‘Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan, dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an inse…’

Seo cur síos ar Lá an Dreoilín i nDún Chaoin sa chéad leath den chéad seo caite

‘Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan, dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an inse…’

Is dócha go bhfuil Mardi Gras an Daingin, Lá an Dreoilín, fé lán tseoil agus tú á léamh seo. Níl na ‘dreoilíní beaga’, na grúpaí beaga a bhíodh ag gabháílt ó thigh go tigh in Iarthair Duibhneach chomh hiomadúil is a bhí, cé go bhfuil fo-cheann fós ann. Seo cur síos ar Lá an Dreoilín i nDún Chaoin sa chéad leath den chéad seo caite, a bhailigh Máire Mhaidhc Léan Ní Ghuithín, ón mBlascaod Mór, ó bhéal-aithris Shéamais Bhig Uí Lubhaing, (mo shin-seanathair), ó Bhaile an Ghleanna, in Eanáir na bliana 1947 (CBÉ 1088:145-50). Is ón leabhar Timcheall Chinn Sléibhe, le Seán ‘An Common Noun’ Ó Dálaigh, ó Bhaile Bhiocáire, na sleachta idir lúibíní cearnacha.

Ní bhíodh aon bhia suaithinseach riamh aige’s na daoine Lá ‘le Stiofán, nó Lá an Dreoilín fé mar thugaimid sa cheantar so air. Ní ití feoil an lá seo, cuing é seo a chuireadh na seandaoine orthu féin chun go mbeadh an tigh saor ó fhiabhras agus ó aicídí na bliana.

Bhí comórtas ag éanlaith an aeir, an t-éan ab aoirde, raghadh a bheith mar rí ar an gcuid eile. Ach bhí fiolar ag fáilt an lae ar an gcuid eile.  B’é an dreoilín an t-éinín ba laige, agus nuair a chonaic sé an fiolar ina mháistir ar an gcuid eile agus ag cur do anáirde fuair sé féin caoi éigin agus d’éalaigh sé isteach fé sciatháin an fhiolair agus lig sé dóibh bheith ag éiriú san aer, agus é féin ina thost fé sciatháin an fhiolair, agus gan aon bhrath ag an bhfiolair air.

Ansan nuair a bhí cúrsa an lae d’obair aige’s na héanlaith d’iarraidh dul chun cinn san aer anairde, bhí gach éan ag gearán agus ag fuarchás agus ag ceiliúr ná fhéadfaidís dul níos aoirde ná a ndícheall. Agus le hacmhainn agus le neart an fhiolair chuaigh sé os a gcionn ar fad. Dúirt sé ansan de ghuth ard gurb é féin rí na n-éan anois, mar gurb é b’uachtaraí anairde. Nuair a chuala an dreoilín guth an fhiolair agus é ag déanamh rí do féin, sin é nuair a d’éirigh sé amach ó sciathán an fhiolair. ‘Deirim-se,’ arsa an dreoilín ‘nach tú rí na n-éan ach mise mar táimse os do chionn anairde.’ Thit an lug ar an lag ag an bhfiolar le mídhóchas agus bhí sé ag titim anuas riamh agus choíche go dtí gur deineadh crústa marbh anuas ar an dtalamh do. Sin é an chúis go ndeireann buachaillí an dreoilín – ‘Dreoilín, Dreoilín, Rí na nÉan’, agus is le honóir don Dreoilín go siúlann siad gach tigh Lá le Stiofán agus go seinneann siad ceol le mórtas agus le hómós don Dreoilín de dheascaibh gurb é rí na n-éan é. Agus sin é an taispeántas atá ó shin ó ghlúin go glúin dá thabhairt do agus a bheidh go deo.

Bhíodh ciarsúir ar a gcinn agus ar a gcionnatha acu dá gcur féin ó aithint na ndaoine. Bhíodh caipíní geitirí ar chuid acu, chuireadh cuid eile acu meigeall gabhair chuchu, nó dhá eireaball  coinín ceangailte do na chéile acu. Dheinidís meigeall do ruaimneach capaill leis. Bhíodh láir bhán acu, dheinidís féin d’adhmad í, agus éinne ná bíodh go maith dóibh chuiridís ag raideadh í agus ag bualadh na ndaoine. Bhíodh bairlín n ar an láir acu. Bhíodh teanga d’adhmad tanaí ina béal acu agus í dathaithe  acu. Bhíodh róipín ceangailte acu thíos ar a caibín agus chuireadh sé an béal íochtair ag bualadh ar an mbéal uachtair. Bhíodh sí ag iamh agus ag oscailt a béil agus bhíodh an té go mbíodh sí ar a dhrom aige, bhíodh sé dá cur os cionn na ndaoine anairde riamh agus coíche go mbeireadh sí ar chluas orthu. Spórt dob ea é seo a bhíodh ag na cleasaithe seo.

Ní bhíodh aon mhná sa dreoilín i dtosach an tsaoil ach téann cailíní óga ann anois gléasta in éadach fir chun lá seoigh agus cuileachtan a bheith acu. Ach riamh ón uile shaol bíonn fear spóirt áirithe déanta suas i gculaith óinsí, an óinseach a thugtar air, agus fear déanta suas i gculaith amadáin. Is ar dhrom an amadáin a bhíodh an láir bhán agus is ag an óinsigh a bhíodh sparán mór an airgid. An sparán déanta go breá aici do mhála mór garbh.

Bhíodh maide mór fada adhmaid acu, agus cárta cruaidh páipéir ceangailte air, nó uaireanta eile bhíodh an cárta so ina adhmad agus an rann seo scríte air:-

‘Dreoilín, Dreoilín, Rí na nÉan,
Dreoilín a fuaireas-sa thíos ar an inse,
Istigh fé charraig agus carbhat síoda air,
Thugas-sa chugaibhse é, lánúin an tí seo,
Agus má thugann sibh onóir na Féile dom’ Dhreoilín
Le bhur lámha do shíneadh,
Go mbeire an bhliain fé mhaise agus fé áthas arís oraibh.’
Bhíodh an cárta so sínte anairde ag an bhfear a bhíodh dá iompar os cionn na ndaoine, agus é féin dá ghabháilt agus saghas fonn aige uirthi a cheapfadh sé féin.
[‘Siúd é mo dhreoilínse, Fuaireas in Inse, i dtor cuilinn faoi ribíní síoda.
Éirigh i do shuí, a bhean an tí, Is tabhair chugainn ubh na circe duibhe,
Tá thíos i nead i leabaidh thuí.’
Chloisfeá uair eile an rann seo á chanadh acu:
Dreoilín, dreoilín, A thugamar chugatsa, a mháistreás, ag súil le leann is ní le harán,
Ach d’fhonn an nós a bhíodh inár ndúiche a choimeád, i gcomhair Lae San Stiofáin.’

Agus féachann dradaire beag garsúin ná bíonn thar aoirde do ghlúin ann, go clóchasach ar an ndreoilín agus deireann sé leis uaidh anairde: ‘A dhreoilín, a dhreoilín, Is a rí na n-éan, Is mór é do mhuirín, Agus is beag é tú féin.’]

Bhíodh an dreoilín ceangailte anairde acu ar bharra cleithe agus é beo. Agus théadh an fear a bhíodh dá iompar chun tosaigh rompu ag tabhairt ómóis don Uachtarán – an Dreoilín.

Gheibhidís an dreoilín an oíche roimh ré fé bhundlaigh na dtithe tuí, ach anois faigheann siad ina gcodladh iad, sna gleannta, sna clathacha nó sna toir. Bíonn tuargaint cheart acu dá lorg i rith an lae roimh lá’n dreoilín. An dreoilín a bhíonn acu i gcónaí. Chaithidís uathu an chleith agus an dreoilín nuair a bhíodh an lá imithe. 

[onn dhá lá sa mbliain ag an ndreoilín céanna – Lá Nollag á fhiach, agus lá an dreoilín – an lá tar éis Lá Nollag – á onórú. Ní mór gur mhair aon dreoilín riamh a thug lá an dreoilín go léir i mbarr cleithe, mar bíonn sé scanraithe ag amhráin agus gleo na ngarsún á ardú leo in airde ar bharr cleithe ó bhaile go baile agus ó thigh go tigh. Is é an lá mífhortúnach dó an lá céanna sin.]

Théidís ó thigh go tigh ar an mbaile gurb as iad ar dtús. Ní théidís i dtithe go mbíodh búir mhór caillte iontu an bhliain sin, mar bhíodh fhios acu nár mhaith leis na daoine sin ceol, ná rince, ná amhránaíocht, ná tiomáint an lae sin. Is de shiúl a gcos a théidís ó bhaile go baile. Bhíodh píopaí acu sa tseana-shaol agus d’athraíodh ansan go dtí orgáin béil agus melójans sa lá tá inniu ann.

De réir ghustail na ndaoine a gheibhidís sintiús airgid- 2/6, 2/-, 1/- agus réal, gheibhidís bia agus deoch leis. Agus iad ag fágaint gach tí deiridís an paidir Ár n’Athair atá ar Neamh. Ghuídís chun Dé do mhuintir an tí iad a bheith seacht n-uaire níos fearr ar theacht don mbliain an dtaca seo aríst fé chuid, fé chabhair i sláinte chóganta. Níor mhaith le leanaí óga lucht an dreoilín, bhíodh eagla acu rompu.

Nuair a bhíodh cnuasach an lae ar fad bailithe acu chuiridís a gcomhairle le chéile agus sé rud a cheapaidís ná oíche cheoil agus scléipe agus rince agus deoch a bheith acu.

Bhíodh lucht an dreoilín ag rith lena chéile d’iarraidh an fhir mhaith a ghábhailt ar a chéile mar an chéad dream a ghaibheadh amach i nDaingean Uí Chúise, théidís go dtí Tiarna Fionn Trá san am san a bhí ina chónaí ann agus gheibheadh an chéad dream £5, an darna dream £3 agus an tríú dreoilín £2, agus as san amach chuireadh sé glas ar an gcófra agus ní thugadh sé ‘n fheoirling rua d’éinne acu. Gaelainn bhinn a dteanga, i gcónaí, sa dreoilín.

Sa Bhlascaod Mór chomh fada agus tá cuimhne agam féin, lastaí coinneal ar fhuinneog na cistine oíche Naomh Stiofán, agus d’fhágtaí ar lasadh go maidin í ar shon Naomh Stiofán, ar shon fiabhrais agus aicídí na bliana a choimeád ón dtigh agus ó mhuintir an tí seo.

Fág freagra ar '‘Dreoilín, dreoilín, Rí na nÉan, dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an inse…’'

  • Tomas

    ‘buir mhor’ caillte iontu=’puir mhor’?……rud eigint bunoscionn leis an abairt sin
    ‘an phaidir’……
    Nior eirigh liom ‘slainte choganta’ a aimsiu in aon fhocloir? Cad is bri leis?