Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

Tá fianaise eolaíoch ann anois a léiríonn go bhfuil drochmheas ar chanúintí áitiúla san Ísiltír, rud a bhí a fhios ag ár gcolúnaí le fada an lá

Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

Ceann de na difríochtaí is mó a thug mé faoi deara riamh idir muintir na hÉireann agus muintir mo thíre dúchais, an Ísiltír, ná an meas a bhíonn ag an gcéad dream ar chanúintí áitiúla, agus an drochmheas a bhíonn ag an dara dream orthu.

B’fhacthas dom riamh, nuair a bhí cónaí orm in Éirinn, go mbíodh muintir na hÉireann mórtasach as a gcanúint féin, cuma cén taobh den tír arbh as iad. Béarla nó Gaeilge, bhídís chomh dílis chéanna do chaint a gceantar dúchais agus a bhídis d’fhoireann pheile a gcontae.

Scéal eile ar fad a bhí ann san Ísiltír, áit a gcuirtear fotheidil orthu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu leagan réigiúnach den teanga a labhairt ar an teilifís.

Rinne mo mháthair féin tréaniarracht, nuair a bhí sí óg, fáil réidh leis an mblas iarthuaisceartach ar a cuid cainte. Bhí ranganna foghraíochta i gceist; ach an oiread le mórán daoine as an gceantar arb as di ó dhúchas ní raibh sí in ann an fhuaim ‘sch’ – carn consan atá sách lárnach san Ísiltíris – a rá. (Bain triail as: abair ’s’ na Gaeilge agus ‘ch’ na Gaeilge i ndiaidh a chéile, mar a bheadh foghar amháin ann, agus beidh sé agat.) Ach bhí níos mó ná sin i gceist. Bhí liosta fada focal réigiúnach le ruaigeadh as a cuid cainte aici freisin, mar aon leis an gcaoi a ndéantar na briathra a infhilleadh ina ceantar dúchais.

D’éirigh le hiarracht mo mháthar, agus lena chois sin, chuaigh sí chun cónaithe níos faide ó dheas, i réigiún a bhfuil caint mhuintir na háite i bhfad níos gaire don Ísiltíris chaighdeánach.

Ní dhearna a deirfiúr iarracht fáil réidh lena canúint, agus chaith m’aintín a saol ar fad sa bhaile beag ar tháinig sí féin agus mo mháthair ar an saol ann. An toradh: bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil dhá theanga éagsúla á labhairt acu nuair a bhíonn siad i mbun comhrá lena chéile inniu.

‘Algemeen Beschaafd Nederlands’ – ‘Ísiltíris Ghinearálta Shibhialta’ – a thugtar ar leagan caighdeánach na hÍsiltírise le fada an lá, téarma a thugann le tuiscint nach caint shibhialta aon leagan eile den teanga. Murar leor sin mar léiriú ar dhrochmheas mhuintir na hÍsiltíre ar an gcaint áitiúil, tá fianaise eolaíoch ann anois.

Léiríonn staidéar ó Ollscoil Tilburg i ndeisceart na tíre go saothraíonn daoine a bhfuil blas láidir réigiúnach ar a gcuid Ísiltírise idir a cúig agus a 15 faoin gcéad níos lú, ar an meán, ná daoine a labhraíonn an leagan caighdeánach den teanga. Dar le Jan van Ours, ollamh le heacnamaíocht fostaíochta ag Ollscoil Tilburg, nach bhfuil cúis ar bith eile ann a mhíneodh an bhearna phá sin. “Ní aois, oideachas ná áit chónaithe – sa chathair nó faoin tuath – is cúis léi,” a deir Van Ours sa nuachtán AD.

