Duine amháin básaithe, 437 cás nua den víreas fógartha

Bhain 62 de na cásanna nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall agus is ann go fóill atá an ráta scaipthe is airde den víreas

Duine amháin básaithe, 437 cás nua den víreas fógartha

Duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 437 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

184 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 46 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 987,681 duine agus an dara dáileog faighte ag 398,072 duine.

Bhain 62 den 437 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

29 cás a bhain le contae na Mí, 21 cás a bhí i nGaillimh agus 14 cás a bhí i gCorcaigh. Sé chás a bhí i Maigh Eo, cúig chás a bain le Port Láirge agus deimhníodh níos lú ná cúig chás i gCiarraí

Meánráta 121 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 288 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 146, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 77 atá i nGaillmh, 74 atá i Maigh Eo agus 71 atá i bPort Láirge. Ráta 41 atá i gCorcaigh agus 30 atá i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an víris. 88 cás nua a deimhníodh ansin.

64 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 912,444 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 347,034.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, inniu: “Tá vacsaín in aghaidh an Covid-19 tugtha ag an tír seo anois do 25% de na daoine fásta atá ina theideal. Ar mhaithe leis an obair atá á déanamh ag an gclár vacsaínithe le cosaint a thabhairt dúinn in aghaidh an COVID-19, tá sé tábhachtach go mbeimis cúramach agus airdeallach. Caithfimid an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint ag an tráth seo. 

“Caithfimid a bheith cúramach ach is féidir linn misneach éigin a bheith againn. An clár vacsaínithe agus a fheabhas agus a chloígh formhór an phobail leis na srianta sláinte phoiblí an eochair a shaorfaidh ón bpaindéim muid sna míonna seo amach romhainn. 

“Mar sin féin má bhítear ag cruinniú le chéile istigh faoi dhíon, agus a leithéid, agus an galar rábach sa tír i gcónaí, cuirfear an dul chun cinn atá déanta i mbaol. Le bhur dtoil leanaigí oraibh ag tabhairt aire dá chéile agus bígí slán sábháilte agus sibh i bhfochair a chéile go sóisialta.”

7,015 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,143 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,874 duine ó dheas di.

366,854 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 247,069 cás ó dheas den teorainn agus 119,785 cás ó thuaidh di.

Tháinig maolú beag ar na srianta inniu faoi phlean an Rialtais. Féadfaidh 25 freastal ar shochraid ón lá inniu ar aghaidh. D’oscail áiseanna spóirt faoin aer amhail cúirteanna leadóige is cúrsaí gailf. D’oscail zúnna agus ionaid oidhreachta faoin aer. Tá cead ag gasúir faoi 15 dul ag traenáil do na spóirt neamhtheagmhála ach gan níos mó ná 15 a bheith in aon ghrúpa. 

Arú amárach a chuirfidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí a gcuid moltaí os comhair an Rialtas. Beidh cruinniú ag NPHET amárach sula gcasfaidh siad le coiste Covid-19 an Rialtais Dé Céadaoin. 

Ag cruinniú Rialtais Déardaoin a shocrófar maolú na srianta sa mBealtaine agus athoscailt ghnóthaí na tíre sa Mheitheamh agus i mí Iúil. Tuairiscítear gur dócha go dtabharfar cead oscailte do na siopaí ar fad sa mBealtaine ach ní cheadófar ar dtús ach an tseirbhís cliceáil agus bailigh. 

Táthar ag súil go mbeidh gruaigeadóirí agus earnáil na tógála ar fad ar ais roimh dheireadh na Bealtaine chomh maith le traenáil faoin aer d’fhoirne spóirt. 

An chéad mhí eile freisin a cheadófar suas le 50 duine ag seirbhís eaglasta ach níl aon athrú i gceist fós ar an 25 atá ceadaithe ag sochraid nó pósadh. Má bhíonn cead do chontae féin a fhágáil ar mhaithe le turas a dhéanamh, is maith an seans go mbeidh cead ag óstáin agus tithe lóistín oscailt sa Mheitheamh, tráth a mbeidh cead bia a chur ar fáil amuigh faoin aer faoi phlean reatha an Rialtais.

Fág freagra ar 'Duine amháin básaithe, 437 cás nua den víreas fógartha'