bhfuil muinín acu as a gcuid Gaeilge labhartha. Dúirt 83% nach bhfuil muinín ar bith acu an teanga a labhairt, i gcomparáid le 78% in 2022.

Tháinig ardú ar an gcéatadán den phobal ó thuaidh a deir go bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge, áfach. Thug 19% de dhaoine le fios i mbliana go raibh siad muiníneach go dtuigfeadh siad an Ghaeilge, i gcomparáid leis an 13% a bhí i gceist anuraidh.

Dúirt 35% den phobal ó dheas go mbeadh siad muiníneach go dtuigfeadh siad an Ghaeilge, nach mór an céatadán céanna a bhí ann anuraidh – 36%. Cé nár athraigh an figiúr sin mórán, bhí ardú ar chéatadán na ndaoine a dúirt nach dtuigfeadh siad an Ghaeilge, ó 48% in 2022 go dtí 61% in 2023.

Ní raibh daltaí scoile san áireamh, den chuid is mó, sa phobalbhreith. Daoine 18 bliain agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh don suirbhé in 2023.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ó thuaidh gur dea-scéal iad torthaí na pobalbhreithe, anuas ar an méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge a léiríodh i nDaonáireamh 2021, do chás na teanga.

“Ach is gá anois don Stát an líon daoine a deir go bhfuil muinín i labhairt agus i dtuiscint na Gaeilge acu a aithint,” arsa Ó Muadaigh. “Tá gá le tuilleadh deiseanna úsáide, le soláthar agus le hinfreastruchtúr níos fearr sa Ghaelscolaíocht, le cur i bhfeidhm reachtaíochta thuaidh agus theas, agus le straitéisí teanga a dhéanfaidh difear don phobal féin.

“Má tá an dá Stát chun tacú leis an fhás seo sna blianta atá amach romhainn beidh gá le tuilleadh tacaíochta ag gach leibhéal den chóras oideachas, le hinfheistíocht shuntasach maoinithe sa phobal féin fríd ‘An Plean Fáis’ agus cothrom na Féinne don Ghaeltacht.”

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé do Chonradh na Gaeilge ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh.

 

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Duine as gach cúigear ó dheas agus duine as gach ochtar ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge – pobalbhreith nua'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ní thagann an t-eolas seo aniar aduaidh ar éinne a bhfuil a shúile agus a chluasa ar oscailte aige agus nach bhfuil faoi gheasa ag an gcur i gcéill.

  • Brian Ó Baoill

    Bhéinn an amhrasach faoi na torthaí seo. Níl se in-chreidte go dtarlódh athraithe den mhéid atá léirithe sna pobalbreitheanna seo taobh istigh de bhliain amháin.

  • Eoin Ó Murchú

    Ag freagairt Bhriain: b’fhéidir go bhfuil na freagraí i mbliana níos cruinne ná na freagra a tugadh bliain ó shin. Ar aon chuma, tá daoine ann a bhfuil Gaeilge mheasartha acu ach nach bhfuil muiníneach le cainteoirí dúchais mar shampla. Má tá Gaeilge ag 20% den phobal ó dheas – agus creidim go bhfuil – is tús maith é sin gur féidir tógáil air.

  • Seán ÓM

    Sea – titim ó 27% go 20% den phobal le muinín as a gcuid Gaeilge labhartha?
    Taobh istigh de bhliain??
    Agus ardú 57% in go 75% nach bhfuil muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha?
    Taobh istigh de bhliain??

    Nílim cinnte an raibh na huimhreacha anuraidh nó i mbliana ceart nó mícheart – nó cén ceann acu atá nios cruinne ach…..

    Ní féidir leis na huimhreacha as an dhá bhliain le chéile a bheith fíor.

    Tá rud éigin cearr leis an taighde seo