Dualgas teanga le cur ar Uisce Éireann agus breis agus dhá scór comhlacht poiblí eile

Agus uasdátú le déanamh ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla den chéad uair le 13 bliain, tiocfaidh leithéidí Uisce Éireann agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi scáth an achta den chéad uair

Dualgas teanga le cur ar Uisce Éireann agus breis agus dhá scór comhlacht poiblí eile

Tá tús curtha lena aistear i dTithe an Oireachtais le píosa reachtaíochta a chuirfeadh dualgais reachtúla teanga ar leithéidí Uisce Éireann, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána agus tuilleadh nach iad.

Dhéanfadh an reachtaíocht nua, ar aontaíodh sa Dáil an tseachtain seo í a chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, uasdátú den chéad uair le 13 bliain ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Meastar gur breis agus dhá scór comhlacht poiblí a tháinig ar an saol ó rinneadh uasdátú ar an sceideal i mí Bealtaine 2006.

Bunaíodh ceann de na comhlachtaí atá le cur leis an liosta, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre i mí Mheán Fómhair 2006, rud a d’fhág nach raibh aon dualgas reachtúil air maidir le cearta teanga an phobail le breis agus trí bliana déag anuas.

Is minic atá aird tarraingthe ag an gCoimisinéir Teanga ar líon na ngearán ón bpobal nach féidir leis iad a fhiosrú toisc an mhoill mhór le huasdátú sceideal an achta.

Déantar thart ar 100 gearán le hOifig an Choimisinéara gach bliain a bhaineann le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta. Baineann formhór na ngearán sin le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a ndearnadh an nuashonrú is déanaí ar an sceideal.

Bhí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann ar phéire de na comhlachtaí poiblí ia mó a ndearnadh gearáin leis an gCoimisinéir Teanga ina dtaobh le roinnt blianta anuas. Nuair nár tháinig siad faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla áfach, ní raibh sé ar chumas an Choimisinéara na gearáin sin a fhiosrú.

Cé go bhfuil breis agus 160 comhlacht poiblí le cur leis an liosta nua, uasdátú ar ainmneacha comhlachtaí a bhí ar an liosta cheana féin atá i gceist leis an gcuid is mó acu.

Cuirfear TG4 leis an liosta nua, mar shampla, ach tháinig Teilifís na Gaeilge faoi scáth an achta roimhe seo.

Is í an chéad chéim eile don reachtaíocht ná í a chur faoi bhráid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Fág freagra ar 'Dualgas teanga le cur ar Uisce Éireann agus breis agus dhá scór comhlacht poiblí eile'