‘Doras’ McHugh oscailte don 28 scoil sa Ghaeltacht nach spéis leo stádas scoil Ghaeltachta

Tá an tríú cuireadh le tabhairt ‘go gairid’ don 28 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht ach nár léirigh spéis in aitheantas mar scoileanna Gaeltachta

‘Doras’ McHugh oscailte don 28 scoil sa Ghaeltacht nach spéis leo stádas scoil Ghaeltachta

Tá an Roinn Oideachais fós ag iarraidh an 28 scoil Ghaeltachta nach bhfuil suim acu i stádas mar scoil Ghaeltachta a mhealladh.

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios sa Dáil tráthnóna inné gur cuireadh litir eile chuig na scoileanna sin le déanaí ag meabhrú dóibh na “buntáistí” a bhaineann le haitheantas Gaeltachta faoi scéim na Roinne. Dúirt sé chomh maith go mbeadh cigirí ag tabhairt cuairt ar an 28 scoil chun “buntáistí” na scéime aitheantais a phlé leo.

Dúirt an tAire go dtabharfaí deis fhoirmeálta eile “go gairid” don 27 bunscoil agus iarbhunscoil amháin a dhiúltaigh faoi dhó anuraidh do chuireadh páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta 2017-2022.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh díomá uirthi nach raibh aon anailís déanta ar cén fáth nach raibh 28 scoil sa Ghaeltacht oifigiúil sásta a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta.

Dúirt an tAire McHugh go raibh an “doras oscailte” i gcónaí do na scoileanna sin agus go raibh sé féin ar fáil má bhí “imní” ar aon scoil nó ar aon phobal faoi aitheantas Gaeltachta a lorg.

Ní raibh faoin Aire, a dúirt sé, “bata mór” a úsáid chun dul i bhfeidhm ar na scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta ach bheadh sé féin agus lucht a Roinne ar fáil chun “comhairle” a chur orthu.

Ba é an 31 Eanáir 2018 an chéad sprioc le cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin bpolasaí nua. Chuir 106 den 133 bunscoil agus 27 den 28 iarbhunscoil atá sa Ghaeltacht isteach ar aitheantas Gaeltachta roimh an dáta sin. 

Tugadh síneadh ama, go dtí an 1 Meitheamh, don 28 scoil eile sa Ghaeltacht iarratas a dhéanamh ach níor thapaigh siad an deis sin ach oiread spéis a léiriú i stádas scoil Ghaeltachta. Is é Coláiste Pobail Acla an t-aon iarbhunscoil nár léirigh suim sa scéim aitheantais agus i nGaeltacht Mhaigh Eo is mó a bhí bunscoileanna nár léirigh spéis a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta. 1o mbunscoil sa chontae sin a chinn gan tabhairt faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. Naoi gcinn de bhunscoileanna i nGaeltacht na Gaillimhe agus sé bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall a shocraigh gan stádas Gaeltachta a lorg ná múnla tumoideachais an pholasaí nua a chur i bhfeidhm. 

Thoiligh gach scoil i nGaeltacht na Mumhan a bheith páirteach sa scéim aitheantais.


Na scoileanna nár léirigh spéis sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta 2018

 

Fág freagra ar '‘Doras’ McHugh oscailte don 28 scoil sa Ghaeltacht nach spéis leo stádas scoil Ghaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Léiríonn an intinn seo ag Joe Mc Hugh a laghad tuisceana is atá aige ar Polasaí Nua Oideachais Ghaeltachta. Ba mhaith an smaoineamh go mbeadh aitheantas Gaeltachta ag scoileanna bunaithe ar pholasaí , ar chleachtas agus ar iompar teanga na scoile, seachas a bheith bunaithe ar a bheith lonnaithe taobh istigh dena teorannacha áiféiseacha oifigiúla na Gaeltachta. Do réir na dteorannacha sin tá níos mó daoine sa Ghaeltacht oifigiúil in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe ná mar atá i gConamara Theas!

    In áit a bheith ag cur brú ar na scoileanna nár iarr aitheantas Gaeltachta, ba chóir ionracas na scoileanna sin a aithint. Bheinnse níos buartha faoi na scoileanna a chuir isteach ar aitheantas nach bhfuil lonnaithe i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge in usáid agus i scoileanna le múinteoirí nach mbeadh ar a gcumas comhrá simplí a choinneál suas i nGaeilge, gan trácht ar ábhar scoile a mhúineadh tré Ghaeilge. An mbeidh ‘cur i gcéill’ ar bun sna scoileanna sin faoin scéim seo? Má bhíonn bainfear an maitheas as an bPolasaí Oideachais Ghaeltachta.

  • Breathnóir

    Tá Ráthún sa Ghaeltacht ?!?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá agus Tirellan! Tá sé thar am do dhaoine a bheith ‘Dearg le Fearg’ faoin ‘Cur i gCéill’ atá ar bun ag Roinn na Gaeltachta. a choinníonn aitheantas Gaeltachta le cuid mhaith le Chathair na Gaillimhe agus ní don chuid is mó ina bhfuil Gaeilge á usáid. Cuireann seo gach rud as riocht faoin nGaeltacht gan chaint ar an airgead atá le caitheamh ar Phleanáil Teanga sna ceantair seo amhail is gur ceantair iad ina bhfuil an Ghaeilge á usáid i measc an phobail.