Fág freagra ar 'Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…'

  • Victor

    Ar fhéinmheas atá tú ag caint i gcás na Gaeilge agus ar idir meas agud féinmheas i gcás na hÍsiltírise. Anois, má tá sé ceart, ceapaim, go bhfuil meas ag na hÉireannaigh ar a gcanúnint dhúchais, agus tá sé sin difriúil le cás na n-Ísiltítigh, tá drochmheas ag na hÉireannaigh ar chanúintí a chéile, thug mé faoi deara. D4, cultchies agus mar sin de, tá’s agat. Bhí comhrá agam le duine i mBÁC a bhfuil cainteoir dúchais ó Dhún na nGall ag a ghasúr ina mhúinteoir Gaeilge agus tagann an gasúr sin ón scoil ag labhairt Gaeilge agus blas iontach Conallach ar a chuid Gaeilge, anois, caithfí áthas a bheith ar dhuine go bhfuil blas dúchasach ar chuid teanga a ghasúir, ach ní raibh mo dhuine sásta, dúirt sé leis an ngasúr gan a bheith ag labhairt mar sin agus cén blas a bheadh ar chuid Gaeilge an ghasúir úd? Blas Bhaile Átha Cliath, is é sin blas Béarla. Agus ní cheapaim gur eisceacht atá an cás áirithe seo. Ní raibh in ann a thuiscint ar feadh tamaill fhada cén fáth nach mbíonn Baile Átha Cliathaigh sásta blas dúchasach a chur ar a gcuid Gaeilge cé go raibh sé de chumas acu. Thuig mé gur mar gheall nach teanga eachtrannach atá sa nGaeilge agus gur “leatsa í”, an manna a chuireann an cainteoir dúchais agus saibhreas na teanga sna dráipéisí, is í an mheas chéanna atá ag na foghlaimeoirí ar bhlasanna agus canúintí dúchasacha agus ar na canúintí Béarla atá á labhairt sna ceantair sin. Drochmheas, is é sin.

  • Breathnóir

    Alt an-spéisiúil. Sna meáin Bhéarla ní léifeá rud ar bith faoi chúrsaí teanga san Ísiltír, seachas b’fhéidir tagairt dó go bhfuil Béarla ag beagnach gach duine ansin, agus nach bhfuil sin iontach mar ciallaíonn sé nach gá don ghnáthBhéarlóir stró ar bith a chur air féin (dar leo).
    Ach ag an am céanna sílim go mbíonn go leor daoine ag caitheamh anuas ar bhlas cainte áitiúil in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá blas D4, le tionchar Meiriceánach, ag leathnú ar fud cuid mhór den oileán.

  • Aodhan: Waste collection

    D’oibir me le fear as an Isiltir agus chonaic me nach raibh meas ar bith aige ar canuainti – Bhi se ag caint faoin ait as a dtainig se agus bhi “blas laidir” ar teanga na ndaoine insna bailti beaga, ag maoimh go raibh siadsan dothuigthe.

  • padraig

    Bionn daoine in Eirinn ag iarraidh fail reidh lena mbarrog ‘ainspianta’ aitiuil chomh maith a Alex, de bharr breag-ghalantacht, coimpleasc isleachta, eiri in airde no eile. Is Bearla Mheiricea a labhraionn formhor an aosa oig anois (go hairithe cailini) agus lea chubhar na habhann imithe ar chuid mhor d’fheiniulacht Bhearla na hEireann le fada an la. Bhi ceann fe ar Joyce fein i ndail lena chuid Bearla, i lathair an tSasanaigh go hairithe. Feach ‘Dubliners’. Bhi maistreacht ag Joyce ar an mBearla ach bhraith se nach raibh an t-earra dilis fonta aige fein i gcomparaid leis an Sasanach agus nach raibh aon ‘bheith istigh’ ceart aige sa Bhearla amhail mar ata ag an Sasanach a bhfuil an Bearla mar dhluthchuid da DNA aige anonn o lagsholas na reamhstaire i leith. Na hEireannaigh sin ar eirigh leo sa saol i Sasana is tuin, meon agus ‘cultur’ Shasana a tharraingaiodar chucu chun dul ar aghaidh sa saol. Iarsmai faonlaga ‘dathannacha’ de Bhearla na hEireann coimeadta acu chun na Sasanaigh a shasamh agus a chur ag gairi (futhu). Wogan agus mo dhuine o Dhroichead na Bandan a ritheann liom go priomha. Is ceist shuimiuil i sin agat a Alex agus is beite dhuinn tuilleadh ple a dheanamh fuithi.