Duais in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le bronnadh ag Gradaim NÓS

Údar áthais do bhunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, go bhfuil na gradaim ar ais den chéad uair ón phaindéim agus go mbeidh aitheantas á thabhairt do Rónán Mac Aodha Bhuí ag Gradaim NÓS feasta.

Duais in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le bronnadh ag Gradaim NÓS

Beidh Gradaim NÓS, a bunaíodh in 2015 chun aitheantas a thabhairt do cheoltóirí comhaimseartha na Gaeilge, ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair agus an gradam do ‘Nuatheachtaí na bliana’ le bronnadh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí feasta.

Údar áthais do bhunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, go bhfuil na gradaim ar ais den chéad uair ón phaindéim agus go mbeidh aitheantas á thabhairt do Rónán Mac Aodha Bhuí ag Gradaim NÓS feasta.

“Bhí na Gradaim ar shos beag ó bhí an phaindéim ann ach tá gliondar mór orainn iad a thabhairt ar ais anois.

“Tá an oiread ag dul ar aghaidh i saol an cheoil Gaeilge agus tá sé tábhachtach sin a aithint agus a cheiliúradh. Sin an sprioc atá leis na Gradaim, sin agus daoine a thabhairt le chéile agus muintearas a chothú, rud a bhfuil géarghá leis i láthair na huaire. Tá ról ag an cheol agus ag an chuideachta sa phróiseas sin.”

Dúirt Ó Conghaile, go bhfuil sé “iontach fóirsteanach” go mbeadh gradam do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn á bhronnadh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, fear a thug go leor deiseanna agus spreagadh do cheoltóirí comhaimseartha na Gaeilge.

“Bhí Rónán i gcroílár shaol an cheoil Gaeilge – agus thug sé spreagadh go háirithe do cheoltóirí agus do bhannaí nua – mar sin tá sé ceart agus cuí go mbeadh an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ ainmnithe in ómós dó.

“Chuir sé na Gradaim i láthair cúpla bliain fosta mar sin tá sé iontach fóirsteanach go mbronnfar Gradaim Rónáin ag an ócáid gach bliain as seo amach.”

Tá na rapálaithe as Béal Feirste KNEECAP agus na grúpaí IMLÉ, agus Aeons i measc iarbhuaiteoirí an ghradaim do ‘Nuatheachtaí na Bliana’.

Tá gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar cheann de sheacht ngradam a bheas á mbronnadh ar oíche mhór cheoil sa Blackbox i mBéal Feirste ar an 9 Feabhra.

Painéal moltóirí ó NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí a roghnóidh na buaiteoirí.

Beidh na gearrliostaí do Ghradaim NÓS 2023 á bhfoilsiú ag tús na bliana úire agus na ticéid do Ghradam NÓS ar díol ar eventbrite sa bhliain úr.

Iarrtar ar dhaoine na moltaí atá acu do Ghradaim NÓS 2024 a sheoladh isteach anseo faoin 1 Eanáir 2024.

Fág freagra ar 'Duais in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le bronnadh ag Gradaim NÓS'