Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale

Scinneann ‘Baltimore’, scéinséir faoi Rose Dugdale, ar aghaidh ar luas lasrach agus tá cuid de na taispeántais ann ar fheabhas ar fad

Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale

Dúcheist gan réiteach ab ea scéal agus saol Bridget Rose Dugdale.

Ní raibh rath sa ghearrthéarma ar a gairmré mar sceimhlitheoir frith-Chaipitileach, nó mar throdaí frith-Impiriúlach ar son na saoirse. Robáil sí luach £82,000 de phictiúir agus gréithe airgid as teach a tuistí féin i 1973 ach gabhadh í. Rinne sí féin agus Eddie Gallagher, a leannán agus a fear céile ina dhiaidh sin, ruathar i héileacaptar ar Bheairic an RIC ar an Srath Bhán ach níor phléasc na buamaí a chaitheadar.

D’éalaigh sí féin agus Gallagher le luach £8 milliún punt de shaothair ealaíne as Teach Russborough in Eanáir 1974 ach gabhadh ise ina dhiaidh sin agus na pictiúir go léir ina seilbh.

Ba mhaith í Dugdale ag giniúint na gceannlínte. Agus bhí sí breá ábalta an ‘timing’ d’fháil i gceart.  An Luan seo caite a fuair Rose Dugdale bás agus an Aoine bheag seo a fheicfear ar dtús an mórscannán Baltimore, faoi robáil Russborough, ar scáileáin na hÉireann. Beidh na páipéir lán de scéalta fúithi. Níor chaillis riamh bua na tráthúlachta, a Rose.

Ní mheallfadh an teideal Baltimore éinne isteach i bpictiúrlann. Rose’s War a tugadh ar an scannán seo sna Stáit Aontaithe, iarracht beagáinín níos fearr. Tugann sé sin leid éigin dúinn faoi bhunábhar an scéil. Baile iontach stairiúil ar chósta iarthar Chorcaí is ea Dún na Séad. Ach ní cuimhin le mórán an ceangal idir an baile sin agus na pictiúir ag Sir Alfred Beit a robáil  Rose Dugdale agus a díorma Sealadach, fá anáil an óglaigh spadhrúil Eddie Gallagher i 1974.

Is cuma teideal áiféiseach an scannáin anois. Bhain tráthúlacht bhás Dugdale an dearg de leicne an amadáin nó óinsigh margaíochta a cheap Baltimore mar ainm ar an chuid seo dá scéal.

Thug na hÓglaigh na cosa leo le naoi seoid déag ealaíne arbh fhiú £8 milliún iad ó Theach Russborough. Sárshaothair le Rubens, Goya, agus Lady Writing a Letter with her Maid le Vermeer, ina measc. Bhí an ruathar ar bhéal na tíre. B’iontas linn a gcuid dánaíochta. Theitheadar na bithiúnaigh lena gcreach. Fágadh muintir Beit agus a gcuid searbhóntaí sceimhlithe.

Ar an gcéad fhéachaint dom, léim triúr den gcliar ina steillbheatha ar an scáileán chugam. Tá Imogen Poots (Rose Dugdale) agus Tom Vaughan-Lawlor (Domenic) go hiontach.

Ach dá fheabhas iad, d’éirigh le Dermot Crowley sop na geire a chuimilt díobh beirt leis an sárthaispeántas is fírinní a chonac ó aon aisteoir Éireannach, in aon ról tánaisteach, in aon scannán Éireannach ó sháraigh Barry Keoghan an ac chomhoirfidigh in The Banshees of Inisherin dhá bhliain ó shin. Ba ghaisce nach beag an píosa gadaíochta sin is tá ‘Dónal’ Dermot Crowley inchurtha leis.

Seanfheirmeoir baintrí in Iarthar Chorcaí is ea Dónal – comharsa fhiosrach thar claí thigín feirme bhuíon Dugdale. Táid anois dulta i bhfolach in ar chnoic iargúlta Baltimore in iarthar Chorcaí. Smaoinigh ar thigín scoite Sophie Toscan du Plantier agus tá luí ginearálta na tíre agat.

D’fhéadfainn tráchtas a scríobh ar Crowley. Tógann sé an Dónal áirithe seo go mall, céim ar chéim. Go litriúil. Ní anuas ón tseilf  réamhdhéanta a phioc Crowley coiscéim thuata Dónal. Is ó bhlianta fhada breathnóireachta a thagann an truslóg lingeach sin. Saothar a cruthaíodh ón dtalamh aníos atá ann. Lán den débhrí mháistriúil sin a shamhlaítear le seanleads tuaithe ar bheagán acraí. Níor chuir Crowley cos amú. É tomhaiste, eolach, leochaileach, cliste, scanrúil – tour de force cumhachtach ón gcéad fhráma.

