Dualgas nua ann de réir dlí foirm dhátheangach a chur go dtí daoine atá le bheith ar ghiúiré

Tá an dualgas reachtúil nua tugtha isteach mar chuid de na leasuithe is déanaí ar an reachtaíocht teanga a bhfuil feidhm tugtha dóibh ag Aire Stáit na Gaeltachta

Dualgas nua ann de réir dlí foirm dhátheangach a chur go dtí daoine atá le bheith ar ghiúiré

Beidh dualgas de réir dlí feasta ar an tSeirbhís Cúirteanna foirm dhátheangach a chur amach chuig daoine atá á ngairm chun a bheith ar ghiúiré.

Tá an dualgas reachtúil nua tugtha isteach mar chuid de na leasuithe is déanaí ar an reachtaíocht teanga a bhfuil feidhm tugtha dóibh ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Bhí sé i gceist go mbeadh an chuid sin den acht teanga leasaithe i measc na gcéad mhíreanna a dtabharfaí feidhm dóibh i bhfómhair na bliana 2022, ach níor tharla sin.

Tugadh breis ama don tSeirbhís Cúirteanna lena chinntiú go mbeadh an ghairm chun a bheith ar ghiúiré i nGaeilge agus áis teicneolaíochta nua a bhunú chuige sin.

Go dtí seo i mBéarla amháin a bhíonn an ghairm chun a bheith ar ghiúiré.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go raibh, i ndáiríre, tús curtha leis an ngairm dhátheangach cheana féin de thoradh ar an gcomhoibriú idir an Roinn agus an tSeirbhís Cúirteanna le bliain nó mar sin anuas.

“Mar chuid den chomhoibriú seo, rinne an tSeirbhís Cúirteanna aghaidh a thabhairt ar a chinntiú go raibh a tairseach ghiúiré nua in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus aistriú a dhéanamh ar an bpacáiste giúiré,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Idir an dá linn, tá an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge á bhreithniú ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Ollscoil na Gaillimhe a ceapadh chun tabhairt faoi thaighde d’fhorbairt an phlean náisiúnta. Os cionn 35,000 fostaí i gcomhlachtaí poiblí a ghlac páirt i suirbhé a reáchtáladh chun léargas a fháil ar líon na ndaoine sa tseirbhís phoiblí a bhfuil Gaeilge acu agus faoi na bearnaí a bheidh le líonadh le príomhsprioc na reachtaíochta teanga a bhaint amach – is é sin gur daoine inniúil i nGaeilge a bheidh in 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí faoin 31 Nollaig 2030.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhí freagrach as an bPlean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú agus bhí go dtí lár na míosa seo caite – an 19 Meitheamh 2024 – acu chun an plean a réiteach.

Trí mhí atá ag an Aire Stáit chun an plean a bhreithniú sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Rialtais é. Déanfar an plean a fhoilsiú go luath ina dhiaidh sin.

Is cosúil go nglacfar sa phlean earcaíochta leis an mbrí nua atá á baint ag an rialtas as an reachtaíocht agus leis an maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí amach anseo.

Dé hAoine seo caite cuireadh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh ó bunaíodh é faoi bhráid an Aire Stáit agus an Choimisinéara Teanga.

Bunaithe ar an tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisinéir Teanga tuairisc tráchtaireachta faoi obair an choiste a fhoilseofar laistigh de shé mhí.

Trí mhí eile ón dáta a gcuirfear an plean náisiúnta faoi bhráid an Rialtais, caithfidh an tAire Stáit spriocdháta a leagan síos go mbeidh na seirbhísí poiblí a sholáthraítear sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge agus na hoifigí poiblí ar fad atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Thréaslaigh tAire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne a gcuid oibre leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge agus mhol sé “a ndúthracht” i leith na teanga.

“Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta seo mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach, mar aon le cur lena líon foirne inniúil i nGaeilge i ndáil le sprioc earcaíochta 20% an Achta,” arsa Thomas Byrne.

Fág freagra ar 'Dualgas nua ann de réir dlí foirm dhátheangach a chur go dtí daoine atá le bheith ar ghiúiré'

  • Dónall Mór Mac Billings

    Amaidí den scoth !!! Ní bhíonn suim sna cuairteanna i dtaobh na Gaeilge !!!