‘Ré órga’ a gheall Donald Trump do mhuintir Mheiriceá Dé Luain, ach ré dhubh – dath na hola – a bhí i gceist aige, dar liom féin.
‘Drill baby, drill!’ an frása ba mhó a mheall m’aird san óráid a thug 47ú uachtarán na Stát Aontaithe uaidh sa Chaipeatól Dé Luain, díreach i ndiaidh dó a mhionnú, agus a lámh ar an mBíobla, go mbeadh aird aige ar an mBunreacht.
Tagairt do shaibhreas ola, gáis agus breoslaí iontaise eile Mheiriceá atá i gceist leis an bhfrása sin gan dabht, mana a bhí in úsáid aige go minic cheana le linn an fheachtais, ach ní féidir a shéanadh gur ráiteas débhríoch é ‘drill baby, drill!’
Ráiteas earótach, fiú amháin – agus d’aon ghnó, ná bíodh dul amú ar éinne.
Máistir-rang sa naircisíocht a thug an Trumpach uaidh sa Chaipeatól Dé Luain agus beidh léachtóirí síceolaíochta an domhain faoi chomaoin aige go deo: as seo amach, agus coincheap na naircisíochta á mhíniú acu dá gcuid mac léinn, ní bheidh orthu ach tagairt a dhéanamh d’óráid insealbhaithe 47ú uachtarán SAM.
‘Tír mhór a dhéanamh de Mheiriceá arís’, ‘níos mó ná riamh’, ‘beidh siad faoi gheasa againn arís’, diúracáin a chur go Mars: sofhriotal a bhí ansin ar fad ar ‘féachaigí ar mhéid mo bhoid’.
Bhí mé féin faoi gheasa go háirithe ag leibhéal na mínáire agus an Trumpach ag iarraidh a chur ina luí orthu siúd sna Stáit nach den chine geal iad gur ar mhaithe leo atá sé.
‘Sochaí a bheidh dall ar dhath, agus bunaithe ar fhiúntas’ a d’fhógair sé – rud a bheadh go hiontach ar fad dá mba rud é nár dhlúthchuid de stair na Stát iad an slad a rinneadh ar na bundúchasaigh, an sclábhaíocht, cinedheighilt oifigiúil go dtí na 1960idí agus fadhb ollmhór an chiníochais a leanann ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann.
Is éard a d’fhógair Trump dáiríre, agus ná cuireadh sé an dubh ina gheal ar éinne, ná sochaí a bheadh dall ar stair agus ar fhulaingt na Meiriceánach de dhath agus ar na laincisí stairiúla a bhí ar na pobail sin iad féin a fhorbairt – i bhfocail eile, an ‘fiúntas’ a bheidh á éileamh sa tsochaí Thrumpach a bhaint amach.
Beidh an tsochaí Thrumpach dall ar éagsúlachtaí eile, leis. Ní bheidh i Meiriceá feasta ach dhá inscne, fir agus mná, a d’fhógair Trump i ráiteas a chuir deireadh thar oíche leis an dul chun cinn a bhí déanta ag cearta trasinscneacha agus ag an bpobal LADT+ i gcoitinne sna Stáit le blianta beaga anuas.
Scéin a chur sna comharsana béal dorais agus sa chuid eile den domhan cuspóir shliocht eile san óráid insealbhaithe, shílfeá. Canáil Phanama a thógáil ar ais, ‘Murascaill Mheiriceá’ a thabhairt ar Mhurascaill Mheicsiceo feasta, táillí a ghearradh ar thíortha a dhéanann gnó le SAM, ‘ár limistéar a mhéadú’, ‘na Réaltaí agus na Straidhpeanna a thabhairt chuig críocha áille nua’ … Bhí sé de bhéasa nó de stuaim ag Trump gan tagairt don Ghraonlainn agus do Cheanada go díreach, ach níl amhras ar bith orm féin céard iad na ‘críocha nua áille’ a bhí i gceist aige. Ó, is ea, agus Mars.
Agus seo á scríobh, tá pardún tugtha ag an gcoirpeach ciontaithe a atoghadh ina uachtarán do 1,500 coirpeach a rinne ionradh ar an gCaipeatól ceithre bliana ó shin; tá Meiriceá ag tarraingt amach as conradh aeráide Pháras agus as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO); tá éigeandáil gairthe ar an teorainn theas ionas gur féidir an t-arm a úsáid i gcoinne ‘ionradh’ inimirceach.
Gan dabht beidh raidhse orduithe, forógraí agus mórathruithe polasaí eile chugainn as seo go ceann cúpla seachtain; ní raibh ina bhfaca muid Dé Luain ach an tús.
An ligfidh an chuid sin de mhuintir Mheiriceá nár thug vóta don Trumpach i mí na Samhna don 47ú uachtarán sochaí a thógáil atá dall ar an stair, dall ar éagsúlachtaí inscne agus eile agus dall ar an olltubaiste aeráide atá ag druidim linn?
Ag ócáid an insealbhaithe, thug an t-iaruachtarán Joe Biden agus (go háirithe) an t-iar-leasuachtarán Kamala Harris an-sampla do na Meiriceánaigh sin a gcuirfeadh an aisling Thrumpach drithlíní déistine lena ndroim. Ní hionann agus mórchuid na ndaoine a bhí i láthair sa Chaipeatól Dé Luain, d’fhan siad ina suí, cosa trasna ar a chéile, agus bualadh bos á thabhairt don naircisíoch mór.
Gan dabht beidh níos mó ná sin ag teastáil agus dlíthe, cearta daonna, an bunreacht agus an daonlathas féin á dtástáil amach anseo, ach thug an dínit a bhí le feiceáil ar aghaidh Kamala Harris le linn an taispeántais ar fad ardú meanman dom – sin, agus an gáire ar aghaidh an iaruachtaráin Bill Clinton nuair a theip ar an gcóras fuaime agus Carrie Underwood ar tí tabhairt faoi ‘America the Beautiful’.
Fág freagra ar '‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump'