‘Dualgas’ ar an Taoiseach ‘níos mó ná samhnas a léiriú’ faoi chás leanaí Thuama

Pléadh cás leanaí Thuama sa Dáil tráthnóna agus ba i nGaeilge a bhí cuid den phlé sin agus ‘Lá na Gaeilge’ ar bun i dTithe an Oireachtais

‘Dualgas’ ar an Taoiseach ‘níos mó ná samhnas a léiriú’ faoi chás leanaí Thuama

Iarradh ar an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil inniu leithscéal oifigiúil a ghabháil thar ceann an Stáit faoi chás leanaí Thuama.

Le linn Ceisteanna na gCeannairí sa Dáil tráthnóna, thug an Taoiseach óráid láidir uaidh faoi chás Thuama agus dúirt sé gur ‘chamber of horrors’ a bhí i láthair an tí máithreacha agus leanaí i dTuaim inar aimsíodh taisí daonna na leanaí.

“No nuns broke into our homes to take our children- we gave them up. We gave them up because of our morbid and perverse pursuit for respectability,” a dúirt an Taoiseach.

I mBéarla a thug an Taoiseach a chéad phíosa cainte uaidh le linn ceisteanna na gceannairí, cé gur Lá na Gaeilge a bhí ann i dTithe an Oireachtais inniu agus go raibh na himeachtaí in ainm is a bheith i nGaeilge.

Ba i mBéarla a chuir ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tús le Ceisteanna na gCeannairí nuair a chuir sé ceist ar an Taoiseach faoi chás Thuama.

I nGaeilge amháin a labhair Piaras Ó Dochartaigh agus i nGaeilge a d’fhreagair an Taoiseach an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

D’iarr Ó Dochartaigh agus Micheál Martin ar an Taoiseach leithscéal oifigiúil a ghabháil faoi chás leanaí Thuama.

Dúirt Piaras Ó Dochartaigh go raibh “dualgas” ar an Taoiseach “níos mó ná samhnas a léiriú” agus gur cheart dó “leithscéal a ghabháil thar ceann an Stáit”.

Dúirt Enda Kenny gur “cinnte” go raibh “ról ag an Stát” sa chás, ach dúirt sé nach raibh faoi cur isteach ar obair an Choimisiúin Fiosrúcháin.

Thabharfadh an Rialtas freagra faoin scéal nuair a bheadh obair an Choimisiúin curtha i gcrích, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé “scannalach ar fad” gur “díbríodh mná amach as an bparóiste”, cuid acu go dtí Meiriceá agus Sasana.

Ba i nGaeilge a bhí cuid mhaith d’Ord Gnó na Dála agus Ceisteanna an Taoisigh agus ina dhiaidh sin agus ina measc siúd a labhair as Gaeilge bhí Enda Kenny, Micheál Martin, Piaras Ó Dochartaigh agus ceannaire pháirtí an Lucht Oibre, Brendan Howlin.

Fág freagra ar '‘Dualgas’ ar an Taoiseach ‘níos mó ná samhnas a léiriú’ faoi chás leanaí Thuama'