Dráma nua Gaeilge i lár an aonaigh ag seoladh Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Deir údar BAOITE Darach Mac Con Iomaire gur gá go ndéanfaí coimisiúnú i bhfad níos ‘rialta’ ar dhrámaí Gaeilge

Dráma nua Gaeilge i lár an aonaigh ag seoladh Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Bhí an dráma Gaeilge nuascríofa BAOITE le Darach Mac Con Iomaire, léiriú de chuid na Taibhdheirce a choimisiúnaigh Amharclann na Mainistreach, mar chuid de sheoladh Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Léireofar an dráma den chéad uair sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe le linn na féile sin i mí Iúil agus táthar ag súil gurb é an chéad dráma Gaeilge le blianta fada ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin.

Is iad Amharclann na Mainistreach a rinne coimisiúnú ar BAOITE agus beidh sé á chomhléiriú ag An Taibhdhearc agus Amharclann na Mainistreach d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe a bheidh ar siúl idir an 12-22 Iúil.

Seolfar BAOITE arís anocht n óstán an Meyrick in nGaillimh mar chuid d’ócáid sheolta na Féile Idirnáisiúnta sa chathair sin.

Seoladh clár na Féile Ealaíona go hoifigiúil ag an ócáid a bhí ar siúl aréir in Óstán an Clarence i mBaile Átha Cliath.

Bhí ionadaithe i láthair ó Amharclann na Mainistreach agus ó Thaibhdhearc na Gaillimhe, chomh maith le scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir an dráma, Darach Mac Con Iomaire agus beirt de na haisteoirí a bheidh in BAOITE, Macdara Ó Fátharta agus Seán T. Ó Meallaigh.

Is iad an bheirt aisteoirí eile a bheidh sa dráma ná Siobhán O’Kelly agus Diarmuid De Faoite agus an t-ealaíontóir clúiteach as Inis Mór, Seán Ó Flaithearta a bheas i mbun dearaidh.

Scéinséir é BAOITE faoi lánúin iascaireachta atá sáite in agóid in aghaidh comhlacht idirnáisiúnta fraiceála mara.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Darach Mac Con Iomaire gur údar misnigh dó “an phróifíl” a bhaineann le coimisiún ó Amharclann na Mainistreach ach go bhfuil gá le tuilleadh coimisiún a thabhairt do dhrámaí Gaeilge.

“Tá an coimisiún seo ón amharclann náisiúnta thar a bheith tábhachtach, ní hamháin dom féin ach do dhrámaíocht na Gaeilge freisin.  Tugann sé misneach dom ach ní leor é seo as féin ar ndóigh,” ar sé.

Dúirt Mac Con Iomaire gur gá go ndéanfaí coimisiúnú i bhfad níos “rialta” ar dhrámaí Gaeilge agus go mbeadh scríbhneoirí Gaeilge á bhfostú ag Amharclann na Mainistreach le drámaí Gaeilge a scríobh.

“Teastaíonn go leor drámaí nua ar ardchaighdeán – ar a laghad trí nó ceithre mhórdhráma sa bhliain – le go mbeadh muid in ann bunchloch a leagan i dtaobh lucht féachana de,” ar sé.

Dar le Mac Con Iomaire go bhfuil “buiséad ceart” ag teastáil le drámaí Gaeilge “ar ardchaighdeán” a chruthú “a bheadh ar comhchaighdeán nó níos fearr ná drámaí i mBéarla, nó in aon teanga eile”.

Dúirt stiúrthóir BAOITE go bhfuil “dúshlán mór millteach roimhe” agus an dráma á thabhairt chun stáitse aige ach go bhfuil “cliar iontach” páirteach ann agus go bhfuil sé ag súil le tús a chur leis na cleachtaí.

Thug sé le fios gurb é ceann de théamaí móra an dráma “an nós a bhíonn sa tír seo gan tada a rá” agus “gan milleán a ghlacadh ariamh”.

Deir Mac Con Iomaire go dtugtar “léargas réalaíoch” sa dráma ar shaol comhaimseartha na tuaithe agus na Gaeltachta agus gur scéal é “faoi ghnáthdhaoine ar gá dóibh cinntí tromchúiseacha a dhéanamh agus iad faoi bhrú”.

– Tá ticéid ar fáil do Baoite anseo  

Fág freagra ar 'Dráma nua Gaeilge i lár an aonaigh ag seoladh Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe'