Dos na lachain agus lucht scríbe is fearr an tSraith Náisiúnta Peile go dtí seo…

D’aithneofá ón ngeáitsíocht agus ón ndul a bhí ar chuid mhaith imreoirí inné agus tráthnóna Dé Sathairn gur fada leo go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir…

Dean Rock le Mark Griffin. Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan
Dean Rock le Mark Griffin. Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

N’fheadar, tar éis imirt na deireadh seachtaine sa tSraith Náisiúnta Peile, an bhfuil aon cheann de na mór-cheisteanna freagartha ach tá a fhios againn an méid seo; is í an aimsir an máistir an t-am seo den mbliain.

Taobh amuigh de chluiche an tSathairn i bPáirc a’ Chrócaigh, d’fhág speach dheireanach an gheimhridh a rian ar an uile chluiche a imríodh ar fud na tíre agus ainneoin tréan iarrachtaí phlúr na n-imreoirí, chuaigh dóibh aon chaid chóir a imirt sa doineann.

Tá Lá Fhéile Bríde tagtha agus Anfa Annraoi lena cois agus más fíor do lucht tuartha na haimsire, beidh sé ina shleaidí arís do bhabhta 2 an deireadh seachtaine seo chugainn.

Sa chás san, b’fhearr do chuid des na himreoirí fanacht aige baile.

D’aithneofá ón ngeáitsíocht agus ón ndul a bhí ar chuid mhaith imreoirí inné agus tráthnóna Dé Sathairn gur fada leo go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir agus aoinne ná fuil meáite ar luí amach air féin go huile is go hiomlán i dtús an earraigh, níl aon ghnó aige ag iarraidh dhá phointe sraithe a ghnóthú lena fhoireann.

Tóg, mar shampla, beirt de shárimreoirí na bliana seo caite – Shane Enright agus Aidan O’Shea. Ainmníodh iad ar aon ar fhoireann Réaltóga na Peile 2015 agus, pé acu an neamhshuim nó easpa aclaíochta nó neafaiseacht é, ní rabhadar chun a lámha a shailiú ina gcluichí i bPáirc a’ Chrócaigh agus Páirc Uí Rinn faoi seach.

Tarlaíonn san agus ní dócha, nuair a thiocfaidh sé chuige, go mbeidh thiar ar aoinne den mbeirt acu sa chraobh níos déanaí sa bhliain.

Ach tógaimis beirt imreoirí eile mar shampla – Paddy Andrews agus Paul Kerrigan. Beirt iad seo a bhí ag imirt ar na paistí céanna den ngort a bhí á dtreabhadh ag Enright agus O’Shea. Chaithfeadh go bhfuil Paddy Andrews ábhairín gortaithe gur fágadh é féin gan aon ghradam pearsanta tar éis dó an bhliain is fearr a bhí riamh i ngeansaí Átha Cliath a bheith anuraidh aige.

Gan dabht tá bonn Uile Éireann ag Andrews tar éis a shaothair ach ainneoin a bhfuil sa bhéarlagair faoi spriocanna coiteanna ag imreoirí, is ainmhí aonair gach duine acu leis agus is maith linn go léir an t-aitheantas pearsanta anois is arís chomh maith. Thosnaigh Andrews an bhliain 2016 mar a chríochnaigh sé anuraidh agus má leanann sé air agus an giúmar seo air, beidh sé deacair na gradaim a cheilt air féin agus ar a fhoireann arís i mbliana.

Dála Andrews, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Paul Kerrigan meáite ar fheachtas fónta earraigh a chur isteach le foireann Chorcaí. Beidh Kerrigan tríocha bliain d’aois faoi dheireadh na bliana seo agus tar éis geall le deich mbliana dá shaol a chaitheamh i ngeansaí Chorcaí, níl faic dá bharra aige. Bhí sé i gceann an tslua i gcraobh Chorcaí agus i gcraobh na Mumhan lena chumann Raonaithe Nemo i ndeireadh na bliana seo caite ach, arís, ní bhfuair sé toradh a shaothar. Bhí an géarú goile a bhaineann lena leithéid de dhíomá le feiscint ina thaispeántas i bPáirc Uí Rinn inné agus beimid ag súil le bliain mhór ó Kerrigan i mbliana.

Shane Nally, Jason Gibbons le Mark Collins (Corcaigh). Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Shane Nally, Jason Gibbons le Mark Collins (Corcaigh). Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Cad eile atá foghlamtha againn ó bheith ag féachaint ar imreoirí á n-iomlasc féin sa phluda in áiteanna ar nós Cill Tuama, Iúr Chinn Trá, Port Laoise agus san Ómaigh?

Tá a fhios againn go bhfuil Muineachán chomh righin stubarnálta is a bhíodar sa tsraith anuraidh agus más aon slat tomhais a ndíograis agus a ndúthracht, beidh Ros Comáin in ann pointí sraithe a bhreith leo gan choinne chomh maith ach comhairle a chur ar a mbáideoir, Darren O’Malley, gan bheith ag iarraidh buachtaint ar an aimsir i mí Feabhra.

Beidh sé deacair ar chontae an Dúin na pointí sraithe céanna a chnuasach má leanann siad orthu mar a bhíodar Dé Sathairn ach tá Dún na nGall lán de cheol cheana féin. Ní dhéanfaidh sé aon díobháil dóibh go bhfuair imreoirí ar nós Michael Murphy, Paddy McBrearty, Leo McLoone agus Ryan McHugh sos maith i gcaitheamh an gheimhridh agus lena bhfeachtas craoibhe ag tosnú ábhar beag níos déanaí ná blianta eile, is fiú súil a choimeád orthu sa tsraith ag 6/1.

Cé go raibh contae Laoise bocht go maith i bPort Laoise inné, cúis mhisnigh don nGaillimh é go bhfuil buaite acu ar fhoireann a bhíodh ag fáil an lámh in uachtar orthu le blianta beaga anuas. Léas dóchais eile é go bhfuil Damien Comer agus Adrian Varley ag tabhairt dánaíocht agus scrothaíocht a mblianta faoi aois thar tairseach isteach go leibhéal na sinsear leo.

Beidh Tír Eoghain chucu i Staid a’ Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo chugainn agus más áil leis an nGaillimh bheith áirithe i measc na bhfoirne móra, luath nó mall, is é a leithéid seo de dhúshlán a chaithfear a shárú.

Scéal eile ar fad é dúshlán na haimsire ach tabhair faoi ndeara an tráth seo den mbliain i gcónaí go mbíonn an lá leis an té a thuigeann nár tháinig stoirm riamh gan báisteach ina dhiaidh.

Dos na lachain agus lucht scríbe is fearr é!

Fág freagra ar 'Dos na lachain agus lucht scríbe is fearr an tSraith Náisiúnta Peile go dtí seo…'

  • padraig

    ‘Bhí an géarú goile a bhaineann lena leithéid de dhíomá le feiscint ina thaispeántas i bPáirc Uí Rinn inné agus beimid ag súil le bliain mhór ó Kerrigan i mbliana.’
    Is é Kerrigan an captain leis i mbliana, rud a chuireann na smóilíní ag sclimpireacht ina chroí a déarfainn is a rá gur fear maith ceannródaíochta ab ea a athair roimhe maille leis. An tsúil eile a bheidh in airde ag na himreoirí agus iad ag lupadaíl lapadáill sa bhogach ná go mbíonn ‘cothú na soininne sa doineann’ b’fhéidir le Dia! Ní bhraitheann tú uait anois é mar chluiche mo thuairim.

  • Concubhar

    An bhfuil tú tar éis Craobh na hÉireann 2010 a ligint i ndearmad, a Dhara. Bhí Paul Kerrigan ina cheannaire ar an bhfoireann buach sin…. Tá sé sort dána mar sin a thabhairt le fios nach bhfuil faic aige de thoradh a dheich bhliain i ngeansaí Chorcaí. Ar ndóigh is dócha go bhfuil sé éasca ag Ciarraíoch craobh Uile Éireann fánach a ligint i ndearmad – ach ní go saoráídeach a ghnóthaítear iad i gCorcaigh…..

  • alan

    Aaa ní bhraitheann an sách an seang.