‘I thought I saw two lads out behind the house last night,’ arsa Dónal le Dugdale. Féach an mhoill bheag a d’fhág sé ar crochadh ansin idir bréag a freagra siúd – ‘No, I’m alone here…’ agus a aisfhreagra géilliúnach leathamadánta – ‘I must have been mistaken so’.

Tugann an tslítheántacht sna súile le fios go gcreideann sé a mhalairt eile ar fad. Rang aisteoireachta máistriúil ón seanfhondúir oilte.

Ach, cérbh í, cárbh as di, agus conas a leaindeáil Rose Dugdale, banoidhre óg den uasalaicme Shasanach ina ceann feadhna ar aonad leathscoite ón IRA Sealadach i dtús na seachtóidí? B’in an chéad iontas a bhí le míniú dúinn ag Lawlor agus Mulloy.

Sheas Rose Dugdale amach óna treibh féin ón tús. Neamhspleách agus ainrialta ón gcliabhán, in aois a seacht déag, i 1968, ní umhlódh sí mar debutante os comhair na banríona Éilís a Dó i bPálás Buckingham mura ngéillfeadh a tuistí féin (Carrie Crowley agus Simon Coury) go gcuirfidís, in éadan a dtola, go Coláiste Naomh Áine in Oxford í – coláiste aonghnéis do mhná.  Ógbhean a d’fhoghlaim go luath conas cogadh a fhearadh ar a cleas féin – bunaíocht Impiriúil na Breataine.

Le flosc a ghlac an mac léinn Rose le polaitíocht radacach léirsithe sráide 1968. Ach ba é Domhnach na Fola i nDoire a sheol Dugdale isteach i mbarróg mhíleata na Sealadach. B’in a thug uirthi an choiscéim chinniúnach a thabhairt  ó debutante óg drogallach 1968 agus Óglach míthrócaireach 1973. Coiscéim a thug go doras Theach Russborough í, bréagfholt ar a ceann, tuin amaitéarach na Fraince ar a cuid cainte agus aonad armtha Eddie Gallagher folaithe lasmuigh.

D’éalaigh siad as sin go tigín i measc na gcrann ar na bunchnoic sceirdiúla i nDún na Séad, naoi gcinn déag de phlúrshaothair na seanmháistrí ealaíne i mbúit Vauxhall Viva batráilte acu. Ach tharla go raibh seanfhear leathdhall fiosrach ina chónaí ar an bhfeirm béal dorais leo. Mura raibh an radharc go maith ag an bhfear feasa seo, ní raibh puinn cearr lena léamh ar chúrsaí an tsaoil.

Faoi stiúir Lawlor agus Mulloy scinneann an scéinséir Rose Dugdale ar aghaidh ar luas lasrach. Seoid bheag eile í máthair Rose. Ba léir ar dhreach Carrie Crowley nár thuig sí ó thalamh an domhain cad as a bhfuair sí Bridget Rose! B’iontach freisin fearg tharcaisneach Lady Clementine Beit Andrea Irvine, agus pearsanachtaí casta na ngunnadóirí fá cheannas Tom Vaughan-Lawlor.

Sí Rose Dugdale Imogen Poots a iompraíonn formhór mór an aicsin. Comhlíonann sí cuspóir drámatúil an scéil le húdarás, ionracas agus mothúcháin. Ní féidir níos mó a éileamh ó aon aisteoir. Tá súil agam go bhfaca Rose Dugdale féin ‘screener’ den scannán má bhí sí in ann dá leithéid. Bhéarfadh Poots ar ais í go dtí an t-idéalaí óg a chuir a cuid prionsabal roimh chuile rud eile – a leas féin san áireamh.

Agus í sa chúirt i 1973 á cosaint féin ar chúis robála a tuistí, chuir sí a hathair féin fá chroscheistiú.

‘I love you,’ arsa Dugdale, ‘but I hate that for which you stand.’

Ní dona an fheartlaoi an ráiteas sin do Bridget Rose Dugdale.

Solas agus síocháin ar a spiorad réabhlóideach idirnáisiúnta. Agus ar gach éinne a gortaíodh nó a maraíodh de dheasca a gníomhaíochtaí ar son an IRA.

Fág freagra ar 'Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale'

  • WTF

    Grma. Caithfear dul á fhéachaint!

  • WTF

    An scannán is fearr dá bhfaca le fada fada an lá. Na haisteoirí go léir ag baint barr feabhais dá chéile. Ealaín den scoth gach aon phioc de gan trácht ar an bhfuaimrian iontach.